Top Issue 1-2024

5 January 2016 Edition

Resize: A A A Print

Déan Ceiliúradh ar an Ghaeltacht mar atá sí inniu

Níor chóir an cás a chur ar bhealach diúltach, mar atá déanta le tamall anuas – níl le déanamh ach áird a tharraingt ar phobal na Gaeltachta mar atá sí sa lá atá inniu ann – tá muid sách maith

Sa dara cuid dár sraith ‘ Ról an Stáit agus Ról an Phobail’, scríobhann fear gnó agus ceoil Breandán Ó hEaghra faoi thábhacht an dearfachas. Bhí Breandán páirteach i bpainéal plé a shocraigh Sinn Féin ar imeall na féile ag Oireachtas na Samhna chomh maith. 

TÁ CAINT le tamall anuas ar bhás na Gaeltachta - nó ar bhás na Gaeilge mar theanga pobail.  Mar dhuine atá ina chónaí i nGaeltacht Chonamara, ag tógáil clainne le Gaeilge, agus ag fostú foireann Gaeltachta sa gcomhlacht margaíochta, MeasMedia, cuirim an-chuid suime sa gcaint seo, agus teastaíonn uaim na pointí seo leanas a dhéanamh:

Is ceist ‘pobail’ í seo freisin

Nuair a deirtear linn go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga pobail, tá an claonadh ionainn díriú ar chúrsaí ‘teangan’ agus neamháird a thabhairt ar chúrsaí ‘pobail’. Ba mhaith liomsa go ndíreofaí áird arís ar an gcuid sin den ráiteas: céard is ‘pobal’ ann.

Tá maolú á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta (agus go deimhin ar phobail tuaithe go ginearálta) le fada an lá. Is gnáth chuid den saol anois é go mbíonn ar dhaoine uair an chloig a chaitheamh i mbun taistil chun na hoibre lá i ndiaidh lae.  Is beag duine atá in ann post a fháil ina gceantar féin. Maireann daoine go neamhspléach, beag beann ar a chéile, agus an iomarca ualach oibre orthu chun inchur a bheith acu in obair an phobail.

Ba chóir go mbeadh ról faoi leith ag Údarás na Gaeltachta in athbheochan an ‘phobail’, dar liom. Bheadh fiúntas faoi leith i bpleain a chuirfeadh maoiniú ar fáil do gnólachtaí beaga a bheadh lonnaithe sa nGaeltacht ag muintir na Gaeltachta féin, ag fostú dhaoine áitiúla. Céard faoi chomórtas bhliantúil chun an smaoineamh is fearr do ghnó digiteach Gaeltachta a reachtáil? Tá daoine sách cumasach san Údarás chun plean gníomhaíochta pobail a chur chun cinn ach an deis a thabhairt dóibh. Is féidir gnólachtaí beaga a chruthú in earnáil na seirbhíse arlíne – sampla amháin é gnólacht s’againne a fhostaíonn ceathrar faoi láthair agus muid ag súil le seachtar a fhostú faoin t-am seo an chéad bhliain eile – Gaeilgeoirí uilig, ach ag freastal ar an domhain mhór!

pg9-2

Tascfhórsa ón taobh istigh

Ní réiteoidh rialtas na hÉireann fadhb na Gaeltachta. Ó bunaíodh an Stát, tá praiseach déanta de cheist na teanga agus ní fiú fanacht ar a mhalairt scéil sa lá atá inniu ann. Tiocfaidh roinnt maitheasa amach as na pleaineanna teanga atá á réiteach ag coistí pobail ar fud na Gaeltachta, ach teastaíonn gluaiseacht pobail aontaithe chun dul i bhfeidhm ar dhaoine.

Nuair a bheidh críoch leis na pleaineanna teanga seo ba bhreá an rud é go gcasfadh na cinnirí pobail Gaeltachta ar a chéile chun tascfhórsa aontaithe a chruthú agus forbairt na Gaeltachta a dhíriú ón taobh istigh.

pg9-3

Déan ceiliúradh ar Ghaeltacht an lae inniu

Mholfainnse go ndíreodh an gluaiseacht nua áird ar rudaí mar atá siad faoi láthair. Níor chóir an cás a chur ar bhealach diúltach, mar atá déanta le tamall anuas - ag tomhais an mheatha le scór bliana anuas agus ag túr bhás na Gaeltachta chun freagra rialtais a spreagadh. Níor chúir ach oiread ráitis sheafóideacha dhearfacha a dhéanamh, ag túr go mbeidh 250k míle cainteoir laethúil ann taobh istight de scór bliana mar atá déanta sa Phleain 20 Bliain – ní chreidtear é seo. Níl le déanamh ach áird a tharraingt ar phobal na Gaeltachta mar atá sí sa lá atá inniu ann – tá muid sách maith.

Mar fhear a d’fhás aníos i gceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre dá bhfuil ann, is féidir liom a rá go h-ionraic go raibh an Béarla á labhairt ariamh ar chlós na scoile. Ach má bhí, bhí an Ghaeilge á labhairt freisin, go flúirseach agus go tréan.

Go minic agus mise óg, chuala mé ráite é nach raibh ach scór bliana fágtha ag an teanga. B’fhéidir go raibh bunús eolaíoch leis an tomhais seo, nó b’fhéidir nach raibh, ach níor chothaigh sé aon mhisneach ionamsa ná i mo chuid comhleachaithe. Buíochas le Dia, bhí tuismitheoirí agam a spreag mórtas teanga agus mórtas cultúir. Níor thomhaiseadar siúd bás na teanga, agus mar sin thuig mise go raibh buntáiste faoi leith agam agus go raibh fiúntas faoi leith leis an teanga a bhí á labhairt agam. Tá sé in am an mórtas sin a thabhairt do pháistí na Gaeltachta ar fad agus ceiliúradh láidir a dhéanamh orthu siúd – ní mar ba chóir dóibh a bheith, ach mar atá siad faoi láthair na huaire.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland