Top Issue 1-2024

24 September 2009 Edition

Resize: A A A Print

Reachtaíocht cearta teanga

Tá Sinn Féin tiomanta go huile is go hiomlán do reachtaíocht a bheidh bunaithe ar chearta a bhaint amach do lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontate. Is próiseas seo atá idir láimhe agus atá iontach tábhachtach.
B’shin an teachtaireacht ó Caitríona Ruane, Aire Oideachas de chuid Sinn Féin, nuair a bhuail sí i Stormont le Coiste Eorpach de Shaineolaithe i dtaca leis an Chairt Eorpach ar Theangacha Réigiúnacha agus Mionlacha a chur i ngníomh.
Dúirt sí go raibh sí cinnte de go mbainfeadh an Coiste de Shaineolaithe feidhm as an am a bhí fágtha acu in Éirinn chun tuilleadh brú a chur ar Rialtas na Breataine agus ar an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.
Is léir go leanfaidh an feachtas seo ar aghaidh go dtí go mbeidh reachtaíocht cearta teanga curtha i bhfeidhm sna Sé Chontae.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland