Top Issue 1-2024

3 March 2013 Edition

Resize: A A A Print

Cén chaoi gur tháinig Fianna Fáil ar ais?

• Mícheál Martin agus Enda Kenny

NÍ NACH íonadh tá ríméad ar Fhianna Fáil go leiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil an páirtí ar ais sa gcéad áit sa stát, agus meqarbhall ar thráchtairí polaitíochta faoi cén chaoi a tharla sé.

Is dócha go bhfuil dhá chúis leis an bhfilleadh polaitiúil seo: sa gcéad áit tá díomá ar a lan daoine a ghlac le geallúintí is dea-chaint pháirtithe an rilatais reatha i gcaitheamhm an olltoghchain.

Agus níos tábhachtaí níor diúltaíodh ar fad do Fhianna Fáil. Cuireadh pionós orthu mar gheall ar an bpraiseach a rinne siad leis an eacnamaíocht Bhí an pionós tuillte, ach anois tá na vótóirí ag breathnú don todhchaí.

pg21-FF-FG and back FF

San Iarthar ach go háirithe gheobhaidh Fianna Fáil suíocháin ar ais ó Fhine Gael, ach i mBaile Átha Cliath tá an páirtí sa gceathrú háit i gcónaí (ar 10%) — comhartha nach bhfuil aicme oibre na cathrach sásta peacaí an pháirtí a mhaitheamh dóibh.

Ach sula ndéanann muid ceiliúradh faoi sin is san ard-chathair freisin go bhfuil Píartí an Lucht Oibre ag coinneáil roinnt mhaith dá gcuid tacaíochta le 18% den bhóta Caillfidh siad suíocháin i mBaile Átha Cliath ar na figiúírí seo  ach ba chóir go mbeadh b’fhéidir seachtar nó ochtar acu sa bpríomhchathair — síos ón 17 atá acu faoi lathair.

Tá sé éasca a thuiscint cén fath go gcaillfeadh Páirtí an Lucht Oibre Bhréagnaigh siad a gcuid geallúintí is prionsabail ar fad le dul isteach le Fine Gael agus polasaithe na déine a chur i bhféidhm.

pg21-FF-FG and back FF

Tá sé níos deacra a thuiscint cén fath go dtabharfadh daoine tacaíóocht arís do Fhianna Fáil nuair a thugann said droim láimhe do pháirtithe an rialtais, mar is ionann polasaithe Fhianna Fáil agus Fine Gael/Labour, mar a leirigh an vóta faoina nótaí gealltanais.

Sa gcómhthéacs sin is fánach ag na tráchthairí go gceapann said go mbeidh cómhrialtas ann idir Shinn Féin agus Fianna Fáil nuair is leir nach n-aontaíonn Sinn Féin le polasaithe eacnamaíochta Fhianna Fáil is nach feidir cómhrialtas a bhunú ach ar bhonn athrú polasaí.

Is leir ámh nach mbeidh na vótaí ag Fianna Fáil agus Lucht Oibre le chéile, agus fágann sé sin gur cómhrialtas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael ata ar na bacáin.

Ní rud maith é sin, ach tabharfaidh sé don eite clé aontacht nua a chruthú más féidir leis an Lucht Oibre briseadh lena spleáchas ar Eoraip is ar pholasaithe frithbheartacha na bpairtithe coimeádacha.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland