Top Issue 1-2024

12 January 2015 Edition

Resize: A A A Print

Bliain nua mhaith?

Is fada an t-achar bliain sa pholaitíocht

• Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh agus an Teachta Michael Colreavy ag agóid in éadan an chórais soláthar díreach i mBaile Átha Chliath

Measann cuid mhaith go mbeidh rialtas nua againn roimhe Nollaig seo chugainn

TÁ AN TURCAÍ ite agus na bronntanais roinnte agus muid ag tabhairt aghaidh arís eile ar chúrsaí polaitíochta mar is ceart agus gach seans gur bliain corrach a bheidh ann.

Níl aon dabht ná go bhfuil an chéad olltoghchán eile mar phríoracht anois ó dheas agus toghchán Westminster ó thuaidh. Níl aon chinnteacht fós cén uair a mbeidh muid ag tabhairt faoi na botháín vótála sa deisceart, ach measann cuid mhaith go mbeidh rialtas nua againn roimhe Nollaig seo chugainn.

D’fhéadfadh go bhfeicfidh muid brú taobh istigh d’Fhine Gael ó thaobh ceannaireachta de. Míshuaimhneas cúlbhinseoirí – agus roinnt nach bhfuil chomh fada siar b’fhéidir – de bharr brú ón bpobal faoi chúrsaí uisce agus eile. Bheadh cuid acu den dtuairim nach mbeidh an díobháil toghchánaíochta baileach chomh dona má bhíonn athrú ag an mbarr, ach chothódh sin strachailt inmheánach imeasc na léinte ghorma.

Cuimhnigh freisin go bhfuil na leibhéil sástachta le Enda Kenny mar cheannaire titithe go mór ón olltoghchán deiridh agus beirt do na comhleacaithe is dílse a bhí aige – Phil Hogan agus James Reilly – nach mbeidh leath an oiread tionchar acu feasta ar bhaill eile an pháirtí parlaiminte.

I réimsí eile, is cosúil go mbeidh deireadh le mí na meala do Joe McHugh i Roinn na Gaeltachta nuair a thiocfaidh sé chun cinn le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2. Tá dul chun cinn pearsanta déanta ag fear Thír Chonaill ó thaobh labhairt na Gaeilge di agus ní chuireann sin iontas orm. Ach, níl athrú dá laghad tagtha ar pholasaithe, nó níos tabhachtaí, dearcadh an rialtais agus na statseirbhísigh i leith na teanga. Ni léir ó na cinn bhille a foilsíodh nach bhfuil sin ag dul in aon treo ach ar gcúl, muna gcuirfidh Joe McHugh athrú an-suntasach air.

pg-14-2

Seanadóirí Trevor Ó Clochartaigh agus Kathryn Reilly ag 'ól sláinte na vótálaithe thar lear' laistigh de Theach Laighean. Bunaíodh an feachtas chun cearta vótála a thabhairt do shaoránaithe Éireannacha thar lear

Léiríonn taighde a d’fhoilsigh Conchúir Ó Giollagáin, Brian Ó Curnáin agus a gcomhleacaithe, an ghéarchéim atá ag baint le caighdeán na Gaeilge imeasc cainteoirí dúchais agus is beag gníomh atá glactha ag an rialtas le sin a mhaolú. Ní léir go bhfuiltear ag déanamh mórán dul chun cinn ar spriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ach an oiread agus níl bogadh ar bith dhá dhéanamh maidir le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Ó thaobh cúrsaí tuaithe di, in ainneoin go bhfuil sé aitheanta ar fud na hEorpa go raibh an múnla a bhí againn sa tír seo ó thaobh an cur chuige LEADER a bhí againn ar fheabhas, is léir go bhfuil rialtas s’againne dírithe ar sin a scrios, an chumhacht daonlathach a bhaint de na pobail logánta agus smacht a thabhairt ar an réimse forbartha pobail seo do na húdaráis áitiúla.

Tá na feirmeoirí beaga sléíbhe i ndroch chaoi chomh maith, de bharr ceanndánacht an Aire Talmhaíochta faoi cur i bhfeidhm na scéime GLAS, a aithnítear nach bhfuil inoibrithe agus arís, nach bhfuil mar choinníoll ag an Eoraip, ach atá dhá chur i bhfeidhm ag páirtithe an Rialtais chun tacú leis na feirmeoirí is rachmasúla agus atá ag cuireadh deireadh, céim ar chéim, le slite beatha na bhfeirmeoirí beaga.

Tá scannal na h-ionaid ‘Soláthar Dhíreach’ fós againn, in ainneoin ráitis ghalánta ón Aire Stáit Aodhán Ó Ríordán go ndéanfar leasú air. Tá muid fós ag breathnú ar na mílte daoine a tháinig anseo ag lorg tearmann, i ngéibhinn agus a bunchearta daonna sáraithe, fad is atá úinéirí na n-ionaid ag déanamh na milliún de bhrabach as cruachás na ndaoine leochaileacha seo. Is náire shaolta é.

Agus, sa bhreis ar seo ar fad, tá slán fágtha ag imirceoirí na hÉireann, ar bh’éigean dóibh imeacht as an tír de bharr an ghéarcheím eacnamaíochta agus a bhí sa mbaile don Nollaig. Agus smaoiníonn muid freisin ar na céadta mílte eile acu atá thar sáile agus nach raibh ar a gcumas teacht abhaile le bheith i gcomhluadar cairde agus gaolta don Nollaig. Beidh muid ag díríu go mór ar pholasaí an pháírtí don diaspóra a fhorbairt ar feadh na bliana seo.

Sin na tosaíochtaí atá romhamsa i mbliana agus mé mar urlabhraí sóisearach Dlí & Cirt, urlabhraí Gaeilge & Gaeltachta, Tuaithe & don Diaspóra ag an bpáirtí. Ó, sea agus suíochán Dála a bhaint amach le cúnamh Dé! Cén tosaíocht atá agaibhse?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland