1 February 2016 Edition
Ar fhaitíos na bhfaitíos
Tá na comhlachtaí árachais feithiclí ag leagan orainn
Is le teann saint atá siad ag leagan air gnáth dhaoine sa tír seo, ag cur a lámha síos inár bpócaí agus níl an Rialtas ag déanamh tada faoi
TÁ SÉ tagtha chun solais le déanaí go bhfuil arduithe ollmhóra ag teacht ar chostas árachais cairr sa tír seo agus is cosúil gur chun sochar bunlíne brabaigh na gcomhlachtaí seo atá seo ag tarlú seachas aon athrú ollmhór i gcomhdhéanamh an mhargadh.
Tá mé ag fáil tuairiscí ó dhaoine óga le tamall anuas go bhfuil comhlachtaí árachais ag diúltú scun scan meastacháin a thabhairt dóibh, nó má thugann, go bhfuil siad ag lorg aon rud idir €2,000 agus €9,000 in aghaidh na bliana arárachas cairr. Fágann seo nach bhfuil cuid mhaith do na daoine óga seo in ann dul chun bóthar, iad ag cailleadh amach ar dheiseanna fostaíochta nó oideachais, nó ag brath ar ‘Thacsaí Mhama’ i bhfad níos faide ná bhí súil ag na tuismitheoirí leis.
Is cosúil go bhfuil an scéal chomh dona céanna má tá an duine óg ag lorg árachas mar dhuine ainmnithe ar pholasaí duine éigin eile freisin.
Níl cúrsaí mórán níos fearr más carr beagán aosta atá agat ach an oiread. Fiú má d’eirigh le do shean-ghluaisteán san Tástáil Náisiúnta Tiomána (NCT), tá riar-mhaith do na comhlachtaí nach bhfuil sásta breathnú ar charr ós cionn dhá bhliain déag d’aois. Fágann seo go mbíonn daoine curtha den bhóthar go praiticiúil, nó go gcaithfidh siad carr nua a cheannacht. Ach, má dhéanann siad sin ní bheidh luach díolachán ar bith ar an sean-charr mar nach féidir clúdach árachais a chur air.
Is fadhb ollmhór atá anseo do dhaoine atá ar ioncam íseal, nó an dream atá ag streachailt le cúrsaí airgid agus an bhfuil gá acu leis an dara carr a bheadh beagán níos sine. Tá cuid mhaith daoine amuigh faoin dtuath a bheidh fágtha ar an bhfaraor géar ag na cleachtais seo, mar nach bhfuil roghanna iompar poiblí acu. Ach, tá sé seo ag cur isteach ar lucht tuaithe agus cathrach araon.
Tá ceisteanna le freagairt ag an tionscal árachais chomh maith maidir leis an ardú a chuirtear ar pholasaithe daoine a fhaigheann pointí píonóis. Níl aon duine ag ceistiú córas na bpointí, ná an gá atá leis, ach tá cuid mhaith daoine den tuairim go n-úsáideann na comhlachtaí córas na bpointí le h-arduithe thar fóir a chur ar chostas árachas cairr.
Chuala mé fear amháin ag rá go raibh mac leis sa mbaile ar feadh deich lá faoi na Nollaig agus bhí sé ag iarraidh clúdach árachas a chur ar an gcarr dó do na laethanta sin. Bhí trí phointe pionóis ag an bhfear óg de bharr go ndeachaigh sé 10 ciliméadar san uair thar an teora luais ar an mótarbhealach. Bhí glactha aige leis sin agus an fineáil íoctha aige. Ach, bhí an comhlacht árachais ag iarraidh €150 sa bhreis ón athair leis an leaid óg a ainmniú ar an bpolasai ar feadh deich lá.
Tá údar clabhsán leis na comhlachtaí árachais ag imircigh atá ag filleadh abhaile chomh maith. Tá sé thar a bheith deacair ag cuid mhaith acu meastachán a fháil agus má fhaigheann, tá luach ollmhór dhá chuartú ag na comhlachtaí. Cé gur comlachtaí móra idirnáísiúnta a bhformhór, níltear ag tabhairt aitheantas don bhónas saor ó thimpiste a bheadh ag na daoine ó na tíortha as a bhfuil siad ag teacht. Sé sin, fiú má tá teastas iomlán glan acu, gan aon timpiste ariamh acu, pointí pionóis, ná smál ar bith eile ó thaobh cleachtais tiomána di sa tir ina raibh cónai orthu, roghnaíonn na comhlachtaí árachais iad a chur go bun an dréímire arís má bhíonn siad ag lorg clúdach arachais anseo. Leithscéal eile le táíllí ollmhóra a ghearradh.
Anois, beidh an béal bocht ag urlabhraithe ar son an tionscail nuair a chuirtear an méid seo ar a súile dóibh. Ach, is é sé bun agus barr an scéil ná gur chun brabach sa bhreis a ghineadh atá na h-arduithe ollmhóra seo dhá thabhairt isteach. Is le teann saint atá siad ag leagan ar ghnáth dhaoine sa tír seo, ag cur a lámha síos inár bpócaí agus níl an Rialtas ag déanamh tada faoi.
Cibé cé a bheidh i mbun Rialtais i ndiaidh an olltoghchán, beidh orthu dúshlán na gcomhlachtaí seo a thabhairt agus cothrom na féinne a lorg don chosmhuintir!