Top Issue 1-2024

2 June 2013 Edition

Resize: A A A Print

An ‘Lucht Oibre Nua’?

An tAire Kelly ag iarraidh ar an bpobal caoi a chuir ar a gcuid bóithre féin

• Alan Kelly

Tá muid ag íoc lucht na mbannaí agus na mbancanna briste ar dtús agus tá na cánacha a luann sí ag déanamh suas an difríocht sa chóras Rialtais Áitiúil

TÁ SCÉIM nua fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Iompar, Alan Kelly, maidir le bóithre tuaithe den tríú grád a dteastaíonn uasghrádú uathu - sin go gcuirfidh seisean roinnt airgead ar fáil, má dhéanann daoine obair dheonach ar na bóthre céanna, nó go n-íocann siad féin as cuid den obair. Is dóigh gurb é seo an leagan Éíreannach den ‘Lucht Oibre Nua’ - nó ‘New Labour’ - ach gur saothar gnáth shaoránaigh na tire atá i gceist, seachas athrú ar leagan amach a pháirtí féin.

Is masla eile é seo ón Rialtas do mhuintir na tuaithe, atá faoi bhrú mór cheana féin ag an ngéarchéim eacnamaíochta, ag an imirce agus ag ciorruithe i mbunseirbhísí. Tá daoine ar labhair mé leo faoi seo ag rá go n-íocann muid cáin VRT nuair a cheannaíonn muid ár gcaranna, cáin bóthar uair sa bhliain orthu, cáin ar an mbreosla a chuireann muid isteach iontu, tollaí nuair a úsáideann muid na mótarbhealaigh, an cáín teaghlaigh agus an táillí tíos le haghaidh seirbhísí Rialtais áitiúil mar dhea agus anois táthar ag iarraidh orainn breis a íoc, nó obair dheonach a dhéanamh le bóithre atá i ndroch chaoi a dheisiú.

Cá bhfuil an t-airgead ar fad atá muid ag íoc ag dul a fhiafraíonn siad?

Tháinig seo chun solais go luath i ndiaidh ag cruinniu poibli i Ros a’Mhíl I gConamara le déanaí, a eagraíodh de bharr timpiste thragóideach inar maraíodh déagóir a bhí ag siúl an bhóthair, Leah Ní Fhinneadha. Níl aon chosán coisithe ar an bpíosa bóthair a raibh sí ag siúl air. Níl aon soilse ann agus maítear nach bhfuil na sceacha atá ar leataobh bóthair ann dhá bhearradh mar is cóir ag an gComhairle Chontae. Is é seo an triú timpiste dá leithéad le roinnt blianta san áit inar maraíodh coisí a bhí ag siúl an bhóthair agus tá daoine áitiúla ar buille mar gheall ar easpa gníomh ón gComhairle Chontae chun an stráice áirithe bóthair seo a dhéanamh níos sábháilte.

Page 5 2

Tugadh íde na muc is na madraí don Teachta Dála Seán Kyne, do na Comhairleoirí Chontae reatha a bhí i láthair agus go deimhin don Iar-Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, mar gheall nár fheidhmigh siad mar gur chóir dóibh chun infheistíocht cuí a chur ar fáil do chosán coisithe ann. D’fhiafraigh cara óg amháin le Leah Ní Fhinneadha do na polaiteoirí ar fad a bhí i láthair cé mhéad duine a chaithfidh a bheith maraithe sula ndéanfar rud éigin faoi? Fágadh na polaiteoiri ina dtost.

Cead ceathracha míle euro an costas measta don obair seo atá i gceist i Ros a’Mhíl agus táthar ag moladh go dtiocfar i dtreo na cistí LEADER le n-íoc as - nó, anois i dtreo an chiste nua seo atá dhá mholadh ag Alan Kelly.

Ach, is bóthar an chontúirteach polaitiúil í seo le taisteal.  Táthar ag iarraidh ar na pobail áitiúla leath, nó níos mó, de chostas na n-oibreacha a chlúdach - le h-airgead tirim, nó saothar in asice, nó tré áiseanna agus innealra a chuir ar fáil. Is léir go mbeidh buntáiste anseo do phobail rachmasacha seachas iad siúd atá ar an ngannchuid.

Cén tionchar a bheidh aige seo ar na h-oibrithe sna Comhairlí Áitiúla a bhíonn ag déanamh na h-oibre seo de ghnáth? Is cinnte nach gcuideoidh sé le buanacht a gcuid fostaíochta. Céard fgaoi sláinte agus sabháilteacht? Samhlaigh dá mbéimís ag iarraidh ar bhanaltraí, dochtúirí, múinteoirí, Gardaí, nó Dia idir sin agus an anachain státsheirbhísigh leath dá gcuid oibre a dhéanamh in aisce, nó ar bhaill den phobail oibriu ina n-áit go deonach? Bheadh cogadh tionsclaioch ann agus sin mar ba chóir. Agus tá an scéim seo ag teacht ó Aire atá i bpáirtí a thugann ‘An Lucht Oibre’ orthu féin!

Agus céard faoin gceist a chuir bean darb ainm Peigí, ar na polaiteoirí i Ros a’Mhíl - cá bhfuil an t-airgead ar fad a íocann sí i gcáin bóthar ag dul, muna bhfuiltear dhá n-úsáid leis na bóithre áitiúla a dheisiú? Bhuel, tá muid ag íoc lucht na mbannaí agus na mbancanna briste ar dtús agus tá na cánacha a luann sí ag déanamh suas an difríocht sa chóras Rialtais Áitiúil. Oidhreacht an Tíogair Cheiltigh, tá faitíos orm.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland