Top Issue 1-2024

30 March 2014 Edition

Resize: A A A Print

Bí ar an airdeall faoi ról an AE san Úcráín

Iarracht atá ar siúl ag NATO deighilt na hÚcráíne a úsáid le bagairt ar an Rúis

IN AINEOIN RTÉ agus tionchar na meán cumarsáide, tá móramh mhuintir na hÉireann fós ina náisiúntóirí, go háirithe ó dheas.

Ní chuirtear an náisiúntóireacht sin i bhféidhm an oiread, go háirithe i dtaobh na hEorpa, agus go hionduil bíonn muintir na hÉireann fábharach do náisiúntóirí i dtíortha eile, nó do dhaoine a cheapann siad gur náisiúntóirí iad.

Léiríonn cás na hÚcráíne an scéal sin. Creideann a lán go bhfuil na Rúisigh mícheart is impiriúlach sa seasamh atá glactha acu i dtaobh ghéarchéim na hÚcráíne, ach a mhalairt i ndáiríre atá fíor mar tá an scéal i bhfad níos casta na sin.

Ar dtúís eascraíonn an Rúis, an Úcráín (agus an Bhéalrúis) as an bhfoinse chéanna – na treabhanna Orshláibheacha a bunaigh a gcéad stát i gCíbh, príomhchathair na hÚcraine inniu.

Scrios an Mathshlua órga (Mongoil, Tátair is Túrcaigh) an stát sin agus chuaigh croí na n-Orshlábhach soir go Moscó. Chuaigh na ceadta thart sula bhfuair na Rúisigh an lámh in uachtar ar na Tátair is fuair forlamhas ar an Úcráín.

Ciallaíonn Úcráín an an limistéar ar an teorainn agus ba láthair troda ar feadh na gcéadta é. Sa deire fuair an Rúis ceannas ar an gcuid is mó den tír, go háirithe an deisceart agus an t-oirthear (agus an reiligiún ceartchreidmheach acu) agus fuair an Ostair seilbh ar an Iarthar, ar an nGailíc (agus leagan Slábhach den reiligiún Caitliceach acu).

Níor tháinig an t-iarthar ar ais go dtí an Úcráín go dtí gur thit an Pholainn roimh ionradh na Naziach.

D’fhás náisiúntóireacht frith-Rúiseach agus frith-Ghiúdach san iarthar agus chabhraigh na heagraíochtaí sinlies na Nazis – go príomhdha Stepan Bandera a bhfuil a híomhá le feiceáil go fairsing anois ag na páirtithe den eite dheis.

Ach sna toghcháin dheiridh fuair uachtarán agus páirtithe atá níos cóngaraí don Rúis móramh dena bhótaí. Nior thaitn sé sin leis na páirtithe atá fábharach don Aontas Eorpach - ach sin é an daonlathas.

Sna ciréibeanna i gCíbh le deireannas athainig eagraíochtaí faististeacha, ar nós Svoboda agus Pravy Sektor, amach go foiréigeanta ar na sráideanna. Cuireadh an t-uachtaran ar a choimeád agus bunaíodh ‘rialtas’ nua gan toghchán, rialtas neamhdhlisteanach faoi thuiscint ar bith.

Ní hé gur duine deas é Yanukovich ach is e an t-uachtaran dlisteanach é.

Níl an Rúis sásta ligint do NATO teacht suas lena cuid teorainneacha, agus tá siad ag gabhail seilbh arís ar an gCrim, ceantar a bhfuil móramh Rúiseach ann le trí chéad bhliain, agus is léir go bhfuil tacaíocht an phobail áitiúil acu dó seo.

Iarracht atá ar siúl ag NATO deighilt na hÚcráíne a úsáid le bagairt ar an Rúis.

Ní cóir duinn ligint dár gcómhbháidh le náisiúntóireacht go dtacódh muid le ‘rialtas’ a bhfuil seisear ann a mhaíonn go hoscailte gur Nazis iad.

Arís tá RTÉ ag iarraidh dallamullóg a chur orainn ar mhaithe le comhcheilg an Aontais Eorpaigh.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland