Top Issue 1-2024

21 August 1997 Edition

Resize: A A A Print

Cathlann Naomh Pádraig á chomóradh

LE EOGHAN MacCORMAIC

D'oscail Ambasadóir na Meicsiceo, Daniel Dultzin, táispeántas ealaíne graifice na Meicisceo i nGaillimh an tseachtain seo mar chuid de chomóradh 150 de Chathlann San Patricio (Naomh Padráig), Éireannaigh a throid agus a cuireadh chun bás ag deireadh an chogaidh idir Meicsiceo agus na Stait Aontaithe i 1846-1848.

Bunaíodh Cathlann Naomh Pádraig ag tús an chogaidh, agus `sé an nasc atá ann idir Gaillimh agus an táispeántas seo ná scéal John O Reilly, ab'as Clochan, Contae na Gaillimhe dó ó dhúchas, a bhunaigh an Chathlann agus a bhí i gceannas uirthi i rith an chogaidh. Tugtaí an Cathlann Idirnáisiúnta ar an chathlann ar dtús ach b'fhearr le O Reilly go dtuigfeadh na hÉireannaigh - a raibh sé ag iarraidh earcaíocht a dhéanamh orthu - gur fhiontar Éireannach a bhí ann agus d'athraigh sé an t-ainm.

Chruinnigh an chathlann chuici féin lucht treigthe Arm na Stat Aontaithe, na céadta a chreid gur chogadh míchothrom a bhí ann agus a chuaigh trasna an teorann ag taobhú leis na Meicsiceanaigh. Meastar go rugadh agus tógadh suas le 50% dena saighdiúirí seo taobh amuigh den `Oileán Or', inimircigh go Meiricea nár thaitin an córas eagothrom leo. Creidtear gur de bhunus Éireannach breis agus 24% den fhorsa ar fad agus tá stair na tíre seo fite fuaite leis na fáthanna lena bhfuarthas na daoine seo ag troid in Arm na Meicsiceo ar an taobh eile den domhan óna bhfod dúchas.

Bhí an Gorta Mór i mbarr a réime ag an am sin agus bhí na mílte Éireannacha ag teitheadh leo trasna na farraige móire ag iarraidh fuascailte. Ar baint céanna an oileáin úir amach, bhí Arm na Stát Aontaithe ag earcaíocht don chogadh agus chuaigh go leor Éireannaigh ina mball. Ach ní fada ina dhiaidh sin go bhfuair siad amach go raibh siad ag troid ar son córais a bhí - dar leo - chomh holc agus an córas ónar theith siad agus níorbh fhéidir le go leor leor de na saighdiúirí ainneonacha seo ghlacadh leis an smaoineamh go raibh siad ag imirt cogaidh ar dhaoine bochta eile, lucht tuatha Meicsiceo, caitlicigh mar a bhí siad féin. Threig siad Arm na Stat ina sluaite agus thug tacaíocht don bhocht. Throid siad go dian agus go croga, agus bhuaigh siad onóracha ag Cath Buena Vista.

Ach, mar a tharla, chailleadh an cogadh agus cuireadh ruaig ar Cathlann San Patricio ag Cath Churubusco, 20 Lúnasa 1847, an cath deireannach den chogadh. Gabhadh ar líon Éireannach agus iad ina gcimí. Cuisíodh iad as `treigeadh an Airm le linn chogaidh' agus cuireadh Cúirt Mileatach ar bun, cúirt faoi Coirneal Bennet Riley, Éireannach eile gan amhras agus an sloinne céanna air a's a bhí ar Ceannaire Chathlann Naomh Pádraig. Ach ní raibh trocaire ag Riley agus an lá dar gcionn daoradh 87 chun bás.

Crochadh 16 acu láithreach agus togadh an dream daortha eile go Cathair Meicsico chun breathnú ar Brat na Stat Aontaithe a fhoscailt thar an chathair. Crochadh iad ansin chomh maith ag tús mí Meán Fómhair.

Iad-san nár daoradh chun bás (daoine a threig Arm na Stat sular thosaigh an Cogadh, mar shampla), brandáladh iad leis an litir `D' (Deserter) ar leiceann a -aghaidheanna. D'éalaigh John O Reilly lena shaol, ach níl a fhios ar fhill sé go hÉirinn agus go Gaillimh riamh.

Eachtra fíor-shuarach i stair na Stát Aontaithe a bhí ann, ar ndóigh agus ana-thruaibhéalach nuair a cuimhnítear gur crochadh daoine as feall, a theith ón Ghorta in Éirinn, a chuaigh go dtí na Stait, a earcaíodh isteach Arm na Stát ar an ché sula dtiocfadh leo cos a chur ar thír fiú, agus ansin a crochadh i Meicsiceo as ucht troid ar son cúise ar chreid siad ann. Aithníodh iad ag an am mar laochra náisiúnta na Meicsiceo, agus go dtí an lá atá inniu ann múintear a scéal, scéal na nÉireannach Bocht seo a thug a saolta ar son Meicsiceo.

Bronnadh cóip de An Phoblacht na seachtaine seo chuaigh thart ar an Ambasadóir Daniel Dultzin, eagrán ina raibh scéal faoi dhúnmharú gníomhaí Bascach, i Meicsiceo, an mhí seo chuaigh thart. Labhair Eoghan Mac Cormaic ó Sinn Féin leis agus d'inis dó go mbeadh go leor daoine buartha faoi eachtraí mar é. Dúirt Daniel Dultzin nach raibh firicí iomláine an scéil cloiste aige fós, ach d'aontaigh sé go raibh na húdaráis thall ag deileáil leis mar `bás amhrasach', agus gheall sé go dtógfadh sé an cás suas.


Príosúin nó boscaí bruscair?



Nuair a d'fhógair Bertie Ahern a rialtas nua an mhí seo caite shíl mé go raibh sé mífhortúnach - duine measartha mé i mo chuid cainte - gur cheap sé John Puinn Foighde O'Donoghue ina Aire Dlí agus Cirt. O shin i leith tá m'amhras faoi Phuinn Foighde imithe i méid. Fear gnóthach é ó tháinig sé in oifig, agus dealraíonn sé go bhfuil sé thar a bheith mórtasach as a bheith ina fhear crua. An rud is mó atá déanta aige ná gur thionscain sé feachtas crá ar neamh-Eorpaigh, feachtas atá ina ábhar náire. Agus ansin d'fhógair sé coicís ó shin go raibh Port Laoise 2 le tógáil.

Tá easnamh éigin ar an saol in Eirinn go gcuirtear fáilte neamhshrianta roimh bhunú príosúin. Níl sé chomh fada sin ó shin ó bhí muintir an Chaisleáin Riabhaigh agus iad faoi cheannas easpaig ag máirseáil ar an Roinn Dlí agus Cirt lena leithéid a éileamh. Ansin coicís ó shin bhí sceitimíní ar ionadaithe poiblí agus ceannairí áitiúla eile i bPort Laoise nuair a chuala siad go mbeadh an dara príosún ar a dtairseach.

Níl mé dall ar an difríocht a dhéanann gach post in áit mar an Caisleán Riabhaigh atá scriotsa ag an dífhostaíocht. Níl mé dall ach an oiread ar an gcaoi a théann airgead thart timpeall ar cheantar nuair a scaoiltear amach slám airgid ragoibre sa gheilleagar áitiúil. An rud áta ait go bpléitear bunú príosúin amhail si dá mba rud é gur tionscal sláintiúil inmhianaithe é. Ní ritheann sé le ceannairí pobail, de réir cosúlachtaa, go bhfuil gnéithe morálta nó sóisialta den scéal ann.

Ar ndóigh is féidr cás simplí inchosanta a dhéanamh ar son príosúin nua agus is é sin go bhfruil na príosúin plódaiteh agus go bhrfuil príosúnaigh á gcoinneáil faoi thosca mídhaonna. Ní ceart, mar shampla, go mbeadh níos mó ná príosúnach amháin ann in aghaidh an chillín.

Cur isteach é ar phríobháideacht agus ar dhínit dhaonna na bpríosúnach an nós strainiséirí a chur ag roinnt cillíní le na chéile. Ní hamháin sin ach tá sé thar a bheith contúirteacht. Roinnt mí ó shin bhagair an Breitheamh Mary Martin ar bhuachaill 13 bliana d'aois go ndéanfaí é a éigniú dá gcuirfeadh sí go príosún é. (Tugtar breithiúna ar ghiústísí dúiceh anois cé nach bhfuil aon feabhas ar chaighdeán na gcúirteanna dúiche: siondróm Windscale/Sellafield arís!) Níor iarradh ar an mbreitheamh léannta éirí as oifig.

Níor tionscnaíodh fiosrú (gan trácht ar bhinse fiosraithe) faoina ndúirt an bhreiteamh. Ní ghlacfadh stát sibhialta le héigniú ina chuid príosún - oireadh agus uair amháin - agus níl sé inghlactha go luaifeadh breitheamh a leithéid de bhagairt le páiste ar mhaithe lena toil a imirt ar an lead bocht.

Tá bealach an-simplí ann leis an bplód´a mhaolú agus is é sin líon na bpríosúnach a laghdú. Tá na céadta príosúnach ann ar ceart dóibh a bheith in ospidéal seachas a bheith i bpríosún. Cuir leo siúd na céadta atá i bpríosún de bharr mionchoireanna nó toisc gur theip orthu fíneálacha a íoc. Lá i ndiaidh lae gearrtar príosúntacht ar dhaoine ó cheantair bhochta, beagnach go huathoibreach. Caithfear éirí as a bheith ag úsáid an córas príosúin mar bhosca bruscair le hainniseoirí a chru as radharc.

B'fhéidir nach bhfuil Puinn Foighde meallta ag gnéithe daonnachtúla an scéil seo ach b'fhiú dó aghaidh a chaitheamh ar bhuntáistí eacnamaíocha polasaí sibhialta ceartais. Mar thús, shábhálfadh a roinn an £18m (is ea, milliúin!) a chaitear in aghaidh na bliana ar ragobair na n-oifigeach príosúin. B'fhéidir go ndéanfaidh sé a mhachnamh air sin Dé Luain nuiar a fhilleann sé ó na hOileáin in Chanárcha.

Le Colm de Faoite


Slógadh i gContae Mhaigh Eo



Tá Slógadh Shinn Féin ag bogadh siar arís i mbliana i ndiaidh deireadh seachtaine spéisiúla a chaitheamh anúraidh i nGaeltacht Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga. I mbliana is go Muigh Eo a thabharfaidh Gaeil na Gluaiseachta aghaidh nuair a cruinneoidh siad don Aonú Slogadh Déag i nGaeltacht Ceathrú Thadhg agus baile fearainn Pholl a' Thomhais.

Gheall Eoghan Mac Cormaic, Roinn an Chultúir, an tseachtain seo go mbeadh deireadh seachtain ana-spéisiúil i ndán do lucht freastal an tSlogaidh:

```Sé téama an tSlogaidh seo ná `Aithint don tSainordú' agus is rí-fhéiliúnach é mar théama i mbliana ach go háirithe nuair atá go leor leor ionadaithe tofa nua againn. Tá súil agam go mbeidh duine nó beirt de na hionadaithe sin in ann freastal ar an imeacht seo agus tá a fhios agam go bhfuil spéis cheana féin ag muintir na h-áite in iarthuaisceart Mhuigh Eo sna h-imeachtaí seo.''

I measc na dtéamaí eile a pléifear ag an tSlogadh beidh: `Eisimirce, inimirce agus athbheochaint'; agus `Trí chomóradh , 1798, An Gorta, Éire Og'. Beidh cainteoirí áitiúla agus, mar is ghnáth i gcás na slogthaí thar na blianta, beidh aoíchainteoirí ann ó pháirtithe polaitiúla eile ar an ardán. Tá go leor stair ag baint leis an cheantar ina mbeidh an Slógadh suite agus tá sé i gceist ag lucht eagraithe na himeachta go rachaidh an turas chomh fhada leis na Páirceanna Céidí san iarnóin, ar an tSatharn.

Beidh an Slogadh ag siúl ón Aoine, 3ú Deireadh Fómhair go dtí an Domhnach 5ú Deireadh Fómhair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Eoghan MacCormaic (091-527061) nó scríobh le Roinn an Chultúir,Sinn Féin, 44 Cearnóg Parnell, Baile Atha Cliaith 1.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland