Top Issue 1-2024

1 June 2015 Edition

Resize: A A A Print

Céim eile chun cinn don athmhuintearas

Cruinniú stairiúil idir Gerry Adams agus an Prionsa Seárlas

Sílim go dtugann seo teachtaireacht soiléir do pholaiteoirí eile anseo agus sa Bhreatain go gcaithfidh siadsan ról níos gníomhaí agus níos dearfaí a ghlacadh ina leith seo

GLACADH CÉIM stairiúil eile chun cinn don athmhuintearas sna h-oileáin seo nuair a chas Gerry Adams, Martin McGuinness agus an Prionsa Seárlas ar a chéile i nGaillimh le déanaí. Bhí sé d’onóir agam a bheith i láthair don chruinniú príobháideach seo, agus b’fhacthas dom go raibh mé ag feiceáil an stair dhá scríobh ós comhair mo shúile.

Níl aon dabht go bhfuil daoine áirithe ann nach mbeadh sásta go dtarlódh a leithéad de chruinniú ar chor ar bith, ó chuile thaobh den choimhlint. Bhí gach a raibh i láthair airdeallach faoi sin. Tá íospartaigh poblachtacha ó Bhaile Uí Mhurchú, Springhill agus daoine ar maraíodh daoine muinteartha agus cairde leo ag Domhnach na Fola agus in aiteanna eile, atá fós ag fulaingtagus ag lorg na córa . Maraíodh daoine muinteartha leis an teaghlach ríoga agus pobal na Breataine agus aontachtóirí freisin – rud nach ndéanfaidh siadsan dearmad riamh dó ach an oiread.

Ach, cé gur aithníodh an méid seo ag an gcruinniú, níl aon dabht ach gur ag féachaint chun cinn a bhí gach a raibh i láthair.

Is cruinniú dearfach, omósach, síochánta a bhí ann. Tuigeadh an tábhacht siombalach a bhain leis go maith, go raibh Ceannaire Reisimint Paraisiút airm na Breataine agus ceannaire an ghluaiseacht Poblachtach ag croitheadh lámha le chéile beagnach leathchéad bliain ó thús na coimhlinte is déanaí. Ach, tuigeadh an tábhacht chomh maith le proiséas na síochána, le teachtaireacht a thabhairt gur féidir agus gur gá bogadh ar aghaidh agus go bhfuil baol fós ann don phroiséas síochána muna nglacfar ceannaireacht chróga lena dhaingniú agus a neartú.

Níl aon dabht go mba céim mhór chun cinn a bhí i gcuairt na Banríona ar Éireann. Ar an mbealach a léirigh sí ómós sa nGáirdín Chuimhneachán agus an óráid a thug sí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá sé soiléir anois go bhfuil dúshlán roimh an Phrionsa a sampla siúd a leanúint agus dar liom, taispeánann an tábhacht a chuir sé le cruinniú dá leithéad seo a reáchtáil le Ceannaireacht Shinn Féin agus é ar chuairt sna fiche sé chontae don chéad uair, go bhfuil sé meáite ar sin a dhéanamh.

Ó thaobh Adams agus McGuinness di, tá sé tábhachtach go n-aithnítear an ról lárnach a d’imir agus a imríonn siad le síochán buan a bhaint amach ar an oileán seo. Thóg siad céim eile ar an aistear sin leis an gcruinniú seo. Sílim go dtugann seo teachtaireacht soiléir do pholaiteoirí eile anseo agus sa Bhreatain go gcaithfidh siadsan ról níos gníomhaí agus níos dearfaí a ghlacadh ina leith seo chomh maith. Seachas a bheith ag déanamh beag is fiú den ócáid seo, ba chirte dóibh a bheith ag moladh na rannpháirtithe as a gcrógacht agus a gcuid misnigh agus ag déanamh beart dá réir iad féin.

An rud mór eile a bhain mise as an gcruinniú seo ná an daonnacht a bhaineann linn ar fad. Bhí mé ag féachaint ar thriúr de mhór phearsaí polaitíochta ár linne ós mo chomhair amach, ach bhí an aeráíd neamhfhoirmeálta agus dóchasach. Roinneadh scéalta faoi chursaí cultúrtha agus teanga, cúrsaí caitheamh aimsire, dúlra agus eile. Rud a thug an díospóireacht ar ais chuig an bhunphoinnte, gur daoine daonna muid ar fad. Níl aon duine againn gan locht, ach tá cuid mhaith comónta eadrainn. Níl aon duine ag lorg coimhlint. Níl aon duine i gcoinne na síochána. Tá muid ag lorg an rud is fearr dá gclanna, cairde agus pobail.

Is léir domsa go dteastaíonn ó gach a raibh i láthair i nGaillimh go mbeadh todhchaí síochánta, sona  ag pobal na n-oileáin seo ar fad. Agus, go bhfuil muid ar fad tiománta leis an tsíochán seo a dhaingniú do na glúnta atá romhainn. Chuige sin áfach, beidh gá tuilleadh céimeanna cróga a thógáil ag chuile leibhéal amach anseo chomh maith. Ach, caithfidh muid sin a dhéanamh.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland