Top Issue 1-2024

2 February 2015 Edition

Resize: A A A Print

Gan Réiteach ar Scannal na Simfiseatóime Fós

• Teachtaí Dála Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin agus Gerry Adams in éanacht le íospartaigh simfiseatóime i dTeach Laighean

Dóibh siúd ar imríodh mí-úsáid mar seo orthu tá sé dlite dóibh go ndéanfadh an stát leithscéal iomlán a ghabháil leo anuas ar chúiteamh

MEASTAR gur cuireadh suas le 1,500 ban in Éirinn faoin scian don obráid bharbartha seo i nganfhios dóibh idir na 1940dí agus na 1980dí. Cineál obráide atá sa simfiseatóime a úsáideadh ar dtús do mhná a raibh deacracht acu páistí a bhreith. Rinneadh iarracht an bac seo a scaoileadh agus an páiste ag teacht ar an saol tríd an peilbheas a leathnú trí mháinliacht. Bhí tacaíocht ann don obráid i measc roinnt Caitliceach toisc gur creideadh an tráth sin gur éascaigh sé breith tuilleadh leanbh. Bhí ról ag an tuairimíocht reilgiúnda seo i gcur chun tosaigh na simfiseatóime in Éirinn. Dóibh siúd a chuaigh faoin obráid gan chead seo bíonn pianta géara, deacrachtaí siúil anuas ar fhadhbanna le neamhchoinneálacht ag roinnt acu fós.

Ó bhlianta luatha an 2000 tháinig íospartaigh chun tosaigh agus é mar aidhm acu brústocaireacht a dhéanamh ar son féin. Idir an dá linn táthar tar éis bheith siar is aniar le fiosrúcháin éagsúla agus cásanna cúirte ach is é an trua ná nár thángthas ar aon réiteach shásúil do na mná in ainneoin gur tarraingíodh aird idirnáisiúnta agus cáineadh ar lucht ceannais ag tráthanna éagsúla.

Tá dua ar leith caite ag an Teachta Caoimhghín Ó Caoláin, urlabhraí chúrsaí sláinte is chúrsaí páistí Shinn Féin, leis an gcás seo agus is é a bhí ina thionólaí ar ghrúpa traspháirtí ar son na mban seo agus a chur réiteach maidir le reacht na dtréimhsí chun cinn tríd an Dáil. Luaigh sé ag deireadh 2014 go raibh sé cinnte go mbeadh mná ann a ghlacfadh leis an scéim ach go raibh díomá air don líon mór ban eile a mbeadh scéim mar é maslach dóibh, an bealach a raibh sí le rith agus an trí leibhéal de chúiteamh €50,000, €100,000 agus €150,000 ar throid fhada in aghaidh na n-údarás agus le fadhbanna troma sláinte. 

Má ghlactar le cúiteamh faoin scéim níl cead leanúint le cásanna cúirte ach tá de chead ag mná éirí as an scéim ag aon phointe agus dul i muinín na gcúirteanna. Ar an bhfaraor géar áfach ní fheilfidh an scéim seo do chách. Táthar ann atá anonn go maith san aois nó róthinn agus nach mbeidh deis acu leas a bhaint as. Dreamanna eile ní raibh teacht róshaoráideach ar na cuntais leighis a bhain leis na hobráidí nó dream eile fós níl eolas ceart nó iomlán acu gur tharla sé dóibh fiú amháin.

Braitheann roinnt ban gur aitheantas atá ann gur caitheadh go fíordhona leo agus cuireadh fáilte roimh roinnt de na sonraí. Cháin Cathaoirleach Survivors of Symphyiotomy Marie O’Connor an tslí a raibh tréimhse ama ghearr iarratais ag an scéim agus dúirt go gcuirfeadh sé bac ar dhaoine cinneadh tomhaiste a ghlacadh le cabhair ó chomhairle neamhspleách. An chomhairle a tugadh ná tabhairt faoin scéim agus leanúint le cásanna dlí fós féin. D’ardaigh an Teachta Ó Caoláin an cheist chéanna mar nach raibh ach 20 lá oibre sonraithe mar thréimhse iarratais. 

Chuir breis agus 550 ban isteach ar an scéim, líon a raibh an rialtas sásta leis, ach beidh le feiceáil fós an mbeidh na mná seo sásta le torthaí na scéime agus an nglacfaidh siad leis an gcúiteamh uaidh. Dúirt an Teachta Ó Caoláin gur faoi na mná féin a bhí sé dul leis nó fanacht uaidh ach go mbeadh a thacaíocht agus tacaíocht Shinn Féin acu pé bealach a roghnóidís. 

Dóibh siúd ar imríodh mí-úsáid mar seo orthu tá sé dlite dóibh go ndéanfadh an stát leithscéal iomlán a ghabháil leo anuas ar chúiteamh. Is mithid do phobal an leighis, leis, an cheist seo a aithint mar áit ar theip ar a mbealaí rialaithe srian a chur le dochtúirí bradacha. Cén fáth go raibh tionchar an reiligiúin le feiscint ar obráidí? 

Caithfidh an rialtas agus an tsochaí bealach a fhorbairt a ligfidh do dhaoine a imríodh drochíde d’aon saghas orthu tuiscint a fháil ar ar tharla dóibh, leithscéal as an míchúram agus cúiteamh san áit ar gá. Aon chur chuige eile teipeann air caitheamh mar is ceart le pobal ár bPoblachta.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland