Top Issue 1-2024

22 May 1997 Edition

Resize: A A A Print

Comóradh an Chéid - leabhar cuimhneacháin

Oireachtas na Gaeilge: 1897-1997



Lainseáil Conradh an Gaeilge tráthnóna Dé Sathairn 17 Bealtaine Ostán an Royal Dublin leabhar cuimhneacháin ar Oireachtas na Gaeilge, príomhfhéile na Gaeilge, a bhunaigh an Conradh 100 bliain ó shin. Ba í Seomra Cruinn an Rotunda (pictiúrlann an Ambassador atá ann anois) a reachtáladh an chéad Oireachtas ar 17 Belataine 1897. Féile aon lae a bhí ann an chéad bhliain. Féile deich lá atá ann anois agus is i mBéal Feirste a thionólfar Oireachtas 1997 - ó 24 Deireadh Fómhair go 2 Samhain.

Is é an tOllamh Brian O Cuív a sheol an Leabhar Cuimhneacháin seo a chuir Proinsias MacAonghusa in eagar. Ba ionadaí é Brian O Cuív thar ceann Chumann Gaelach Choláiste na hOllscóile, Baile Atha Cliath, ar Choiste Oireachtas 1939. B'in bliain athbunaithe an Oireachtais.

Bhí Eibhlín Ní Chathailriabhaigh ina comhchisteoir ar Oireachtas 1939 agus tá sí fós ina ball gníomhach de Choiste Náisiúnta an Oireachtais.

Tá léargas breá le fáil sna haistí seo, Proinsias MacAonghusa, ar bhunú an Oireachtais in 1897; ar an bhforbairt a tháinig ar an bhFéile go dtí gur tháinig deireadh leis, ceal airgid, i 1924; ar athbhunú an Oireachtais i 1939; agus ar an bhforbairt ollmhór atá tagtha ar an bhFéile ó shin.

Is iad Proinsias Mac Aonghusa féin, Aindrais O Muimhneacháin, Donncha O Súilleabháin agus Eíbhlín Ní Chathailriabhaigh údair na n-aistí atá sa leabhar. Is í Una Uí Lachtáin, Cathaoilreach an Oireachtais, a scríobh Brollach an leabhair agus is é Liam O Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, a scríobh faoin todhchaí atá i ndon Fhéile thábhachtach seo.

Tá an Oid don chéad Oireachtas a chum Dúbhglas de h-Ide (`An Craoibhín Aoibhinn') Uachtarán an Chonartha ó 1893 - 1915, i gcló sa leabhar mar aon leis an ngearrscéal cáiliúil `Bríd na nAmhrán,' a bhfuil téama an Oireachtais ag baint leis, a scríobh Pádraig MacPiarais.

Tá cuid mhór pictiúirí agus léaráidí spéisiúla agus stairiúla sa leabhar mar aon le haguisíní an-úsáideach.

Is é Seán Mac Mathúna, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a réitigh an leabhar do na clódóirí agus is iad Máirín Mhic Ghearilt agus Máirín Nic Donnchadha a chlóchuir. Cló Choill Eoin (Johnswood Press) a chir an elabhar i gcló go snasta.

Tá an leabhar tábhachtach seo a d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge ar fáil ar £6 ó Siopa Leabhar an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Baile Atha Cliath 2, (01-478 3814). Beidh AIS, aísínteacht dáiliúcháin Bhord na Gaeilge, á scapieadh ar shiopaí eile ar fud na tíre.

Thug Coiste an Oireachtais cuireataí do chuid mhór de phobal na Gaeilge, a bhí bainteach leis an Oireachtas thar na blianta, bheith i láthair ag lainseáil an Leabhar Cuimhneacháin mar chuid lárnach de Chomóradh an Chéid ag an Oireachtas.


Protastúnachas - bíodh; Oráisteachas - ná bíodh!



Faoi dheireadh thiar tá ceannasaíocht Eaglais na hEireann ag tabhairt aghaidh ar iomghoin an Oráisteachais. Thug Príomháidh na hEireann Uile (teideal a ghabhann siar go dtí an Mheánaois), an tArdeaspag Robin Eames, dúshlán an fhaicsin Oráistigh taobh istigh den eaglais ag an Ard-Sionad i mBaile Atha Cliath an tseachtain seo caite. Más mall is mithid.

Bhí baill na heaglaise náirithe anuraidh agus an bhliain roimhe go raibh ionad adhartha dá gcuid ina chúlra leis an gcarnabhal formaid ag Droim Chríche. Ní lú a bhfearg agus a fhios acu gur beag duine den daoscarslua Oráisteach a ghnáthaíonn an eaglais ó cheann ceann na bliana.

A bhuíochas don teilifís feictear ar fud an domhain mar a bhíonn paráideanna na nOráisteach ina ríotas forlamhais agus imeagla. Croppies lie down! Níl an domhan mór gan taithí ar a leithéid. Bhíodh paráideanna ar an dul céanna ag an Ku Klux Klan ar fud dheisceart na Stát Aontaithe tráth agus shiúladh buíonta faisisteacha trí gheiteonna na hEorpa sna 1930í - tá cuimhne ag daoine i Sasana ar Mosley agus a chuid léinte Dubha sa chomhthéacs sin. Agus rinne Turcaigh na Cipire (lag) aithrís ar na hOráistigh le paráideanna bagartha.

Más ann don Ord Oráisteach le Caitlicigh Rómhánacha a choinneáil ina n-áit (go meafrach, agus go fisiciúil uaireanta) ná déanamid dearmad go bhfuil feidhm thábhachtach eile leis an instiúid - smacht a choinneáil ar Phrotastúnaigh. Bíonn an smacht sin dian agus míthrócaireach. Mairg don té a thaispeánann go bhfuil sé beag beann ar an ndearcadh Oráisteach, an té a dhéanann caidreamh le Caitlicigh Rómhánacha, a léiríonn comharthaí sóirt an ``liobrálachais'' nó a dhéanann iarracht saol a chaitheamh taobh amuigh den lusca iata seicteach.

I súil na hOráisteach tá sé riachtanach an dá phobal a choinneáil scoite óna chéile. Mar sin is é an peaca in aghaidh an Spioraid Naoimh é i gcóras moráltachta an Oird Caitliceach Rómhánach a phósadh. Imrítear smachtbhannaí sóisialta an-éifeachtach in aghaidh duine a dhéann amhlaidh. Ní haon ionadh é, mar sin, go dtéann tromlach mór na lánúineacha idir-reiligiúnacha chun cónaithe sa phobal náisiúnaíoch.

Ar feadh 80 bliana nó mar sin d'éirigh leis an Ord Oráisteach smacht a choinneáil ar an bpobal Protastúnach sa tuaisceart. Rinneadar é sin leis na éifeacht chéanna agus a bhíonn ag na Síonaigh agus iar ag coinneáil smacht ar phobail Ghiúdacha ar fud an domhain.

Níl Eaglais na hEireann, an Eaglais Mhodhach ná, go háirithe, an Eaglais Phreibsbitéireach saor ó na hiarrachtaí smachta sin. In an-chuid ceantar glacann sé misneach ó mhinistir spás pobilí a chur idir é féin augs an tOráisteachas. Ach tá níos mó agus níos mó den chléir agus de thuataigh chéimiúla ag nochtadh a míshásamh go bhfuil eaglaisí in úsáid le haghaidh imeachtaí an Oird Oráistigh. Tuigeann siad sa deireadh thiar thall nach bhfuil an bhiogóideacht reiligiúnach ag teacht leis an bProtastúnachas arb é coinsias an fhíréin aonair a chloch choirnéil.

Ní le Protastúnachas a chur chun cinn a cuireadh an tOrd Oráiteach ar bun ach le cur in éadan na hEireannach Aontaithe. Is é clár na nEireannach Aontaithe céanna an íocshláinte a leigheasfaidh an seicteachas - gairm an tsaoránaigh Eireannaigh a chur in áit na ndílseachtaí seicteacha. Ní tharlóidh sé sin thar oíche ach tá athruithe caolchúiseacha ag réiteach an bhealaigh chuige. Tá titim ollmhór ann ar líon na mball gníomhach san Ord Oráisteach le glúin anuas. Augs tá na heaglaisí Protastúnacha braon de bheith ag iompar an diabhail sin ar a ndroim.

Le Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland