Top Issue 1-2024

30 April 2012 Edition

Resize: A A A Print

Éagóir ar Thuismitheoirí aonair

An Rialtas ag déanamh leatrom ar na daoine is leochailí

Nuair a chuireann tú an méid ata dhá dhéanamh ag Joan Burton leis an méid a dúirt sí féin agus a comhleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre tá sí iompaithe droim ar ais ar fad

CAITHFIDH Fine Gael agus an Lucht Oibre stopadh de bheith ag déanamh leatrom uafásach ar thuismitheoirí aonair.

Ní thuigeann an Rialtas na h-impleachtaí tromchuiseacha a bheidh ag na ciorruithe atá siad ag beartú ar thuismitheoirí aonaracha agus an tionchar a bheidh acu ar na clanna seo agus an sochaí go ginearálta. Caithfidh an Rialtas na ciorraithe ar íocaíochtaí & liúntais tuismitheoir aonaracha a tharraingt siar.

Is iad seo na teaghlaigh céanna atá faoi brú dochreidte cheana féin de bharr ciorraithe éagcothroma buiséid le blianta beaga anuas. Ach ní hí Joan Burton an t-aon Aire a bhfuil na sceana amuigh aici do na tuismitheoirí aonair. Tá na teaghlaigh leochaileacha seo buailte ar chuile bhealach ó thaobh oideachas de, iompar, tithiocht agus eile. Is iad seo na teaghlaigh is mó atá i mbaol bochtanais, ach in ainneoin sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas píonóis bhreise a bhualadh sa mullach orthu’.

Tá cúlú áirithe luaite ag an tAire Coimirce Sóisialaí ar an gcoinníoll go mbeadh ar thuistí aonair dul ar ais ag obair nuair a bheidh a bpáistí seacht mbliana d’aois. Ach, beidh le feiceáil an gcuirfear an leasú sin i bhfeidhm sa reachtaíocht deireadh. Níl aon athrú ar an laghdú ar an méid airgead gur féidir le tuismitheoir aonair saothrú agus iad ar shochar tuismitheoir singil. Rud a chiallaíonn nach fiu do go leor acu fanacht i bhfostaíocht.

SPARK protest

Is beag buntáiste dóibh ach an oiread dul ar scéim fostaíochta pobail nó Jobridge ach an oiread, cé go bhfuil sé luaite ag an Aire go bhfuil sí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí cáílíochta dóibh seo.

Beidh sé beagnach dodhéanta ag tuismitheoirí aonair fanacht in oideachas tríú leibhéal, má tá sé d’ádh orthu a bheith ina bhun sin faoi láthair mar gheall ar arduithe móra sna costais a bhaineann leis sin. Má tá clann acu atá ag freastal ar choláiste nó ollscoil beidh sé ag dul rite orthu iad a choinneáil ag dul ann ach an oiread.

Buaileann gearradh sa tacaíocht ó thaobh páistí ag filleadh ar scoil agus arduithe i gcostais iompair scoile na daoine seo go han-chrua chomh maith. Agus, sa mullach ar sin tá siad céasta ag na gnáth arduithe eile atá leagtha anuas ar chuile shaoránach eile ar nós an muirear teaghlaigh, costais bhreosla is araile.

Tá go leor feachtais agus eagraíochtaí sibhialta ag tacú le cás na dtuismitheoirí aonaracha — ar nós ‘Spark’, agus ‘Tá 7 Ró-Óg’  — atá comhdhéanta de Barnardo’s, Comhairle Náisiúnta na mBan agus OPEN. I mo thuairim, tá siad tar éis léiriú lom, truamhéileach a thabhairt a ar an tionchar damanta a bheidh ag na polasaithe seo atá beartaithe ag an Rialtas, má leantar leo.

Creidim go dtitfidh go leor teaghlaigh breise faoi thairseach na bochtaineachta de bharr an laghdú ins an uas-aois cailiúcháin ó 14 go 7 mbliana d’aois faoi 2014, muna dtarraingítear siar é.

Sa mullach ar sin, déanfaidh na h-athraithe sna leibhéil cailíochta ioncaim daingniú ar staid bochtaineachta cuid mhaith teaghlaigh, mar nach mbeidh tuismitheoirí aonair in ann oibriú go páirtaimseartha gan a gcuid cearta agus liúntais eile a chuir i mbaol. Tá sé seo glan i gcoinne an cuspóir atá in ainm is a bheith ag an Rialtas, sin daoine a chuir ar ais i mbun oibre.

Nuair a chuireann tú an méid atá dhá dhéanamh ag Joan Burton leis an méid a dúirt sí féin agus a comhleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre tá sí iompaithe droim ar ais ar fad. Cháin siad Fianna Fáil agus na Glasaigh go géar as ucht drannadh leis an dream seo atá ag iarraidh a gcuid leanaí a thógáil leo féin ar chúis amháin nó cúis eile. Chuir Aengus Ó Snodaigh seo i gcuimhne dóibh le linn na díospóireachta ar an ábhar sa Dáil. Mheabhraigh sé dóibh go raibh sé ag dul i gcoinne polasaí an Lucht Oibre a pléadh ag an gComhdháil bliaintúil i nGaillimh le déanaí freisin.

Tá na ciorruithe seo éagcothrom agus mícheart agus tá fhios acu é. Is é an t-aon gníomh cothrom gur féidir leis an Rialtas a ghlacadh sa chás seo ná na ciorruithe seo a tharraingt siar láithreach.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland