Top Issue 1-2024

3 March 2013 Edition

Resize: A A A Print

An Chinsireacht agus Cruinneshamhail na nÉireannach

• Shane Cullen

Is géarghá diúltú glan don chinsireacht chaolaigeanta

NÍ MÉ CÉARD a déarfadh an gnáth-Éireannach, más ann dó féin, dá gcuirfí an cheist air, an bhfuil mórán den chinsireacht i bhfeidhm sna 26 Chontae ó dheighilt na hÉireann i leith?

Bíodh is nach mbaintear Éire le cultúr na cinsireachta i gcoitinne, is léir go bhfuil rian maith den mheanma atá taobh thiar den chleachtas úd le feiceáil i bpolaiteoirí ár linne. Mar a chonacthas le déanaí, cheap an comhairleoir Fhine Gael in Áth Luain, Mark Cooney, nach raibh aon ní as bealach déanta aige nuair a d’iarr sé ar chomhairle an bhaile glacadh le rún a d’éiligh go mbainfí péinteáil suntasach as dánlann an bhaile ‘ós rud é go bhfuil sé maslach do roinnt mhaith daoine’. Ní hamháin nach réitíonn saothair an ealaíontóra le comhairleoirí coimeádacha na hÉireann, faraor.

Tá iarrachtaí á ndéanamh le guthanna easaontacha sa stát a mhúchadh chomh maith leis sin. I mí Iúil 2012 scríobh Roinn an Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chuig urlabhraí ó Ghuth na Gaeltachta, Dónall Ó Cnáimhsí, atá fostaithe mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Dún na nGall, chun fainic a chuir air maidir le ráitis a rinne sé faoin mBille Gaeltachta. Mhaígh an litir go bhféadfaí gur sháraigh Ó Cnáimhsí téarmaí a fhostaíochta nuair a léirigh sé a mhíshástacht leis an mBille Gaeltachta.

A dhála sin, is fiú an chreach a tharla do theach de chuid gníomhaí síochána i gContae na Gaillimhe an samhradh seo caite a lua, eachtra inar glacadh ríomhaire, ríomhairí glúine agus cáipéisí eile a bhain le ballraíocht na gluaiseachta síochána sa chontae.

Go deimhin féin, i gcomhthéacs na gciorruithe iomadúla atá á gcur i bhfeidhm san earnáil phoiblí faoi láthair, ní beag é cinneadh an rialtais ó theas go mbeidh cúram bhailiú na cánach réadmhaoine faoi oibrithe de chuid oifig na gcoimisinéirí ioncaim. Is dóigh liom go mbeadh sé fíor-spéisiúil don phobal dá mbeadh sé ar an eolas faoin gcaoi a mbeidh an oiliúint á cur ar fáil le haghaidh na n-oibrithe seo a bhéas ag bailiú na cánach.

Nuair a chuimnítear ar an bhfearg phoiblí in aghaidh chiorraithe an rialtais, a bhfuil borradh á chur fúithi diaidh ar ndiaidh, níl aon amhras ach gur uirlis an-luachmhar a bheadh san earnáil phoiblí atá ar aon fhocal leis an stát agus í ag cur i bhfeidhm a chuid polasaithe ráite go dúthrachtach le teann faitís.

Bíodh sin is uile, is í an tréith choitianta atá ag na gníomhartha seo ar fad ná go bhfuil aon chruinneshamhail amháin á chur chun cinn ag na húdaráis in Éirinn ár linne. Is í an éifeacht a bhaineann le cur chun cinn na cruinneshamhla seo, in am an ghátair, ná gur féidir beartais dhéine a chur i bhfeidhm gan mórán easaontais.

Measaim go raibh an ceart ar fad ag Shane Cullen, an t-ealaíontóir a dhear péinteáil na ‘comms’ ó chimí poblachtánacha sa cheis fhada, nuair a choimrigh sé go beacht an fhealsúnacht a spreag imeachtaí na comhairle in Áth Luain: ‘Maybe it’s the particular political climate we’re existing under at the moment’.

Ní hé gur chuir péinteáil Cullen isteach ar Chomhairleoir Cooney go sonrach, nó gur chuir Dónall Ó Cnáimhsí agus gníomhaí síochána as don rialtas ach an oiread. Is é ‘cultúr an fhaitís’, ar ar thrácht Shane Cullen le linn a agallaimh do na meáin taobh amuigh de chomhairle Bhaile Átha Luain, atá mar mhór-chuspóir ag bearta rialtas Fhine Gael-Pháirtí an Lucht Oibre. Agus is tábhachtaí i bhfad an tuiscint níos leithne seo ná aon imeacht amháin, dá thábhachtaí iad féin dóibh a raibh dlúth-bhaint acu leo.

Is é an cúram atá orthu siúd nach n-aontaíonn le cur chuige nualiobrálach na hEorpa, atá á leanúint scun scan ag rialtas na hÉireann, ná chun an fód a sheasamh go buan leo siúd atá ag fulaingt mar gheall orthu, bíodh an pobal sin i ngar nó i gcéin. Más páiste sa Phacastáin a maraíodh ag ladrann Meiriceánach a stop in Éirinn le hathbhreoslú atá i gceist, nó duine óg a d’fhág an tír mar gheall ar ghanntanas postanna, nó lánúin aosta nach raibh in ann iad féin a chothú de bharr fadhbanna airgeadais, is géarghá diúltú glan don chinsireacht chaolaigeanta i gcónaí agus tacú leo go fírinneach.

Murar féidir an méid sin a bhaint amach, ní chuirfear le féin-mhuinín an phobail, ní chuirfear samhail níos fearr ar fáil do chosmhuintir na tíre, gheobhaidh cultúr an nualiobrálachais an ceann is fearr agus, gan aon agó, caillfear deis eile leis an sochaí a chlaochlú agus le cumhacht a chur i láimhe an phobail féin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland