Top Issue 1-2024

1 September 2013 Edition

Resize: A A A Print

Brú Buiséid

Athrú sa gclár ama don chaináisnéis le brú breise a chuir ar an gComhrialtas

Tugann agóideoirí carta dearg don Rialtas de bharr a gcuid polasaithe déine

Tuigeann an Rialtas an chostas ar gach rud, ach ní thuigeann siad an luach ar thada

NÍ BHÍODH na díospóireachtaí buiséid ag tosú roimhe seo go dtí aimsir na Samhna, ach de bharr súil níos géire a bheith dhá choinneáil ag an Aontas Eorpach ar chaiteachas na mballstáit tá an bhuiséad tarraingthe chun cinn agus beidh sé againn i mbliana i lár mí Dheireadh Fómhair.

Níl aon dabht ach go mbeidh brú breise ar an gComhrialtas i mbliana de bharr na billiúin eile a bheith le tógáil as caiteachas Rialtais agus gur beag fuíollach atá fágtha acu le ciorruithe a dhéanamh. Tá amhras ann gurb iad siúd is lú atá in acmhainn íoc a iompróidh formhór an ualach — arís.

Seo an tríú buiséad ag an gComhrialtas seo. Is beag tionchar atá le feiceáil ag Páirti an Lucht Oibre ar a gcuid céilí leapain i bhFine Gael. Tá baill parlaiminte an Lucht Oibre ag titim de réir a chéile ar cheisteanna éagsúla, ach d’fhan a bhformhór dílis is iad ag súil go dtiocfaidh borradh ar an eacnamaíocht le go mbeadh seans éigin acu teacht slan as an bhfaopach polaitiúil.

Ach, insíonn na figiúirí loma a scéala féin — 420,000 daoine ar an gclár beo — sin in ainneoin 300,000 duine a bheith tar éis dul ar imirce le cheithre bliana. Tá paiste as gach deichniúr ag maireachtáil i mbochtaineacht leanúnach agus fós féin tá an Rialtas chun €3.1billiúin eile a bhaint as buiséad na bliana seo.

Chonaic muid i rith an tSamhraidh cuid mhaith den tsean-chleasaíocht Rialtais maidir le cé na réimsi a d’fhéadfaí ciorruithe a chuir i bhfeidhm iontu — pinsin seanóirí, liuntas leanaí is araile. Is léir nach bhfuil náire ar bith ar Joan Burton maidir leis na cluichí bolscaireachta atá sí sásta a imirt agus í i mbun na roinne sin. An imní atá orm ná cé na ciorruithe atá sí sásta a chuir i bhfeidhm orthu siúd is mó atá ag fulaingt de bharr na gearchéime agus iad is lú b’fhéidir a bhfuil seans acu teacht as. Chonaic muid an chaoi ar dhírigh sí ar thuismitheoirí aonair agus daoine óga roimhe seo.

Cá dtitfidh tua Ruairí Quinn? Meastar go mbeidh suas le €46m de chiorruithe le déanamh aige siúd. Tá amhras ann go mbeidh ardú ar an gcoibhneas múinteora-dalta, rud a thiocfadh sa mullach go mór ar na scoileanna beaga má chuirtear é sa bhreis ar chiorruithe a rinneadh orthu i mbuiséid roimhe seo. Agus ní dócha go ndéanfaidh sé rudaí tada níos éasca do mhicléinn ó chúlraí míbhuntáistiúla chun deis a thabhairt dóibh freastal ar oideachas tríú leibhéal.

Maidir le cúrsaí tuaithe, tá ciorruithe beartaithe ar chursaí iompair, tá na comhlachtaí forbartha pobail i mbaol, laghdú ar líon na ngárdaí agus na stáisiúin ina n-oibríonn siad, tá na ciorruithe i gcúrsaí sláinte ag cur as níos mó do sheirbhísí sna pobail tuaithe agus is dócha go bhfeicfidh muid a thuilleadh de seo i mbuiséad 2014.

Tá seirbhísí tacaíochta pobail do dhaoine óga, daoine le míchumas, riachtanais speisialta agus sainghrúpaí go leor eile gearrtha go feirc le blianta beaga chomh maith. Is ar éigin Dé atá siad ag coinneáil ag imeacht ar chor ar bith. Tá cuid mhaith díobh ag rá go mbeidh orthu deireadh a chur lena gcuid seirbhísí má thagann tuilleadh gearradh sa mbuiséad seo.

Cloiseann muid cuid mhaith bladair ón Rialtas seo maidir le spriocanna atá le bualadh ó thaobh an ‘troika’ de, ach le bheith fírinneach, tuigeann siad an chostas ar gach rud ach ní thuigeann siad an luach ar thada.

Beidh Sinn Féin ag cur malairt buiséad os comhair an phobail arís i mbliana, luath go leor roimh an gcáináisnéis le léiriú gur féidir na spriocanna atá leagtha síos a bhaint amach, gan an oiread dochar a dhéanamh agus le deimhniú gurb iad na daoine in Éirinn is mó atá in acmhainn a iompróidh an ualach is mó.

Ach, chomh maith le sin, beidh béim i bfhad níos mó ar bhorradh dáiríre a chuir faoin eacnamaíocht, le h-infheistíocht caipitil is araile a dhéanamh chun daoine a chuir ar ais ag obair, chun deis caiteachais a thabhairt don gcosmhuintir, rud a thacóidh le gnóluchtaí beaga atá ar a gcuid glúine faoi láthair freisin.

Níl aon amhras orm go mbeidh tuilleadh baill ag tréigeann páirtí an Lucht Oibre aimsir na cáináisnéise mar gheall ar an olc atá orthu nach bhfuil go leor dhá dhéanamh le gnáthdhaoine a chosaint. Is í an cheist atá ann ná cé mhéid díobh a imeoidh agus an mbeidh dothain acu ann le dochar a dhéanamh don gComhrialtas le go mbeidh athrú treo againn ó thaobh eacnamaíochta agus polaitíochta de.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland