Top Issue 1-2024

2 November 2015 Edition

Resize: A A A Print

Níl na comhairli saor ó olc ach an oiread

IS MAITH go bhfuil an Lucht Siuil a d’fhulaing an tragoid uafásach sin i gCarraig Maoinis le hathlonnú ag an gcomhairle áitiúil – faoi dheire thiar.

Ach is náireach an scéal é gur éirigh le áitreabhóirí sa gceantar stop a chur leis an athlonnú sealadach a bhí beartaithe, gur éirigh le bíogóideachas an lámh in uachtar a fháil.

Sea, níor chreid na haitreabhóirí geallúint na comkhairle nach raibh san ionad ach socru sealadach, mar is nós ag an gcomhairle bréaga a insint; agus is léir freisin go bhfuil socraithe sealadacha eile ann atá fós in úsaid blianta i ndiaidh iad a chur ar fáil ‘go sealadach’.

Ach ar na cúiseanna a luaigh na háitreabhóirí bhí an ráiteas lom nach raibh aon dea-thoil acu don Lucht Siúil.

Ní féidir a rá gur rud eisceachtúil é seo. A mhalairt ar fad, mar tá bíogóideachas in aghaidh an Lucht Siúil préamhaithe go domhain is go forleathan inár sochaí.

Agus mar adúirt an Teachta Dála, Padraig MacLochlainn, is é seo an chúis chearta is mó dá bhfuil le réiteach againn fós.

Tá sé éasca ar ndóigh cómhbhrón a dheanamh le daoine mar gheall ar an tragóid – an fhaid is nach gcuirfear ina gcónaí taobh linn féin iad.

Agus cé go bhfuil sé tábhachtach gan liathróid pholaitiúil a dheanamh den scéal, ní féidir neamhaird a dheanamh ach an oiread de gur laghdaíodh an caiteachas ar an Lucht Siúil 97% sa gcaoi gur ar éigean an bhfuil aon chaiteachas fágtha.

Agus mar bhárr ar an ndonas, níl ach cúpla cómhairlí áitiúla sa tír a chaith an t-airgead a tugadh dóibh ar son an Lucht Siúil – is ní raibh Dún Laoghaire Ráth an Dúin ina measc siúd.

Sé sin, tá sé éasca áitreabhóirí in aice le Charraig Maoinis a cháineadh  - agus ceart dó sin – ach níl Éirinn Oifigiúil saor ó olc ach an oiread.

Sé sin, go bhfuil leigheas an scéil le fail ní hamháin tré díospóireacht a chothú idir Lucht Siúil, lucht cearta agus an pobal socraithe, ach caithfidh iachall a chur ar ranna rialtais is ar chomhairlí áitiúla cothrom na Féinne a thabhairt don Lucht Siúil, airgead riachtanach a chur ar fáil agus an t-airgead a cheadaítear a chaitheamh.

Agus mura féidir le comhairle aitiúil é sin a dhéanamh, caithfidh an stát lárnach é a dheanamh thar a gcionn!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland