Top Issue 1-2024

12 January 2015 Edition

Resize: A A A Print

Fáilte mhor roimh cuairt an Uachtaráin ar an tSín

CÉIM THÁBHACHTACH do eacnamaíocht na tíre seo ab ea cuairt an Uachtarán Higgins ar an tSín an mhí seo caite – cuairt a d’fháiltigh rialtas na Síne go fial roimhe is a osclaíonn doirse infheistíocht dúinn ón tSín.

Sí an tSín an eacmaíocht is mó fás ar domhan sa lá atá inniu ann, agus go deimhin d’fhéadfadh ceangal leis an tSín deiseanna móra fáis a thabhairt dúinne in Éirinn. Tá moladh mor tuillte ag na stáitseirbhísigh a thug na polaiteóirí leo faoin gcuairt seo in ainneóin bhrú diúltach ó Ambasáid na Stát Aontaithe ina leith.

Ar ndóigh rinneadh iarracht cárta na gcearta daonna a imirt le cur isteach ar an gcuairt, ach d’éirigh leis an Uachtarán Higgins difríochtaí faoina leithéid a ardú ach ar bhealach nár chuir isteach ar an gcuairt is ar an dea-chaidreamh idir Éirinn agus an tSín.

Ar ndóigh tá cearta daonna tábhachtach – pionós an bháis mar shampla; ach is fimínteacht ag an Meiriceánaigh labhairt faoi chearta daona nuair nach gcinntíonn siad féin na cearta céanna sa mbaile. 

Agus ag deire thiar is scéal dona Sínigh féin é. Níl aon cheart againne nó ag einne eile sa Iarthar labhairt go sotalach faoi seo ag seanmóireacht leis na Sínigh faoi.

Ach cé gur maith an rud e an chuairt agus na deiseanna atá cruthaithe, tá sé níos tábhachtaí go mbainfí leas as na deiseanna seo. Agus is cosúil go bhfuil leisce áirithe ar an rialtas faoina leithéid.

Mar shampla siar i 2011cuireadh tús le plean le mol tairgthe Síneach a thógáil in aice le hÁth Luain. Dúradh ag an am go séanfadh an fiontar seo an gá le taisteal go dtí an tSín le tairgeadh na tíre sin a mheas, is go mbeadh an t-ionad mar fhiontar taispeántais do chliantaí ón Iarthair i dtaobh thairgeadh na Síne.

Buntáiste eile, a dúradh, ná go mbeadh ardán ag an ionad seo do mhor-roinn na hEorpa agus do Mheiriceá araon.

Tuige Áth Luain in ionad na Sionainne?  Níl a fhios, ach is beag a cualathas faoin bhfiontar seo le trí bhliain anuas cé go bhfuil tógail an ionaid le tosaí an bhliain seo chugainn.

B’fhéidir go spreagfadh cuairt Higgins ar an tSín an spéis arís sa bhfiontar seo.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland