Top Issue 1-2024

2 February 2015 Edition

Resize: A A A Print

Irish above politics?

• Mairtín Ó Cadhain

MÁS FÍOR DONA pobalbhreitheanna, tá dream mor vótóirí – 30% nó mar sin – nach bhfuil sásta le haon cheanna dena mor-phairtithe polaitíochta ná, go fóill ar aon chuma sásta a muinín a chur sa rogha polaitiúil a mholann Sinn Féin.

Ar ndóigh nó dream aontaithe iad na neamhspleáigh seo. Ta cuid acu ar an eite chlé, ar nós Catherine Murphy is John Halligan, cuid eile ar an eite dheis ach atá eiginnte faoi dhéine, ar nós Shane Ross is Stephen Donnelly, cuid acu ag labhairt thar ceann mhiuntir na tuaithe ar nós Michael Fitzmaurice is Mattie McGrath, agus cuid acu ina n-iarsmaí dena sean-pháirtithe, ar nós Lucinda Creighton is Michael Healy Rae.

Ach ag breathnú ar an slua aimhréidheach seo bhuail smaoineamh amháin mé: cá bhfuil na Gaeilgeóirí? Cá bhfuil na neamhspleáigh a chuirfeadh cearta lucht labhartha na Gaeilge, sa nGaeltacht agus taobh amuigh, sa gcéad áit?

Níl siad ann. Agus níl siad ann mar ní bheidh faillí an rialtais i leith na Gaeilge ina ábhar conspóide sa gcéad olltoghchán, mar is fearr le lucht na Gaeilge fanacht ar an imeall ag clamhsán linn féin, ag ligint do Julian de Spáinn an beagán stocaireacht a dhéantar a dhéanamh leis féin.

Níl aon aimhreas ach go bhfuil Sinn Féin míle uair níos fearr ná páirtí aitheanta ar bith eile i dtaobh na Gaeilge. Sea, tá cainteóirí líofa i ngach aon pháirtí, Enda Kenny i bhFine Gael, Mícheal Martin i bhFianna Fáil, Éamon Gilmore sa Lucht Oibre, ach is ag Sinn Féin amháin atá Oifigeach Gaeilge agus ag Sinn Féin amháin atá clár oibre a aithníonn cearta Gaeilge mar rudaí riachtanacha.

Ach ní leór sin. Mar níl aon bhrú ar Shinn Féin ó dhream eagraithe le cinntiú go ndéanfaí bearta de réir a mbriathar. Tá a leithéid ann maidir leis na feachtaisí faoi uisce, sláinte, déine, is eile; ach níl aon bhrú ar an bpáirtí mar gheall ar an nGaeilge is níl aon bhrú ar pháirtí ar bith eile ach an oiread.

Bhí an t-am ann nuair a thug lucht na Gaeilge a vótaí do Fhianna Fáil toisc nach raibh na páirtithe eile gafa leis an scéal beag nó mór. Agus le crú a chur ar an tairne, níor thug Fianna Fáil aon aird ar an scéal mar ní raibh sé riachtanach dóibh.

Mhol Mairtín Ó Cadhain, mrr fhreagra air sin, go gcuirfí an Ghaeilge “Above Politics”: sé sin, go gcuirfeadh lucht na Gaeilge eagar orthu fein le cinntiú go mbeadh a gcuid eilithe ar bhárr an liosta ag na páirtithe ar fad.

Feicimid inniu go bhfuil meath na teanga sa nGaeltacht ag dul in olcas i gcónaí. Siar insna seachtóidí tháinig dream óg de mhuintir Chonamara le chéile le feachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta  a chur chun cinn, ag lorg i measc rudaí eile údarás da cguid fein ag muintir na Gaeltachta a fherabhsódh deiseanna eacnamaíochta mhintir na Gaeltachta ina mbailte dúchais féin. 

Is fiú a thabhairt faoi ndear gur bhain an rialtas reatha seo daonlathas ón údarás ag cur stop le toghadh na n-ionadaithe ag muintir na Gaeltachta fein ar an leithscéal suarach go sábháilfí airgead.

Insna seachtóidí freisin cuireadh stop le iarracht an Roinn Oideachais Scoil Dhún Chaoin a dhúnadh, ach mar a dúirt Breandan Feirtéar sa gclár telefíse le deireannas cé gur buadh an cath sin cailleadh an cogadh mar tá meath an daonra i gCorca Dhuibhne ann gan stop.

Arís ar TG4 chuir Seán Ó Cualáin ceist faoi Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ag fiafraí an bhfuil an t-aos óg inniu sásta an troid chéanna a dhéanamh is a dhein a n-aithreacha is a máithreacha.

Agus tá sé le déanamh mar gan féin-mhuiinín is go deimhin féin-riail ag muintir na Gaeltachta is ar éigean a bhéas Gaeltacht ann sa todhchaí, agus in éagmais na Gaeltacht is beag seans go mairfeadh ár dteanga dúchasach.

Ach fós tá lucht na Gaeilge ina dtost. Deirtear ar thaobh amháin go gcaithfidh ceist na Gaeltacht a chur chun cinn mar chuid de cheist na tuaithe. Tá a lán den cheart san argóint seo, ach is treise an Ghaeltacht go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh ag tacú leo.

An féidir linn an Ghaeltacht agus Gluaiseacht na Gaeilge a chur ag obair le chéile, as lámha a cheile, sa gcaoi go mbeidh na páirtithe go leir faoi iachall éisteacht linn.

An féidir linn daoine a thoghadh ar cheist na Gaeilge?

Sea, an gcuirfeadh muid Irish Above Politics, nó an bhfanfimid ciúin ar an gclaí? 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland