Top Issue 1-2024

29 July 2012 Edition

Resize: A A A Print

Todhchaí na Gaeltachta

LEASUITHE ATÁ Á MOLADH AG CONRADH NA GAEILGE AGUS GUTH NA GAELTACHTA DON BHILLE GAELTACHTA 2012

Is gá deis mar is cóir a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge an reachtaíocht ríthábhachtach seo a phlé i measc an phobail agus dá réir, tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mba chóir fanacht go dtí an téarma nua Dála i mí Mheán Fómhair chun An Bille Gaeltachta 2012 a reachtú.

D’FHÁILTIGH Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta roimh fhoilsiú An Bhille Gaeltachta 2012, ach creideann go bhfuil go leor leasuithe le déanamh agus ceisteanna le freagairt air maidir leis na pleananna Gaeilge atá ag a chroílár.    Tá gach cuma ar an scéal go mbeidh an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le trí scór bliain anuas á bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh.

Tá imní mhór ann go bhfuil ceantair ina bhfuil an Béarla in uachtar measctha le ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar sna limistéir phleanála teanga. Ní chóir limistéir Ghaeltachta neamhchosúla a chur le chéile ná pobal atá i gCatagóirí Teangeolaíocha éagsúla - faoi mar a shonraítear sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) - a chaitheamh le chéile i limistéar pleanála amháin. Ba cheart go mbeadh dualgas ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gach feidhmiúchán dá chuid a dhéanamh de réir chritéir pleanála teanga freisin.

Tá an-bhuairt ann fosta go bhfágfaí uallach na hoibre ar na heagrais phobail Ghaeilge, atá ag feidhmiú ar bhonn deonach go príomha, gan freagracht ar an Stát as an teanga ná gan acmhainní riachtanacha a chur ar fáil leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Is ar Údarás na Gaeltachta gur chóir go mbeadh an príomhchúram maidir le ullmhú agus le feidhmiú na bpleananna, ag obair i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail. Chun dúbláil a sheachaint, ba chóir ról cúram na mBailte Seirbhíse Gaeltachta a bhaint ó Fhoras na Gaeilge agus a chur faoin Údarás.

Tá géarghá le hamscála cinnte a leagan síos do na pleananna teanga chomh maith le struchtúr téagar, trédhearcach chun iad a chur i bhfeidhm. Ba chóir monatóireacht agus measúnú neamhspleách ar dhul chun cinn agus ar chur i bhfeidhm éifeachtach na bpleananna Gaeilge i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge a fhágáil faoi chúram Oifig an Choimisinéara Teanga, ní faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is baolach nach mbeidh Údarás na Gaeltachta ionadaíoch ar an bpobal ar a fhreastalaíonn sé air a thuilleadh in uireasa toghcháin phoiblí do chomhaltaí Bhord an Údaráis. Ní mór go mbeadh ionchur ón bpobal i dtoghchán na gcomhaltaí, agus go mbeadh deis ag baill an phobail cur isteach ar an mBord trí chóras ceapacháin oscailte, amhlaidh ceapacháin le Bord RTÉ, má tá na sainscileanna a bheadh in oiriúint d’obair an Údaráis acu. Is féidir airgead a shábháil trí líon níos lú comhaltaí a thoghadh gach bliain, ach is gá an daonlathas a chosaint agus ba chóir go mbeadh méid áirithe fós á dtoghadh ag an bpobal. D’fhéadfaí na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta á rith ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla sna ceantair éagsúla.

Níor éirigh le modhanna na scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chinntiú go raibh an Ghaeilge ina teanga oibre in oifigí comhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht ó reachtaíodh é naoi mbliana ó shin. Ní foláir, mar sin, ordú a chur sa Bhille Gaeltachta 2012 chun seirbhís Ghaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú, tráth nach déanaí ná mí na Nollag 2016.

Conradh na Gaeilge sticker

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go mba chóir go ndéanfaí aonad riaracháin den Gharda Síochána agus de na Cúirteanna a chur ar bun, don Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht, a riarfaí trí mheán na Gaeilge freisin. Ba chóir go mbeadh dóthain baill foirne ag An Garda Síochána i ndúiche Ghaeltachta, atá inniúil ar an nGaeilge le go mbeadh siad in ann a gcuid dualgais a chomhlíonadh i measc an phobail sa teanga chéanna. Ba chóir an Ghaeilge a bheith mar theanga oibre gach cúirte sa Ghaeltacht chomh maith, ach cead ag baill den phobal láithriú iontu as Béarla más mian leo, nó i dteanga eile trí ateangaire. Ní hea ról na gCúirteanna ná ról na nGardaí an Ghaeltacht a Bhéarlú.

www.guthnag.com

Tuilleadh eolais:

Síne Nic an Ailí,

Feidhmeannach Forbartha & Oifige,

Conradh na Gaeilge,

6 Sráid Fhearchair,

Baile Átha Cliath 2,

www.cnag.ie

[email protected]

+353 (0)1 4757401

+353 (0)87 6546673

Gach eolas faoi ranganna, imeachtaí agus feachtais Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie anois. Tacaigh le cur chun cinn na Gaeilge - tacaigh le Conradh na Gaeilge anseo! Ag feidhmiú mar chuid d’Aontas Phobal na Gaeilge.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland