Top Issue 1-2024

29 July 2012 Edition

Resize: A A A Print

Gilmore ar bhóthar na Glasaigh agus na PDs?

Teannas ag méadú idir pháirtithe an Chomhrialtais

Droch thuar é seo do na céilí leapain comhrialtais agus chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit an easpa omóis a bhí idir Fianna Fáil, na Glasaigh agus na PDs rompu

BHÍ SOTAL James Reilly follasach maidir leis an gcaoi ar láimhseáil sé cás eirí as ceannasaí an HSE, Cathal McGee agus an easpa teagmhála le hAiri ón Lucht Oibre agus an Tánaiste faoin scéal. Rinneadh an scéal níos measa nuair a fuair muid amach go raibh fhios ag an Taoiseach faoin freisin agus nár bhfiú dó labhairt le hEamon Gilmore faoi ach an oiread - ná, nior luaigh ceachtar de Theachtaí Fhine Gael é ag an gcruinniú Rialtais, cé go raibh deacrachtai i bhFeidhmeannas na Seirbhísí Sláinte mar phríomhábhar pléite lena linn.

Droch thuar é seo do na céilí leapain comhrialtais agus chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit an easpa omóis a bhíodh le feiceáil idir Fhianna Fáil, na Glasaigh agus na PDs rompu. Go deimhin, tá cuid mhaith de na hAirí Rialtais reatha ag fáil postúil go maith is gan iad bliain go leith in oifig fós. Is beag aird atá acu ar theachtaí a gcuid páirtithe féin, na cúlbhinseoirí Rialtais agus iad cinnte gur acu féin is fearr atá fhios maidir lena gcuid cúraimí Rialtais. Áirím anseo Phil Hogan, Alan Shatter, Dinny McGinley agus Michael Noonan. Ach, ní hiad Airí Fine Gael amháin a bhfuil galair na postúlachta buailte orthu - is beag aird a bhíonn ag Joan Burton, Ruairí Quinn, Pat Rabitte ná Brendan Howlin  ar ghlórtha chriticiúla thimpeall orthu ar ach an oiread.

Bíonn an Taoiseach agus an Tánaiste féin sách tarcaisneach agus iad ag láimhseáil díospóireachtaí Dála chomh maith. Is minic leo eirí maslach agus trodach le linn Ceisteanna na gCeannairí leis an bhfreasúra - agus is léiriú é sin, dar liom, ar an easpa cinnteachta atá acu iontu féin agus an deacracht atá acu dul i ngleic ó thaobh na díospóireachta di, le lucht a gcáinte. Tá síad in uiscí domhain agus a gcloigne ós cionn uisce ar éigin acu.

Dá mbéidís aontaithe ina gcuid díomasacht b’fhéidir nach mbeadh cúrsaí chomh dona, ach tá sé soiléir i ndíospóireachtaí Seanaid domsa gur beag gean atá ag teachtaí ó pháirtithe an Rialtais ar na hAirí ón bPáirtí eile comhrialtais. Seasann Seanadoirí Fine Gael suas dá gcuid Airí siúd agus baill an Lucht Oibre dá gcuid féin, ach is minic leo spallaí beaga a chaitheamh, nó a gcuid míshástacht a chuir in iúl ar bhealai éagsula, nuair is ceannairí ón bpáirtí eile a bhíonn ós ár gcomhair.

I gcuid de na Ranna a bhfuil Aire agus Airí Stáit ó pháirtithe éagsúla bíonn an deighilt sonrach freisin. An sampla is soiléire di sin ná an Roinn Sláinte & Leanaí gan dabht, áit a bhfuil sé ríshoiléír anois gur beag gean atá idir James Reilly agus na hAirí Stáit ón Lucht Oibre - Róisín Shortall agus Kathleen Lynch. Sílim go bhfuil an scéal amhlaidh idir Ruairi Quinn agus Ciarán Cannon, Phil Hogan agus Jan O’Sullivan agus Lucinda Creighton agus Eamon Gilmore chomh maith.

Bhí an caidreamh fisiciúil idir an Taoiseach agus an Tánaiste agus iad ag ligean orthu nach scéal mór ar bith a bhí ann maidir le heirí as Cathal McGee suntasach chomh maith. Tá eirí in airde nach beag ag baint le Enda Kenny sa gcaoi a labhrann sé le, agus faoi, dhaoine - a comhleacaithe Rialtais san áireamh. Is léir ó thaobh polasaithe de gurb iad Fine Gael atá i mbun an stiúir agus go bhfuil an Lucht Oibre ag slogadh cuid mhaith cógais leighis atá ag fágáil droch bhlas ina mbéil. Ach, tá tuilleadh le theacht!

Tá buiséid déine fós le tabhairt isteach agus an tua le titim arís orthu siúd nach bhfuil in acmhainn chuige, de réir cosúlachta. Tá reachtaíocht maidir leis an ‘Cás X’ le plé, ciorruithe sláinte, leasa shóisialaigh agus oideachais ar na bacáin chomh maith - rud nach mbeidh toghlach an Lucht Oibre ró-cheanúil air ach go háirithe.

Cur san áireamh ansin chomh maith na hathruithe toghranna, laghdú ar líon na dTeachtaí agus titim tuartha ar thacaíocht an Rialtais sa chéad olltoghchán eile agus beidh cuid mhaith cúlbhinseoirí corrathónach go maith maidir leis na seansanna a bheidh acu a gcuid suíocháin i dTeach Laighean a choinneáil. Beidh muidne sa bhfreasúra ag ardú an bhrú orthu gan dabht, ach b’fhéidir go dtitfeadh an tóin as an Rialtas seo ón taobh istigh - agus cá bhfios nach luath seachasd mall a d’fhéadfadh sin titim amach ach an oiread!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland