Top Issue 1-2024

2 September 2012 Edition

Resize: A A A Print

To Fleadh or not to Fleadh

Fleadh Cheoil na hÉireann, Cabhán 2012

Fleadh Cheoil na hÉireann, Cabhán 2012

I ngach doras bhí grúpa óg agus aosta ag seinnt uirlis éigin agus ceoil traidisiúnta le cloisint i ngach áit

AR MHAITHE le mo chomhleacaithe as Corcaigh, is ar Fleadh Cheoil na hÉireann atáim ag trácht ar agus ní haon saghas Fleadh eile!

I mbliana bhí seastán Gaoluinne againn i gcomhpháirtíocht le siopa áitiúla Shinn Féin imbaile Cabhán le linn Fleadh Cheoil na hÉireann. Caithfidh mé a rá gur chuir an cumann áitiúil taispeántais don scoth ar siúl ag díriú ar Mhná Poblachtánacha.

Is cinnte go raibh léargas iontach ar na mná crógach uasal seo léirithe sna pictiúir agus páipéarachas pearsanta a tugadh ar iasacht don taispeántas uaidh leithéidí Ronan Caffery as Drogheda chomh maith leis an Músaem i mBéal Feirste.

Ag leamh tríd na hainmneacha do mhnáimh a bhí i bpríosún i Nollaig 1946 i Mountjoy agus tríd na blianta ar fad rith sé liom gur íobairt cuíthach a dhein siad, mná ó Dhún na nGall, Loch Gorman, Corcaigh, Baile Átha Cliath ina measc,  cuid acu le clainne óg agus tá fhios againn go léir an cruatan a bhí acu sa Phríosún — agus nílimid ag caint ar fadó fadó. Bhí sé soiléir go raibh na mná seo go léir dírithe i dtreo an idéalachas Poblachtánach — nach iontach go raibh siad ábalta an gluaiseacht a chuir chun cinn gan aon chabhair uaidh ábhair teicneolaíochta mar atá againn inniu, ní raibh aon texting nó riomphostanna nó fiú glaoch gutháin, caithfidh go raibh teagmháil fíor dheacair.

Kerri Mullan agus Laurne O'Neill, DoireBhí tuairim is 645 bean curtha i bpríosún le linn an Cogadh Cathartha, is beag duine a chuimhníonn ar na mná sin agus iad ag trácht ar stair na Tíre, mar sin is ábhar mórálach é do Shinn Féin i gCabháin gur chuir siad an taispeántas seo os comhair an phobail. Caithfidh mé mo chomrádaithe anseo a luadh - Barney Reilly agus Stephanie Murtagh, Rosalind Blaney agus Ruairí Gumley ach go háirithe, a bhí ag freastal ar an pobal an seachtain ar fad, dhein siad éacht. Chuir siad fáilte mór roimh an Corcaíoch seo agus ní raibh aon gabhtanas ar chupáin tae agus caidreamh faoi na mná uasal as an taispeántais a bhí inár dteanntá.

Ag leamh tríd Bunreacht Cumann na mBan do chaitheas súil ar uimhir 3 ar an liosta — Gaelú na Tire. Rith sé liom go bhfuil sé go bhfuil sé seo mar aidhm agam fhéin le mo phost mar an Oifigeach Náisiúnta Gaeilge — cé gur mór iad na bróga go bhfuil le líonadh agam tá go leor banlaochra imithe romham atá mar ábhar inspioráideach do gach poblachtánach mar sin féin, táim ag braith ar an deá thoil atá ag an pobal i dtreo ár dteanga — agus ar ndóigh ar ábhar teicneolaíochta!

Is léir go bhfuil an Tír Gaelach go maith rud a I ngach doras bhí grúpa óg agus aosta ag seinnt uirlis éigin agus ceoil traidisiúnta le cloisint i ngach áit bhí soiléir agus mé ag spaisteoireacht timpeall ar Chabháin.. Bhí rinceoirí nua-aimseartha ag rince ar stáitse go dtí ceol traidisiúnta (rince sráide is dócha an cuir sios is fearr ar). Is léiriú iontach a bhí ann ar conas an traidisiún a cheangail leis na healaíona nua-aimseartha, bhí fuinneamh breá dearfach le braithint as dóibh, tá ard mholadh i gcónaí tuillte ag an t-aos óg. Cé go mbíonn cultúr na Stáit Aontaithe agus an chuid eile don Eoraip de shíor ag bagairt orainn, tá cumadh ar go bhfuil ár gcultúr traidisiúnta féin ag seasamh an fód. Is iontach an coincheap an Fleadh, bíonn gear ghá le ardán a thabhairt do glúin óg chun bualadh le cheile agus cairdeas a bhunú, neartaíonn sé an suim láidir i gceol traidisiúnta agus an cultúr a bhaineann leis.

Is ábhar mór brod é chomh maith do mhuintir na háite an dornálaí agus buaiteoir bonn Oilimpeach John Joe Nevin, cé gur as Contae Iarmhí é, is anseo i gCabháin faoi stiúra an Chomhairleoir Brian McKeown a chuir sé tús lena gcuid traenáil mar dornálaí agus cé nach raibh aon tacaíocht airgead ar fáil, is léir gur fuair sé tús agus traenáil maith uaidh Brian. Tá an dornálaíocht ar ndóigh ag imeacht ó neart go neart agus nuair a ghlaoigh sé isteach go dtí an taispeántais, d’ardaigh sé spioraid gach duine a bhí ar láthair.

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire an bhliain seo chugainn agus is cinnte go mbeidh an Corcaíoch seo ag tabhairt aghaidh air. Táim ag súil leis cheanna féin agus táim cinnte go mbeidh an citeal á bheiriú acu ann dom - tabharfaidh mise na tae bags!

Niall Ó Donnghaile agus Liadh Ní Riada, Oifigeach Náisiúnta Gaeilge, Ard Fheis 2012

• Niall Ó Donnghaile agus Liadh Ní Riada, Oifigeach Náisiúnta Gaeilge, Ard Fheis 2012

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland