Top Issue 1-2024

11 April 2016 Edition

Resize: A A A Print

Réalta an Phoblachtánachais

Laochra dearmadta tugtha chun cuimhne ag na comórthaí

• Ag an uaigh i Santa Clara le duine de shliocht Martin Murphy, Carol Stephenson

Is léir mar sin go raibh tionchar nach beag ag poblachtánaithe na hÉireann ar fud na cruinne agus tábhacht dá réir ag baint lena scéalta

OIDEACHAS ann féin é dul thar sáile i gcomhair comórthaí na Cásca. Bhí de phribhléíd agamsa dul go San Franciscoi mbliana agus fad is a bhí mé ann d’fhoghlaim mé faoi bheirt laoch poblachtánach a bhféadfaí ‘Blockbuster’ den chéad scoth a dhéanamh as na scéalta a bhaineann leo, ach muintir Hollywood a fháil ar bord!

Ní minic a chríochnaíonn fear a bhí bainteach le grúpa poblachtánaithe a bhriseadh amach as príosún suas ina cheannaire gárdaí é féin. Ach, is mar sin a tharla le Thomas Desmond. Agus, ní ba spéisiúla fós b’fhéidir ná go raibh beirt ‘Sherriff’ reatha i láthair go h-oifigiúil ag comóradh San Francisco i mbliana le h-aitheantas a thabhairt do Desmond ag an ócáid.

Rugadh Thomas Desmond i gCóbh, Co. Chorcaí in 1838. Chuaigh sé go Meiriceá in 1854 agus gan é ach sé bliana déag. Throid sé sa gCogadh Cathardha ar son na haontachtaithe agus as sin go San Francisco leis, áit ar déanadh leas Sirriam (Deputy Sherriff) dó.

Bhí Desmond gniomhach go polaitiúil le pobal na hÉireann ariamh. In 1865 agus 1867 gabhadh agus cuireadh na céadta de Bhráíthre na bhFiníní i bpríosún. Cuireadh ós cionn trí scór acu chuig príosún Fremantle san Astráil. Ligeadh a bhformhór amach in 1871, seachas seisear a bhí mar bhaill d’airm na Breataine ag an am ar gabhadh iad agus cinneadh gur tréas a bhí déanta acu.

Bhí Desmond ar dhuine den dream cróga a chuaigh ar an mbád an ‘Catalpa’ chun an seisear a shaoradh as Príosun Fremantle agus iad a thabhairt ar ais go Nua Eabhrach, rud a rinne siad in ainneoin iarrachtai forsaí na Breataine iad a chloí.

Scéal eachtraíochta chomh suimiúil céanna atá ag Martin Murphy. Fear de bhunadh Loch Garman a bhí ar dhuine den chéad dream ón Eoraip a chur futhú i gCalifornia agua atá curtha i reilig Santa Clara ansin.

pg5-2

• Thomas Desmond a raibh baint aige le scéal cáiliúil an ‘Catalpa’

Throid Murphy san Éirí Amach i 1798 agus gan é ach ina leaid óg. Ba léir dó nach raibh mórán gnaithe aige fanacht in Éireann de bharr forlámhas na Breataine ansin agus bhailligh sé a chlann ar fad le chéile agus dúirt leo go raibh plean aige iad uilig a thabhairt chuig saoil nua i Meiriceá agus ní nach ionadh, ní bóthar réidh ná aistear dhíreach a thug go Santa Clara iad!

Tugann an scéal iad tríd Quebec iad agus ansin síos ó dheas tríd an bhféarthalamh nach raibh cosán ar bith tríothu, tríd an ngainmhleach, trasna aibhneacha gan droichid agus thar sléibhte sneachtúla an Sierra Nevada ina gcuid vaigíni capaill. Is iomaí duine eile a bhásaigh i mbun an chineál aistear céanna. Go deimhin, b’iad na Máirtínigh agus an dream a bhí leo, an chéad dream Meiriceánach ariamh ar éirigh leo a gcuid beithigh, capaill agus vaigíní a thabhairt thar na sléibhte contúirteacha úd. I mí na Samhna 1844 a osclaíodh an ‘California Trail’ a bhí tógtha acu agus lean na mílte ceannródaí eile Martin Murphy & a chlann anonn ina dhiaidh sin, áit a bhfuil bóthar iarann agus an mótarbhealach ‘US Interstate 80’ ag dul sa lá atá inniu ann.

D’éirigh fíor-mhaith le Murphy agus sliocht a sleachta ina dhiaidh sin. Tuairiscítear go raibh suas le deich míle duine ag comóradh leathchéad bliain a bpósta ag Martin Óg agus a bhean Bridget ar an bhfeirm ollmhór a bhí acu. An cóisir is mó a facthas i gCalifornia ariamh dúradh. Thug siad cuireadh oscailte do phobal California agus chur siad traenacha agus caranna capaill ar fáil le daoine a thabhairt ann.

Lucht feirme, gnó agus oideachais a bhí iontu. Bhí baint acu le bunú Ollscoil Santa Clara agus Scoil Notre Dame ansin, le h-oideachas a chur ar chailíní. Bhí cáil na flaithiúlachta orthu chomh maith leis an rachmasacht.

Is léir mar sin go raibh tionchar nach beag ag poblachtánaithe na hÉireann ar fud na cruinne agus tábhacht dá réir ag baint lena scéalta, agus leis an dream seo a thabhairt chun cuimhne agus a chomóradh chomh maith leis na laochra cróga uile a throid ar son saoirse na hÉireann.

Tá ardmholadh ag dul dár gcomrádaí as Aontraim, Ciarán Scally agus a chomrádaithe i Ridirí na Craoibhe Deirge i San Francisco, atá ag cinntiú na ligfear na laochra poblachtánacha seo i ndearmad go ceann tamaill eile ar aon chuma.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland