Top Issue 1-2024

5 January 2016 Edition

Resize: A A A Print

Mianta na Bliana Úire do 2016

An méid gur mhaith linn a bheith bainte amach faoi dheireadh na bliana

Samhlaigh an difríocht a bheadh ann dá mbeadh Sinn Féin i mbun Rialtais le hAirí a thabharfadh tosaíocht do ghnáth cosmhuintir na hÉireann

BHUEL, tá sé linn ar deireadh – 2016 – agus is fiú dúinn spleáchadh a thabhairt ar an ród seo romhainn agus na mianta gur mhaith linn a fhéiceáil curtha i gcrích faoi dheireadh na bliana. Is é sin, céard gur mhaith linn a bheith bainte amach faoin am a thagann an Nollaig seo chugainn, a dhéanfadh an saol níos fearr do chuile Éireannach.

Ó mo thaobh sa di gan dabht ar bharr an liosta bheadh suíochán Dála do Shinn Féin i nGaillimh Thiar – Maigh Eo Theas. Ní ar mhaithe liom féin, ach le go mbeadh glór láidir ón Iarthar ar mhaithe leis na ceisteanna ar fad atá ag déanamh tinnis don phobal agus le go mbeadh muid ag cur le líonmhaireacht na bhfóirne s’againne i dTeach Laighean ag súil go mbeidh an oiread ionadaíocht againn chun go mbeidh ar ár gcumas a bheith i gceannas Rialtas ar chlé sna 26 chontae don chéad uair ó bunaíodh an stát.

Samhlaigh an difríocht a bheadh ann dá mbeadh Sinn Féin i mbun Rialtais le hAirí a thabharfadh tosaíocht do ghnáth cosmhuintir na hÉireann, go h-áirithe i Ranna ar nós Sláinte, Tithíocht agus Airgeadais ach go h-áirithe.

Beidh toghchán sna sé chontae freisin. Bheadh muid ag súil líon na suíochán atá againn ansin a choinneáil agus a mhéadú. Neartú agus treisiú seasamh Shinn Féin mar an phríomh-pháirtí frith-déine atá ag iaraidh cothrom na féinne a bhaint amach do chuile shaoránach. Bheadh muid ag súil ár vóta a mhéadú agus tacaíocht a fháil i gceantair nua agus ó dhaoine breise a aithníonn an cheannaireacht ceannródaíoch atá tugtha agus an dul chun cinn atá déanta againn ar cheisteanna thábhachtacha Oideachais, Talmhaíochta & Forbairt Tuaithe agus cúrsaí Cultúir.

Gan amhras , tá muid ag súil go mbeidh díospóireacht dáiríre náisiúnta againn maidir le h-íbirtí Laochra 1916. Go mbeidh fíormheas dhá léiriú do chrógacht phoblachtánaithe anuas tríd na glúnta a raibh fís,fealsúnacht agus fuinneamh acu chun poblacht uilíoch, iomlán a bhaint amach in Éire aontaithe. Bheadh dóchas agam go gcuirfidh glúin nua daoine óga suim sa chrógacht agus an mhisneach a thaispeáin an dream a chuaigh rompu agus go dtógfaidh siad suas an chúis, in ómós na laochra a tháinig romhainn.

Bheadh sé iontach dá mbeadh tírghrá treisithe neadaithe i gcreatlach dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta, mórtas cine agus gníomhaíocht pobail agus polaitíochta as an nua ann mar thoradh air na comorthaí chun an fhís a fhíoradh a luaithe, seachas níos moille chomh maith.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, bheadh súil agam go mbeadh Uachtarán nua sna Stáit Aontaithe roimh deireadh na bliana atá sásta aghaidh a thabhairt go dearfach ar dhúshlán na síochána ar fud na cruinne. Tá gá díriú ar thaidhleoireacht dhian chun géarchéimeanna trodaíochta a réiteach sa Mheán Oirthear, san Afraic, sna Balcáin agus in áiteanna eile nach iad. Ní mhór don Aontas Eorpach a cion féin a dhéanamh ina leith seo chomh maith agus an neart atá aici a úsáid go gníomhach agus gan moilleadóireacht le siochán a chur chun cinn sna coimhlintí éagsúla.

Ar leibhéal níos logánta, ba bhreá liom dá mbeadh Ibrahim Halawa sa mbaile lena mhuintir. Ba bhreá liom dá mbeadh geallúintí ó na h-iarrthóirí toghchánaíochta sna Stáit Aontaithe maidir le h-inimircigh Éireannacha nach bhfuil stádas buan acu. Bheadh súil agam go mbeadh clár Rialtais aontaithe againn i dTeach Laighean a chuirfidh deire leis an gcóras Soláthar Díreach, a chuirfeadh plean gníomh dáiríre in áit do dhaoine gan dídean agus straitéis phráínne maidir leis an ngéarchéim tithíochta.

Gan dabht, bheadh súil agam go n-aontóidh an clár Rialtais céanna deire a chur leis an Muirear Teaghlaigh agus Táillí Uisce! Ba bhreá liom AIre Sinsearach ag bord an Rialtais leis an nGaeilge a chur chun cinn agsu gealluint chun Acht nua Teangacha Oifigiúil neartaithe a chur chun cinn.

Ba bhreá an rud dá mbeadh dul chun cinn déanta ó thaobh an clár Rialtais nua i Stormont maidir le Acht na dTeangacha ansiúd agus Bille Cearta do Shaoránaithe chomh maith.

Bhí fís ag laochra 1916. Ní folaír dúinne fís a bheith againn féin do na mianta atá romahinn don bhliain seo chomh maith. Cinnte, beidh siad siúd ann a bheidh ag rá nach bhfuil ann ach aisling. Ach, sin a dúradh i 1916 chomh maith, nach ea?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland