Top Issue 1-2024

20 May 2010 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Cuairt eile ar Fhéindóthain

Cuimhneoidh duine ar bith agaibh a léann an colún seo go rialta gur thóg mé céim i dtreo na neamhthuilleamaíochta nó féindóthain anuraidh nuair a cheannaigh muid cearc. (Sula gcuireann sibh ceist, fuair muid réidh leis na hasail roinnt bhlianta ó shin, bhí siad ag ithe na gcrann úll, na bprátaí agus na héadaí ón íne níochána agus níos measa fós ní raibh mé in ann oideas ar fheoil asail a fháil áit ar bith i leabhar oidis Darina Allen mar sin cheap mé nárbh fhiú iad a choinneáil a thuilleadh.)
Idir na hasail agus an chearc tháinig an gandal agus an ghé, lánúin atá dílis dá gcéile a bhronn uibheacha móra dúinn gach lá ar feadh níos mó ná trí mhí san earrach, na bliana seo chuaigh thart. Ag deireadh an ráithe sin rinne an ghé nead dí féin agus shuigh sí ar feadh na seachtainí go foighneach, gan ithe ná hól agus an gandal ar fáire ag doras an bhotháin, gan ithe ná hól ach níor tháinig góislín dá bhrí a gortha, faraor. sa deireadh thóg muid na huibheacha (i ndiaidh troda móire léi) agus thosaigh sí ag ithe agus ag ól arís.
Agus ansin tháinig an chearc, nó cearca le bheith fírinneach faoi. Seisear acu. Thug duine coileach dúinn, thug muid dhá chearc ar ais. Tháinig uibheacha, a d’ith muid. Tháinig níos mó uibheacha. D’ith muid iad chomh maith. Thug cara cuairt orainn - le goradán agus tháinig dhá shicín. Bhí muid ar ais ag Cearnóg a hAon. Tháinig a thuilleadh uibheacha ach ní raibh spéis ag na cearca a shuí. Rhode Island Reds, a dúirt an cara, ní shuíonn na cinn sin ar uibheacha, tá an fonn goir imithe uathu, ní cearca folaíochta iad, arsa sé, beidh ort siciní nó cearca eile a fháil a bhfuil fonn goir iontu i gcónaí.

Pekin agus Cochin
B’é sin ag deireadh an fhómhair agus chun cur leis an féindóthain, agus chun an líne ‘col’  a leathnú amach, cheannaigh muid lánúin eile, péire pekin, dubha, agus dhá chearc cochin, riabhach, le cleití ar a gcosa agus thosaigh siad ag breith uibheacha, gach maidin. Faoin am go dtáinig an t-earrach bhí uibheacha ar fud na háite agus ainmneacha ar gach éan, mar shaghas cosaint in aghaidh an phota. Sa teach seo oibríonn siad ar an bhunphrionsabal nach maraíonn muid aon rud a bhfuil ainm baisteach air nó uirthi agus ní ghlacann siad le mo mholtaí ainm (Tikka, Maryland, Curry srl). Ach fiú ansin, cheap na páistí go raibh spás ann fós do lacha, nó lachain, mar nasc is dócha, idir na cearca agus na géanna a bhí fós ar phatról ag bun an ghairdín agus ag tabhairt uibhe in aghaidh an lae dúinn mar a rinne siad an bhliain roimhe sin.
Cheannaigh muid lachain, ar an tuiscint go mbeadh uibheacha, go mbeidís ag coinneáil an fhéir lomaithe agus ag ithe na ndrúchtíní ón gharraí glasraí. Indian Runner a bhí ann agus ar an lá a fuair muid an lacha - an bardal - chruthaigh sé ciall an ainm nuair  d’éalaigh sé. D’éirigh linn an t-éalaitheoir a athghabháil agus bhaisteadh Bobby Storey air - rud a choinnigh beo é ó shin fiú nuair a bhí mé ag súil go mbeadh lacha don dinnéar (is éasca oideas a fháil do lacha ná asail, is léir). Agus thosaigh na lachain ag breith uibheacha, díreach, agus a bhí na Rhode Islands, na cochiní, na pekiní agus, ar ndóigh an ghé. Bhí muid ag teacht ar féindóthain agus neamhthuilleamaíocht nuair a tháinig na huanacha.

Isteach mar uan...
Uanacha. Scriosann siad fál agus sconsaí. Itheann siad na glasraí, na crainn úll, na prátaí... asail bána atá iontu uaireanta ach, ach, is féidir iad a ithe... Fiche seachtaine a deir cara liom, sin an sprioc. Tiocfaidh a lá.
Mar a dúirt mé, bhí muid ag teacht ar neamhthuilleamaíocht le sruth rialta uibheacha agus dóchas ann go mbeadh béile sicín nó lacha ann ó am go ham, agus faoi mhí Meitheamh go mbeadh an reoiteoir cófra lán d’fheoil uain.
Agus ansin thosaigh an ghé ag goradh arís. Chuir muid cuid uibheacha sa goradán go bhfeicfimis an raibh siciní ann dúinn. An tseachtain céanna agus a tháinig na trí ghóislín amach, d’éirigh le mamaí goradán cúig shicín agus lachan (dubhghlas, cosúil lena dhadaí). Bhí an gandal bródúil, bhí an ghé ar bís, bhí na páistí eacstaitic agus bhí an gairdín ag éirí plodaithe. Ansin thosaigh cearc rua, ceann de na Rhode Islands (nach suíonn ar uibheacha a dúradh liom!) ag suí ar a huibheacha. Lean an nádúr a chúrsa nádúrtha agus goradh sé shicín eile agus is féidir, ag an phointe sin, gur truicearaíodh rud sna cearca eile nó ag deireadh na seachtaine seo chuaigh thart bhí an cró cosúil le seomra feithimh, le cúig chearc ina suí, Rhode Island eile, péire pekin agus péire cochin... agus na cinn eile nár thaispeáin aon claonadh i dtreo máithreachais go dtí seo, ag piocadh cocháin ina ngobanna agus ag tosú ar neadacha a dhéanamh.

Gairdín na nGé
Leis an ál ollmhór seo a bheathú agus a ramhrú táimid ag dul tríd mála millíní míne gach seachtain. Ní féidir siúil sa ghairdín gan cearc ná sicín ná gé ag piocadh ar do chosa agus tá síocháin na maidine scriosta anois le cocadúidíldú ó thrí choileach éagsúil (agus screachanna gandal, gé agus lachain i rith an lae.
Cé go raibh muid i mbaol taom croí a fháil ó ithe uibheacha don bhricfeasta, lón agus dinnéar (agus suipéar uaireanta chomh maith!) ar feadh tamaill, ní fhaca mé ubh ó thosaigh na cearca ag goradh agus anois tá na huanacha i ndiaidh briseadh isteach (arís) i ngabh na ngé. Tá níos mó sreang timpeall mo ghairdín ná mar a bhí timpeall ceann de na Blocanna H agus na billí ag fás chomh gasta leis an góislíní. Neamhthuilleamaíocht mar dhea: tabhair ar ais na hasail!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland