19 November 2009 Edition

Resize: A A A Print

Seoladh Anamúil na Tuairisce ar Gaza

LE AISLING Ní FHEARGHAIL

Oíche thaitneamhach, eolasach a bhí ann nuair a bhailigh slua le chéile ag an Central Hotel, Baile Átha Cliath  ag Seoladh na Tuairisce ar Gaza le Gearóid Mac Adhaimh an Chéadaoin seo caite. Cumann Uí Anluain/ Mhic Donncadha, An Cumann Gaelach, Baile Átha Cliath a d’eagraigh an ocáid seo.
Ba mhór an onór do Lucilita Breathnach Gearóid Mac Adhaimh a chur i láthair don slua. Thosaigh Gearóid a óraid trí shuantas a dhéanamh d’ainm an chumainn agus beirt bhean cróga á chéilliúradh aige. Mhínigh sé gur cuireadh  an tuairisc le chéile tar éis dó cuairt a thabhairt ar Gaza san Earrach. Lean sé leis ag déanamh cur síos ar an mórfháilte a chuir muintir Gaza air idir polaiteoirí, daoine óga , mna agus fir. B’olc leis an scrios a chonaic sé afách  agus an cos ar bholg a bhí á n-imirt ar mhuintir na Pailistíne. Chuir an cruth tréighte a bhí ar an aerfort uafás air. Níor éirigh le muintir Gaza é a dheisiú ón uair go ndéanadh buamáil air cúpla blain ó shin toisc nach raibh an t-inneallra acu é sin a dhéanamh.
Tugadh deis d’Aengus Ó Snodaigh labhairt ansin faoina gcuairt féin ar an gceantar i mbliana. Labhair sé faoin mboladh shéarachais lofa atá sa cheantar toisc nach bhfuil cead ag muintir na Pailistíne an t-inneallra ceart a allmháiriú chun dul i ngleic leis an dramhaíl. Cé gur éirigh leis a cheann scríbe sa Phailistín a bhaint amach agus é ar bord loinge bád a bhí lán le earraí eigeandála mhínigh sé gur gabhadh  an bád eile a bhí lán le earraí eigeandála a bhí á dtionlacan. Thug sé le fios fosta go raibh sé rídheacair ar mhuintir na Pailistíne a mbia féin a chuir ar fáil toisc go raibh ballaí móra tógtha timpeall ar na baillte a rinneadh muintir na háite a scarúint óna gcuid tailte. Tá tuairim agus 80% den phobal ag braith ar bhia óna Náisiúin Aontaithe.  Mhol sé don slua gan bia nó earraí eile ón Iosrael a cheannacht agus go gcuirfear smachtbhannaí cosúil leis an méid a bhí ann i gcoinne an Afraic Theas le linn an gcóras cinnedeighilte a bheith á chleachtadh sa thír sin.

AMHRÁN NUACHUMTHA FAOIN bPAILISTÍN
Is léir go chuir an léiriú íomhánna ón dtuairsc a bhí á thaispeáint ar an scaileán le linn do Ghearóid agus Aengus a bheith ag caint i bhfeidhm go mór ar an slua freisin ach is dócha gur bhuaicphointe na hoíche ná an t-amhrán nuachumtha faoin bPailistín a chan Cormac Breatnach agus Colm Ó Snodaigh. Amhrán gan focal a  bhí ann a chuir in iúl an brón, an bród agus an cur in aghaidh atá mar pháirt de streachailt na Pailistíne. Chuir ceol rímeádach le Nollaig Ó Cionnaith críoch deas leis an seoladh agus tús leis an gcomhrá, craic, bia agus dí.
Is annamh go mbíonn an coimheas cruinn ag na ocáidí seo idir eolas agus taitneamh ach d’éirigh leis an Cumann Gaelach an cothromaíocht ceart sin a léiriú ar an oíche. Níl aon ionadh go bhfuil borradh faoin nGaeilge i gCúige Bhaile Átha Cliath agus  a leithead d’ocáid á eagrú a léiríonn nach gá usáid na Gaeilge a srianadh do chursaí a bhaineann leis an teanga amháin. Chomh maith leis an ocáid seo  tá  plean bliana don Ghaeilge sa Chúige curtha le chéile agus  ceachtanna Ghaeilge go seachtainiúl i gciorclán an Chúige  den teideal ‘Céim ar Chéim’. Leoga is focal fíor é ‘Céim ar Chéim’!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland