Top Issue 1-2024

17 December 2009 Edition

Resize: A A A Print

Moltai don Nollaig


LE SEÁN Ó DONAILE

1. Téigh go Lidl I gcomhair do chuid siopadóireacht – má tá tú buartha faoi d’íomhá is féidir leat mála donn a chaitheamh ar do cheann. Is féidir leat dinnéar na Nollag a fháil ar 3 nó 4 Euro ansin nó 50 cent má itheann tú ponairí agus thig leat bosca  phléascáin a cheannach ar 99 cent.
B’fhéidir gurb fhearr duit an dinnéar a chur ar ceall agus téigh díreach go dtí na cannaí agus an ÍsealTír Óir ar 20 pingin!

2. Cuir d’ainm thíos I gcomhair Cóisir na Nollaig in Óstán an ‘Regency’ le Sonny Knowles agus Marty Óg Ó Faoláin agus athann seanduine I dtuaisceart Ath Chliath le seaiceád buí agus iad ag imirt Cispheil Úrláir. Beidh an mionbhus ag dul thart go luath  le Banaltra Ratchett air agus gheobhaidh tú smarties buí agus oráiste saor in aisce.

3. Cuir do chos tríd an diabhal teilifís agus é lán le Protastúnaigh agus Sasanaigh agus iad ag caint faoi gnéas agus mainliacht phlaistic agus an dufair leis na bodaí móra ( ach amháin Samantha an Sionnach – tá sí fós ina spéirbhean agus í ag ciceail leis an cos chlé) agus an ‘X Factor’ agus Twink ag damhsa.

4. Téigh arais go Sráid Talbot fa choinne d’éadaí Nollag- tá fothbhríste i Michael Guineys i gcomhair 25 cent agus pitseamaí álainn le feileacháin orthu agus tá culaith saor i gcomhair Comhairleoirí Shinn Féin I Boyers.

5. Fan amach as do theach saoire - más in Éire é, beidh sé faoi uisce agus na francaigh ag snámh thart air agus níl luach phingin rua ar na cinn sa Bhulgair ach amháin na margaidh a fuair Phil ! Téigh arais go Courttown le do vása lán le briseadh agus téigh go dtí an Bingo I gCabrach- 2 bhean ramhar 99.

6. Fan as an idirlíon – níl pioc air ach Tusatiúb agus na bandeleros i mBaile Mhuineacháin ag eitilt thart ina Ford Capri’s agus Leabhar Aghaidh agus Máire Rua i Léim an Bhradáin ag caint faoina calóga arbhair agus na Twitíní agus bean ón Rúis ag lorg fear chéile I Liatroim ar TuismitheoiríSingil.ie. Caithfidh mé amharc ar mo ríomhphost – chuala mé gur bhuaigh mé an Lotto I mBurkina Faso!

7. Ná cheannaigh aon nuachtáin thar an saoire agus iad lán le drochscéaltaí faoin chúlú eacnamaíochta agus Brian Cowen agus é faoi ghruaim gan Diazapene ar bith aige agus muintir Shinn Féin ag gearán  ‘s ag cleamhsán faoi na tógálaí bocht agus iad bocht beo. Chuala mé go bhfuil Tíogar Adhmaid ag cur isteach ar bhallraíocht Chumann Gailf PortMhearnóg mar beidh sé in ann díriú isteach ar a chluiche ansin.

8. Faigh DVD nua Boney M faoin Nollaig agus Labhrás O Cuinneagáin agus Seán Mac an Airgid agus Amy TeachFíon ach fan amach ó Tóg Sinn agus Seán MacTravoltín. Beidh Seán agus Eamonn, agus iad arais ón ‘X Factor’ in éineacht leis an Irish Brigade san Widow’s ar Oíche Stiofáin I mbliana.

9. Chaith do fón póca san abhainn - tá go leor díobh thart – agus in ionad bheith ag caitheamh do Nollaig ag textáil agus ag twitáil, beidh deis agat caint le daoine. Ní oibríonn leath díobh i gceart agus sular mbíonn siad ag obair i gceart duit beidh siad briste le carraig agus do foighne caillte agus €200 caillte ar Phocair ar an líne agus ‘Cailíní álainn ar fud na tíre ag fanacht ar do ghlaoch’.

10. Fan amach as na siopaí – ná ghéill do na bomáin ag rith thart le fiche mála phlaistic, lán le cac agus Christian Dior agus na spáslong amuigh I nDún Droma agus Baile Bhlainséir agus iad lán l’aliens ó Chondae na Mí agus iad caillte ar an Domhnach, in ionad bheith ar Aifreann agus Óstán Barrys. Tá cúpla bhuidéil Old Spice agus fíon an BheanRialta Gorm faighte agam ó fear I bhFionnghlas.

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland