2 November 2014 Edition
Filleann an Rialtas ar an bhFeall
BHÍ ÍONADH beag ar lucht na Gaeilge ar fud na tíre nuair a d’fhógair an t-iar Aire Iompair, Leo Varadkar go raibh sé le coras nua comharthaíocht bhóithre a chur faoi thriail a chuirfeadh an Ghaeilge ar chómhchéim le Béarla.
Rinneadh Varadkar an moladh seo in aghaidh toil an Údarás um Sábháilteacht Bhóithre a mhaígh go raibh fadbanna sábháilteacht mar dhea ag baint le comharthaí cothrom sa dá theanga.
Ní cosúil ar ndóigh go bhfuil aon dainséar den chineál seo i dtíortha eile, ar nós na Beilge a chuireann comharthaí in airde i bhFraincis agus in Ísiltíris, agus ní raibh i gcur i gcoinne an Údaráis ach sean-chlaonadh naimhdeach an státchorais in aghaidh na Gaeilge.
Bhí na comharthaí nua le bunú ar scéim a mhol Conradh na Gaeilge, agus fair play do Varadkar an tuairim a bhí le clos ó lucht na Gaeilge faoi.
Ní hamháin sin, ach léiríonn pobalbhreith de chuid Millward Brown a foilsíodh i dtuairisc.ie go 61% ar son an phlean agus gan ach 22% ina choinne.
Ach in ainneóin go bhfuil tacaíocht an phobail fré chéile taobh thiar den mholadh, tá an t-Aire nua Iompair, Paschal Donohoe, le plean Varadkar a chur ar ceal, dar le Maitiú Ó Coimín i dtuairisc.ie na seachtaine seo, agus filleadh ar an gcleachtas reatha a dhéanann beag den Ghaeilge.
Léiriú eile é seo den bhíogóideachas frith-Ghaeilge atá forleathan sa státchoras. Aon rud a thabharfadh aitheantas don Ghaeilge caithfidh é a chur ar leataobh ar leithscéal fánach éicínt, leithscéalta nach mbíonn aon bhunús leo ar ndóigh.
Ach féach comhthéacs an scéil: Tá taoiseach againn atá líofa sa Ghaeilge, taoiseach a chuir a chuid páistí féin go dtí scoileanna Ghaeilge is a bhíonn bródúil as an teanga go pearsanta.
Ach seo é an Taoiseach a chuir deire le toghchán díreach do Údarás na Gaeltachta, a cheap Aire Gaeltachta nach féidir a chuid ghnó a dhéanamh i nGaeilge, atá ag ligint don Straitéis Fiche Bliain imeacht le deannach agus atá anois ag ceadú do Phascal Donohoe stop a chur leis an t-aon fhiontar fiúntach i bhfábhar na Gaeilge a tháinig ón rialtas seo.
Ach céard tá lucht na Gaeilge ag déanamh faoi?
Tá corr-ghearán ann, cinnte; tá altanna fiúntacha i leithéidí tuaisic.ie; ach ag deire thiar tá muid sásta an gearán a choinneáil againn féin.
Go dtí go ndeanann muide, lucht na Gaeilge, scéalta móra polaitíochta dena gearáin atá againn ní thabharfar aon aird orainn.