Top Issue 1-2024

13 June 1997 Edition

Resize: A A A Print

Leanaí i bpríosún ar Oileán Mhanainn

Léirigh cás an chailín Eireannaigh an tseachtain seo géarchéim an chórais dlí agus cirt ar Oileán Mhanainn. Cuireadh i bpríosún í cé nach bhfuil sí ach dhá bliana déag d'aois.

Bhí rí rá mór nuair a tugadh le fios go raibh an cailín i bpríosún. Cé gur scaoileadh saor í ar bannaí Dé Máirt 10 Meitheamh tá fearg an domhain ar grúpaí cearta sibhialta agus grúpaí do pháistí.

Ag an am chéanna bhí buachaill ceithre bliana déag d'aois sa phríosún agus scaoileadh seisean saor ar bhannaí chomh maith.

I bPríosún Bóthar Victoria, Douglas a bhí na leanaí seo. Tá an foirgneamh ann le céad bliain anuas agus tá plódú uafásach ann. Tá asé cáinte ag coiste den Tionól, pairlimint Mhanainn. Anuraidh chuir roinnt príosúnaigh lámh in a mbás féin, ábhar do Fhiosrúchán Oifigúil nár foilsíodh go fóill.

An tseachtain seo caite cuireadh pionós ar phríosúnaigh tar éis gur ghlac siad páirt in agóid i gcoinne na gcoinníolacha sa phríosún.

Cháin Yn Choonseil Vanninagh son Kiartyn Theayagh (Comhairle Mhanainn um Chearta Sibhialta) rialtas an oileáin atá fós agu cur leanaí i bpríosún. Faoi dlíthe an rialtais sin is féidir leanaí chomh hóg le deich mbliana déag d'aois a dhaoradh. Deir an grúpa cearta sibhialta:

``I Feabhra 1995 scríobh an grúpa seo chuig na Náisiúin Aontaithe, an Coiste um Chearta an Linbh agus beimíd á dhéanamh sin arís chun iarradh air an rialtas deireadh a chur leis an chiapadh seo ar leanaí.''


Clipeadh ag Arm na Breataine i dTír Eoghain



Tá an TD nua-tofa Sinn Féin Caoimhghin O Caoláin chun cás an chlipeadh ag Arm na Breataine i dTír Eoghan a ardú leis an rialtas nua i mBaile Atha Cliath.

Thug an comhairleoir Sinn Féin Seán Clarke eolas do O Caoláin an tseachtain seo maidir le feachtas ag fórsaí na Breataine i gcoinne clann amháin ó cheantar Ghoirtín, Omáigh, Contae Thír Eoghain.

Dúirt an comhairleoir Clarke go bhfuil héalacaptair Arm na Breataine ag teacht i dtír ar talamh an chlann go minic agus go mbionn siad ag ainliú díreach thar a díon. Tá an teach suite i gceantar iar-gúlta. Dúirt Seán Clarke:

``Tá na héalacaptair ag leanúint gluaisteáin sa cheantar, iad á stopadh, á chuardach, agus na tiománaithe á cheistiú ar thaobh an bhóthair.

``Tá sé seo ar siúl chomh maith in Ard Mhaca agus Fear Manach, ach go háirithe i gceantair iar-gúlta nach dtugtar aird na meán cumarsáide orthu. Tá an pobal á chéasadh mar `traenáil' do Arm na Breataine. Beidh ár TD nua Caoimhghin O Caoláin ag ardú an cheist seo leis an Roinn Ghnóthaí Eachtracha.''


An bhFronta Náisiúnta féin chugainn



Seo samhradh na rialtas nua - in Eirinn, sa Bhreatain, sa Fhrainc agus i gCeanada. Tá rialtas nua sa Rómáin freisin le tamall anuas. Faoi mar atá faiseanta i mbliana tugann sé rialtas ``láir-dheis'' air féin.

Ba é an chéad rud a rinne an rialtas nua sa Rómáin ná ``beartais ghéire'' a fhógairt. Tá an oiread sin den ghéire san beartais chéanna go bhfuil an Banc Domhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) an-tógtha leo. Mar thoradh díreach ar na beartais ghéire tháinig fás 6% ar an ráta dífhostaíochta in imeacht cúpla mí. Tá méadú 50% tagtha ar phraghas an bhia ó thús na bliana.

Le déanaí bhí breis agus 10,000 duine páirteach i léirsithe sráide i mBúcairist dhá lá i ndiaidh a chéile. Tá aicme bheag rachmasóirí sa tír a bhfuil smacht acu ar an margadh dubh agus atá ag ceannach siopaí agus bialanna ar na mórchóir ar phraghsanna ísle. Ag an am céanna tá na mílte fágtha ocrach dearóil agus níl seirbhísí leasa shóisialaigh ann dóibh.

An chéad uair eile a fheiceann tá Rómánach bocht ag iarriadh déirce smaoinigh ar an gcúlra sin. Tá méadú mór tagtha ar imirce daoine den chineál sin ón Rómáin go hairthar na hEorpa ó thús na bliana.

Tugann feiceálacht an lucht déirce seo deis do pholaiteoirí áirithe frith-Rómánachas seafóideach a chothú. Tá sé sin ag teacht le ciníochas níos ginearálta atá ag teacht chun cinn. Féach ar an truflais seo leanas a scapeadh i mBaile Atha Cliath Thiar-Theas le linn an fheachtas olltoghcháin:

``Fianna Fáil Councillor and General Election candidate Colm McGrath is demadning an urgent review of the allocation of houses to illegal immigrants in his constituency. A ritual involving the slaughter of a lamb took place in one house with the lamb being hugn ont eh line to drip-die after having its throat slit (Tuesday 20-05-97).

``Local people in Tallaght and Clondalkin are incensed at the behaviour of these alleged polticial reguees many of whom they suspect of being economic refugees here to milk our social welfare system. The lack of an interpreter at Castle St. Social Welfare Office is contributing to the abuse of the system as the refugees pretend not to understand English.

``In one house in Tallaght up to 30 refugees are sleeping there and engaging in various forms of anti-social behvaiour. Taxis bring new arrivals on a regular basis. Local residents are being subjected to various forms of harassment and intimidation.

``Cllr. McGrath is calling on the Department of Justice, the E.H.B. and the Department of Social Welfare to join forces to bring this unacceptable situation under control.''

Bhí roinnt seoda freisin ag Aine Ní Chonaill, iarrthóir um rialú inimirce i gCorcaigh Thiar-Theas: ``I value the level of homogeneity we had in this country... I don't want us to end up with cities like Bradford or Notting Hill... Political asylum is not a human right, it's a charity to be extended by a government... Let's put Romania on a white list this week.''

Le hais Colm McGrath agus Aine Ní Chonaill is piscín i measc na leon é Dean O Nualláin (neamhspleách, Baile Atha Cliath Láir Theas) ach fós tháinig sé amach leis an ráiteas seo leanas: ``Foreign nationals are being housed and fed as a priority... money can be found for foreign nationals...'' Bhí na Nuallánach ag lorg Acht um Theifigh le hinimirce a shrianú.

Dúirt Liam Lawlor (Fianna Fáil, Baile Atha Cliath Thiar) go raibh ``floods'' de theifigh ag teacht isteach sa tír agus thagair Helen Keogh (An Páirtí Daonlathach, Dún Laoghaire) do theifigh mar ``professional beggars''.

Is iad na polaiteoirí an lucht déirce is gairmiúla sa tír seo. Gairmiúlacht ar leibhéal an strípeachais an t-aon rud a thabharfadh ar dhuine glacadh le Ben Dunne mar phátrún.

Le Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland