Top Issue 1-2024

6 January 2013 Edition

Resize: A A A Print

Creach ár n-acmhainní nádúrtha

Maoin na tíre á n-alpadh ag forbróirí príobháideacha

Tá níos mó daoine ná ariamh ag ceistiú cé chomh maith don phobal agus don dúlra atá na forbairtí seo

TÁ AMHRAS orm go bhfuil creach níos mó na ariamh dhá dhéanamh ar acmhainní nádurtha na hÉireann ar son comhlachtaí agus daoine príobháideacha agus níl fhios ag daoine go bhfuil sé ag tarlú fiú.

Áirím anseo ár bhfuinneamh gaoithe, tonnta, uisce, ór, ola & gáis nádúrtha. Tá muid ar fad eolach ar chás tobar gáis na Coiribe a bhí chomh mór i mbéal an phobal de bharr an chaoi ar chaith an comhlacht  Shell, i gcomhair leis an Stát seo, le pobal Ros Dumhach. Ach, measaim go bhfuil an príobháidiú céanna ar bun go ciúin maidir le foinsí eile fuinneamh agus mianraí in Éirinn.

I láthair na huaire tá forbairtí fuinneamh gaoithe ag tarraingt cuid mhaith achrann. Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do na céadta muilte gaoithe ar fud Chonamara Theas. Tá iarratais istigh ar roinnt mhaith eile chomh maith. Tá daoine atá i gcoinne cuid do na forbairtí ag maíomh go bhfuil cuid acu ag sárú na treoirlinte pleanála atá i bplean forbartha an chontae. Tá an Chomhairle Chontae dhá shéanadh seo dár ndóigh agus níl siad sásta an cead pleanála a tharraingt siar faoi mír a ceathracha ceathair don Acht Pleanála, a thugann an chumhacht sin doibh má ta forbairt atá ceadaithe ag sárú na rialacha pleanála. Leis an gcás a throid bheadh ar na daoine áitiúla dul chun na hardchúirte agus i gcoinne comhlacht a bhfuil i bhfad níos mó acmhainní acu chun cás dá leithéad a throid.

Tá na muilte seo ollmhór - níos mó na an ‘Spíce’ ar Shráíd Uí Chonaill. Go minic bíonn drogall ar dhaoine, go háirithe polaiteoirí, cur i gcoinne forbairtí sa bhfuinneamh ‘glas’ seo, ach tá níos mó daoine ná ariamh ag ceistiú cé chomh maith don phobal agus don dúlra atá na forbairtí seo. Tá amhras maidir leis an torann a bhíonn ó na muilte, an caochaíl (flicker) a bhíonn uathu, chomh gar do thithe is ata siad,  gan trácht ar an bhforbairt féin ó thaobh tógála agus an strus a bhíonn ag baint le tograí den chineál seo a throid.

Tá buntáiste mór do na hÚdaráis Áitiúla as na muilte seo. Tuigtear dom go mbeidh teacht isteach thart ar €8000 an ceann ag an gComhairle Chontae i nGaillimh as gach turbín nua a cheanglaítear suas. Ní beag an suim é sin. Tá daoine áirithe ag fiafrú an bhfuil coimhlint leasa ag baint leis an bproiséas nuair atá buntáíste chomh mór le fáíl ag an Údarás áitiuil as na tograí seo a cheadú? Tá ceisteanna curtha ag Comhairleoirí Chontae áirithe i nGaillimh freisin maidir leis an ról atá ag Bainisteoir an Chontae mar stiúrthóir ar an gcomhlacht gréasáin Eirgrid.

Tá sé spéisiúil gur tugadh amach na ceadanna pleanála ar fad i gConamara do na forbairti muilte gaoithe sula raibh plean fuinneamh gaoithe aontaithe ag an gComhairle Chontae. Sa mullach ar sin tá muid gan straitéis náisiúnta ó thaobh fuinneamh gaoithe de. An dtiocfaidh sé sin isteach nuair atá an margadh ar fad plódaithe agus na forbairtí tarlaithe?

Cuireann seo an cás maidir leis na ceadúnais ola agus gáis atá tugtha amach sa tír seo? In ainneoin tuairisc ó SIPTU agus ceann eile ó Chomhchoiste Oireachtais maidir le athraithe is gá a chuir ar an réimeas ceadúnais chun luach saothar níos fearr a ghnóthú don Stát, tá an tAire Rabbitte balbh. Ach, níor stop sin é ag tabhairt amach breis ceadúnais an bhliain seo caite do na comhlachtaí atá ag forbairt na hacmhainní seo amach ó chósta na hÉireann. Dúirt sé liom i bhfreagra sa tSeanad go mba cosúil le bheith ag tóraíocht snathaid i gcoca féir a bheith ag tolladh in Éireann d’ola nó gáis.

Sin, dar ndóigh, sular fógraíodh dhá taisce mór eile amach ó chósta thiar theas na hÉireann gur fiú na céadta milliúin euro iad. Agus, beidh na comhlachtaí atá i gceist ábalta díscríobh iomlán a dhéanamh in aghaidh cáin ar na costais taisceolaíochta ar fad sula n-íocfaidh siad pingin rua cánach don Stát seo. I bhfocail eile tá cáiníocóirí na tíre - mise agus tusa - ag íoc as an taisceolaíocht ar fad ar deireadh.Tá stráice ór faighte i Loch Garman agus é i lámha príobháideacha chomh maith.

Tá mé in amhras go leanfar an cur chuige céanna maidir le fuinneamh mara, cursaí uisce agus eile agus go bhfuil géarghá le díospóireacht cuimsitheach le seo a sheachaint. Ba chóir go mbeadh buntáíste i bhfad níos fearr ag saoránaigh uile na hÉireann as an saibhreas seo seachas grúpa beag forbróirí príobháideacha.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland