Top Issue 1-2024

19 June 1997 Edition

Resize: A A A Print

An tOireachtas i stair na hEireann

LE EOGHAN MacCORMAIC

Tá Oireachtas na Gaeilge céad bliain d'aois i mbliana agus mar chuid den chomóradh tá leabhar beag cuimhneacháin curtha in eagar ag Proinsias MacAonghusa, ar na foilsiú ag Conradh na Gaeilge féin.

Leabhar staire atá ann seo, ach ní stair tur tirim atá ann in aon chor nó tá meascán cothrom de thrí short ábhar ann: aistí, griangrafanna agus liostaí staitisticí a bhaineann leis an Fhéile is tábhachtaí don Ghaeilge i bhfeilire na tíre.

Níl ach seacht gcinn d'aiste sa leabhar, ach síneann a bhfréamhacha siar go dtí aimsir an chéad Oireachtais féin nó is athchló atá i gcuid dena altanna a dhéanann scrudú ar stair an Oireachtais nó a thugann blas dúinn ar ábhar na tréimhse sin. Tá, mar shampla, Rosc Catha an Chéad Oireachtais ar chum Dubhghlas de hIde go speisialta dó, `Éireoimid feasta, tá'n lá geal ag teacht', ina léimid, anois, na focail brodúla seo:

A chladhaire an Bhéarla, luigh síos go deo
Tá an fíorspiorad beo ins na daoine
Níl meas ar do short ar do chleas ná do spórt
Ag ógánaigh chneasta na tíre.

Ach ba bhródúil agus dushlánach agus a bhí na focail, ní raibh móran firínne iontu, nó fiú ag an am sin pléadh cuid mhaith d'imeachtaí na Féile tríd an Bhéarla, nó, mar a scríobhann Proinsias Mac Aonghusa:

``Dala an scéil, is i mBéarla is mó a deineadh obair na nOireachtas luath agus is Béarla freisin is mó a bhí á úsáid i dtuairiscí poiblí an Chonartha agus ina ráitis. Ní cosúil gur thuig cuid mhaith díobh siúd a bhí ag plé leo go bhféadfaí an Ghaeilge a úsáid ach amháin nuair is nithe speisialta nó ócáidí ar leith a bhí i gceist.''

Ach bhí agus tá an tOireachtas tábhachtach i gcónaí do Ghaeil na tíre seo, nó gur mhúscail an imeacht spéis i measc daoine agus thug deis do go leor údar, scríobhnóirí, filí, amhránaithe agus araile iad féin a chur in aithne. Tá athchló ana-oiriúnach ann de scéal leis an Phiarsach a léiríonn an tábhacht seo, `sé sin, Bríd na nAmhrán.

Agus tá stair na tíre fite fuaite ar ndóigh le stair ocáid mhór mar an tOireachtas. Léimid, in aiste le Donncha O Suilleabháin blúiríní mar:

``The rapid and exciting developments which are taking place in the political situation, the drilling and marchings of volunteers, I had almost said the soundings of trumpets and the clashing of arms, these things do not seem to interefere much with the progress of the preparations for the Oireachtas in Killarney.'' -An Claidheamh Soluis, 1914.

Agus mar a scríobh O Suilleabháin:

``Ba thráthúil an tagairt sin... mar tháinig drong mór de na hOglaigh faoi arm agus éide os comhair an phobail den chéad uair ar Pháirc an Iarla i gCill Airne ar an gCéadaoin de Sheachtain an Oireachtais.''

Agus tionóladh an tOireachtas i nDún Dealgan i 1915, i ndiaidh iarratas a mhol:

``Go mba mhaith an rud é dá mbeadh a tOireachtas i mbaile éicint ins an taobh ó thuaidh d'Éirinnn... mar gheall ar Home Rule agus na `Carsonites'.''

I 1918 bhí an tOireachtas le bheith i mBéal Feirste, ach ní raibh an Coiste sasta glacadh leis ``mar gheall ar an gcuma ina raibh an dúthaigh'' agus d'fhill an tOireachtas ar Chiarraí. Cuireadh cosc ar imeachtaí faoi scath an Chonartha díreach roimh an Oireachtas agus chuir sin isteach go mór ar eagrú na n-imeachtaí, cé gur moladh an tOireachtas sin mar ``the most Irish speaking Oireachtas yet held'' (Fáinne an Lae).

Mar a luaigh mé cheanna, tá abhar eile sa leabhar seo, tá griangrafanna agus athcló de sheanphostaeirí agus fógraí, tá griangrafanna de dhaoine móra le rá i stair an Oireachtais agus liostaí d'áiteanna ina raibh na himeachtaí, cathaoirligh agus uachtaráin na nOireachtas, téamaí Oráidí na nOireachtas agus mar sin de. Leabhar gur féidir le duine tumadh isteach ann atá ann, ach gan `tome' mór a bheith ann ach an oiread. Ceannaigh anois é sula dtéann tú ó thuaidh d'Oireachtas na bliana i mBéal Feirste agus bí ullamh do chómhrá faoi stair na n-imeachtaí sna huaireanta mócha... sula ndúnann an beár don bhricfeasta!


Aontas Airgeadaíochta ina chiseach



Agus rialtas nua na Fraince ag brath ar thacaíocht na gCumannach agus na Glasach ní bheidh sé ag brú an tAontas Airgeadaíochta Eorpach chun cinn faoi mar a rinne an rialtas roimhe. An lá céanna beagnach a cepadh Lionel Jospin ina Phríomh-Aire ar an bhFrainc ghéill Helmut Kohl d'Uachtarán an Bundesbank, Hans Tietmeyer, maidir leis an aighneas a bhí eatarthu. Ba í cúis an aighnis sin go raibh ``cócaireacht'' á déanamh ar na leabhair ag Kohl agu a Aire Airgeadais, Theo Waigel, le cuma a chur ar chúrsaí go n-éireodh leis an nGearmáin cloí le critéir Maastricht.

A bhuíochas do chluaininireacht Kohl agus Waigel bheadh an Eora, dá mba ann dó, ina airgeadra i bhfad níos laige ná an Deutschmark, rud nach dtaitneodh le Gearmánaigh ná leis an margadh airgid. Pé ar bith tá teipthe ar Kohl tabhairt ar phríomhpháirtí an fhreasúra sa Ghearmáin, an SDP, a thabhairt leis ina chuid scéiméireachta ``Eorpaí'' augs d'fhéadfadh go mbeadh Gerhard Schroder ina iarrthóir acusan don tSainsiléireacht an bhliain soe chugainn. Fear eisean atá glan in éadan an Airgeadra Aonair.

Is í an íoróin a bhaineann leis an scéal seo gurbh iad na Gearmánaigh a bhrúigh na dianchritéir chéanna an chéad lá, critéir atá i bhfad níos déine ná mar a éilíonn téacs lom Chonradh Maastricht féin.

Baineann na critéir sin le cobhsaíocht praghsanna, rátaí ísle úis go fadtéarmach, cobhsaíocht na rátaí malairte, easnamh sa bhuiséad faoi bhun 3% den Olltáirgeacht Intíre agus teorainn de 60% ar an gcoibhneas idir na fiachais poiblí agus an Olltáirgeacht Intíre.

Cuireann an pacáiste sin ualach an-ghéar ar oibrithe agus cáiníocóirí, fiú sna tíortha is saibhre san Aontas.

Leis na critéir a bhaint amach tá cáin ar leith á gearradh san Iodáil. Ghoid - níl aon fhocal eile air - státchiste na Fraince suim mhór airgid ó France Télécom ar an gcúis chéanna. Tá cioruithe fioscacha an-phianmhar déanta sa Spáinn agus tá an geilleagar curtha as riocht ar fad sa Phortaingéil. Is é an lucht oibre agus na daoine atá as obair is mó atá thíos leis an gcaiceáltacht seo.

Léiríonn pobalbhreith a rinne an tAontas Eorpach féin le déanaí go bhfuil tromlach glan anois i sé chinn de na ballstáit in éadan an Aontais Airgeadaíochta (an Bhreatain, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ostair agus an tSualainn). Dála an scéil léirigh an pobalbhrieth chéanna go bhfuil tromlach an phobail san Ostair agus sa tSualainn in aghaidh fanacht san Aontas Eorpach ar chor ar bith.

Mí i ndiaidh míosa bíonn tuairiscí ann faoi léirsithe in aghaidh an Choimisiúin Eorpaigh neamhthofa: an agóid faoi dhúnadh monarcha Renault sa Bhruiséil, léirsithe oibrithe longchlós na Gearmáine faoin chosc ar fhóidheontais stáit, iascairí ag cur léigear ar chuanta sa Fhrainc agus sa Phortaingéil.

Treabhann an Coimisiún ar aghaidh go dogmatach le príobháidiú ar fhiontair stáit. Tá siad tugtha go hiomlán d'eacnamaíocht an laissez-faire a bhfuil an oiread sin dochair déanta aici don chine daonna. Augs brúnn siad ar ahgiadh le comhchuibhiú thar cailc.

Cuspóir polaitiúil atá le haontas airgeadaíochta. Is céim í i dtreo aontas polaitiúil níos daingne. Sin an meon atá ag Jacques Delors agus Helmut Kohl i gcónaí. Nuair a síníodh Conradh Maastricht bhí an tóir ar fheidreálachas in ard a réime. Ní hamhlaidh atá a thuilleadh. Ar fud na mballstát den AE tá an pobal ag tosú ag cur in éadan an chúngú ar dhaonlathas atá tagtha le hollphéist na Bruiséile.

Le Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland