6 January 2013 Edition
Pearse’s political journal republished
Remembering the Past
PH PEARSE published a political weekly newspaper in the Irish language between March and May 1912. An Barr Bua gave a voice not only to Pearse but to other radical Irish nationalists such as Eamonn Ceannt who, like Pearse, was executed for his part in the 1916 Easter Rising.
The 11 issues of An Barr Bua mark a significant development in Pearse’s politics. (See Remembering the Past, March 2012). They also signal a step towards a more defined separatism among young radicals and for that reason they are important to an understanding of the history of that period, just prior to the 1913 Lock-Out and the founding of the Irish Volunteers, the Irish Citizen Army and Cumann na mBan.
Now An Barr Bua has been published in its entirety by Irish-language publisher Coiscéim, edited by Aindrias Ó Cathasaigh (paperback €15). It is highly recommended. Here we carry one of Pearse’s articles from An Barr Bua number 2, 23 March 1912. Entitled ‘Will Ireland be sold?’ it has obvious echoes in Irish politics today.
An nDíolfar Éire?
TÁ ÉIRE i gcontúirt a díolta. Ní hé sin é amháin. Tá sí i gcontúirt a díolta gan aon dearbhú an luach airgid ar a bhfuiltear dá díol. “Ná caithigí chun na conairte mé”, a dúirt Parnell le Gaeil, “go bhfaighidh sibh an luach airgid ar a bhfuil sibh do mo dhíol.” Níor éisteadh leis. Caitheadh chun na conairte é agus stracadh óna chéile é. An luch airgid ar ar díoladh é níor fritheadh fós é. Is mairg a ní an t-olc agus bhíos boch ina dhiaidh. Ach dá uasáfaí a dhéanamh an choir a rinne Gaeil an t-am sin, is baolach dóibh coir níos uafásaí a dhéanamh anois. Dhíoladar a gcara an uair sin mar chomaoin ar a namhaid. Is é a n-anam féin atá ar an margadh den dul so agus cuid acu réidh chun a dhíolta ar gheall nach bhfuil aon dearbhú acu go gcomhlíonfar go deo é.
An dream úd atá dá ghabháil lena n-ais go mbeidh Gaeil ílis do choróin Shasana ach Feis a bheith faoi cheannas Fheis Ghall, chítear dúinn go bhfuilid ag díol ceart dúchais Gael in aisce. Dúramar, tá seachtain ó shin, gurb í coir Esau a bhí dá déanamh acu. Ach níl ciall Esau féin acu. Dhíol Esau a cheart dúchais ar bheagán brocháin. Fuair sé an brocháin agus bhí sách sámhlíonta. Ach ní heol d’éinne fós an bhfaighidh Gaeil an brocháin ar a bhfuilid ag díol a n-athartha. Nár thrua a gcás dá bhfágfaí gan chlú gan chuid iad?
Dá mba fíor go mbeadh Gaeil dílis do choróin Shasana ach mion-Fheis a bheirh acu, níor ghá dóibh a bheith dílis roimh ré. Ach ní fíor. Beidh cuid dóibh dílis go deo faoi mar atáid anois. Is dócha go mbeidh a thuilleadh dílis an uair a laghdófar ar a leatrom agus an uair a bheas cumhacht agus saibhreas acu. Ach tá dream anso nach mbeidh dílis do choróin Shasana go broinn an bhrátha. Beidh an dream sin ag bailiú Gael óg chucu ó ló go ló agus ó bhliain go bliain. Más mar sin atá, ní ceart a mhalairt a chur ina luí orainn féin ná ar éinne eile. Ná ceilimís an fhírinne go bhfaighimís Éire air.
Tá gá le buíon Gael a chosnódh oineach ár gcine sa gcath atá romhainn agus go mormhór sa tsíocháin a bheas ann tar éis an chatha más do Ghaeil is treise sa gcath. Chuirfimís trí ní mar dhualgas ar a leithéid sin de bhuíon dá mbeadh sí ann. An chéad ní díobh, lucht na Gaeilge a bhailiú a chúnamh Gael sa gcath, óir is iad lucht na Gaeilge is dílse de chlanna Gael agus is iad is aoirde aigne agus is géire intinndá maireann dár gcine. An dara ní díobh, má chuirtear Feis ar bun in Éirinn, buíon Gael nach bhfuil ceannaithe agus nach féidir a gceannach a bheith ar an bhFeis sin ó thus, buíon a sheasfas ar son ceart Gael in aghaidh Gaill agus Gall-Gaill na cruinne. Nó, an treas ní díobh, má theipeann orainn an Fheis sin a bhaint amach den iarracht so, Gaeil a ghairm chun éirí agus staonadh dá ngríosadh go mbeidh ina chogadh craorag ar fud na hÉireann.
Dá mbeadh buíon dá laghad ann agus iad ar aon aigne I dtaobh an mhéid sin ba tuar buaite do Ghaeil é.