Top Issue 1-2024

1 September 2015 Edition

Resize: A A A Print

Baintear leas polaitiuil anois as tacaíocht an phobail don Ghaeilge

NÍ THUGANN na páirtithe bunaíochta aon aird air, is ní thugann na meáin ach an oiread, ach léiríonn an suirbhée is deireannaí faoi dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge go gcreideann móramh an phobail san oilean ar fad go mbeadh féiniúlacht na tire caillte dá n-imeódh an Ghaeilge – 64% ó dheas agus 33% ó thuaidh ( mar gheall ar an seasamh oscailte diúltach ag na páirtithe Aontachta.

Le leibhéil tacaíochta chomh hard sin, cén fáth nach bhfuil aon pholasaí dearfach ag eagraíochtaí stáit is ag an stáitsheirbhís i gcoitinne?

Cinnte tá dílseacht béil ann don teanga ag gach páirtí Dála, ach tá an straitéis fiche bliain a chuir Fianna Fáil le cheile fágtha i ndearmad ag an rialtas reatha.

Agus diúltaíonn an Roinn Oideachais cead a thabhairt do ghaelscoileanna nua ach amháin in eastáit nua.  Tá a lán cainte ann faoi patrúnacht scoileanna a bhaint óna heaglaisí ach tá cluas bhodhar ag an Roinn i dtaobh éilithe Gaeilge.

Bhí plean maith ag Leo Varadkar nuair a bhí sé ina Aire Iompair go gcuirfí an Ghaeilge ar chómhchéim leis an mBéarla ar chomharthai bhóthair; ach tá sin ligthe i ndearmad arís anois ó d’imigh Varadkar ón Roinn sin – ar an leithscéal seafóideach go gcothódh sé deacrachtaí do thurasóirí.

Ní bhíonn aon deacracht le comharthai dá-theangacha sa mBeilge, i dTuaisceart na Sualainne, nó eile; na aon deacrachht nuair a bhíonn dhá aibitir dhifriúil i bhféidhm mar a bhíonn sa nGréig nó sa Rúis.

Níl sa leithscéal seo ach sampla eile den bhiogóideachas a léironn an stát i gcoinne na Gaeilge arís is arís eile.

Is abhar íonaidh mar sin go bhfuil an oiread sin tacaíochta don teanga nuair a chuirtear namhadas an stáit is neamhshuim na meáin san áireamh.

Ach tá polasaia diultach ag an stát toisc go bhfuil lucht na Gaeilge sásta glacadh leis. Ní dhéanann muid ábhar toghchánaíochta den teanga.

Tá deis againne, lucht na Gaeilge, an scéal sin a athrú san olltoghchán atá ag teacht.  Caithfear an deis a thapú le héilithe cinnte soiléire dearfacha a bhru ar na páirtithe ar fad, agus tacú le hiarrthóirí a léiríonn go bhufil siad dáiríre i leith na teanga.

Le rófhada tá muid ciúin is béasach; anois an t-am le troid cheart a dhéanamh.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland