Top Issue 1-2024

1 May 1997 Edition

Resize: A A A Print

Leantar de dhúshaothrú na hAfraice

Abhar ceiliúrtha é go bhfuil Mobutu na Sáíre ag fáil an airí atá air le fada. Ach nach iontach an rud é nach bhfuil aon chaint sa tuairisceoireacht ar fad atá ag teacht chugainn faoin scéal, ar choilíneachas na Beilge a chruthaigh an phraiseach sa Chongó (mar a bhí) sna 1960í ná ar impiriúlachas na Fraince a choinnigh an gráinneoir i gcumhacht thar na blianta.

Ina áit sin tugtar le fios go leanúnach gur ar an Afraic féin atá an locht as an staid ina bhfuil an mhór-roinn sin. Bíonn na téamaí céanna le tuiscint i gcónaí i dtuairisceoireacht ar an Afraic: gur mór-roinn í atá lán de dhaoine míchumasacha, muna bhfuil siad barbartha, a áitíonn tíortha atá scriosta le calaois agus loite le galair de dheasca faillí i sláinteachas. Tá an meon sin le léamh in Out of Africa le Keith Richburg (Basic Books). Afrai-Mheiriceánach é Richburg a bhíodh i gceannas ar oifig an Washington Post san Afraic. Deir sé: ``Thank God, my ancestors got out because now, I am not one of them.''

Is deas an cur síos é ``got out'' ar fhuadach agus daoirsiú ach sin scéal eile. Is é an tuairim atá taobh thiar den mheon sin an creideamh ciníoch nach féidir le hAfracaigh a gcúrsaí féin a riaradh. Ba mhaith mar ar chuir Uachtarán na Siombáibe, Robert Mugabe, an léargas sin i gcomhthéacs oidhreacht an choilíneachais agus é ag labhairt i mBaile Atha Cliath ar 10 Márta i mbliana (ag colloquium The Irish Times-Ollscoil Harvard).

Dúirt Mugabe: ``As the colonial arrangements fell apart, the horrific legacy of the colonial and imperalist era became increasingly clear. The colonialists had relied for control on their armies, not on democracy and social consensus. They had broken down Africa's pre-colonial socio-political systems and put nothing but the brute force of arms in their place.''

``Practically out of the blue on the eve of independence, one-man-one-vote elections were called and a democratic ethos, which had been largely absent throughout the period of colonial rule, was supposed to suddenly flourish,'' a dúirt sé.

De ghnáth, d'fhág na cumhachtaí coilíneacha tíortha na hAfricae gan bonneagar de chineál a chuirfeadh ar a gcumas éirí as a bheith go príomha ina bhfoinse ámhábhair do na ``máthairthírotha''. Níl éirithe leis an Afraic fós éalú ón gciorcal lochtach a bhaineann le torthaí laghdaitheacha ar a gcuid easpórtálacha agus ardú ar chostais a cuid iompórtálacha. Tá an Afraic thíos le domhandú na trádálal (nó, ar a laghad, an luas atá faoi). Agus é ag cur brú ar thíortha na hAfraice a gcuid margaí a oscailt don domhan réitíonn an Eagraíocth Thrádála Domhanda (faoi cheannas an Léine Ghoirm Peter Sutherland go dtí le déanaí) an bealach do dhúshaothrú breise ar Afracaigh. San am céanna cuireann an ETD rialacha an-dian i bhfeidhm maidir le sealús ar mhaoin intleachta, rud a choscann Afracaigh ó theacht i dtír ar an réabhlóid eolais. Leanann tíortha iarthar na hEorpa, agus an tAontas Eorpach mar fhoras, de bheith ag dúshaothrú na hAfraice, go minic faoi bhréagriocht an chomhair agus na forbhartha.

``Aireacht na hAfraice'' atá mar leasainm ar Aireacht an Chomhair sa Fhrainc. Tá feidhm den chineál céanna ag an Overseas Development Administration i Sasana. Agus is ar mhaithe le tíortha an AE atá Coinbhinsiún Lomé ann. Léiríonn sampla beag an ``comhar'' an dhéanann an AE le tíortha Afracacha. Go dtí na 1990í luath bhíodh ceithre mhilliún duine in Burkino Faso, an Nígir agus Malí ag baint slí bheatha amach le tógáil beostoic. Rinne an CE (mar a bhí) dumpáil ar mhairfheoil in Abidjan, Accra, Cotonou agus Lomé, príomh-mhargaí na n-aoirí bó ón trí thír úd. Le cúnamh fóirdheontais ón mBruiséil rinneadh sladghearradh de 50% faoina bpraghsanna siúd. Scriosadh an margadh agus daoradh ceithre mhilliún duine chun bochtaineachta.

Le Colm de Faoite


20% de na tithe folamh agus fós daoine gan dídean



``Is fiú tacú le haidhmeanna Foram Chonamara. Is geilleagar é a bhrathann ar thurasóirí atá i ngeilleagar an Iarthar agus cé go gcuirimid fáilte roimh TnaG agus an tionscáil a éiríonn as sin, agus cé go gcuirimid fáilte roimh turasóirí, níor chóir go lagfaí ar chearta na ndaoine áitiúla mar gheall ar chuairteoirí níos saibhre.''

B'é sin teachtaireacht Mike Egan, iarrthóir tóghchána Sinn Féin san iarthar an tseachtain seo tar éis an dara cruinniú dá bhfeachtas ag an ghrúpa Foram Chonamara. Pléadh an cheist `Tithe sa nGaeltacht' ag an chruinniú. Is de bharr tarraing ar an Ghaeltacht féin ata fadhb na dtithe seo ag fás anois, agus tá cúrsaí ag dul in olcas dar leis an chruinniú.

Tá sé ana-dheacair do dhaoine áitiúla tithe nua a cheannach, ná tithe a fháil amach ar chíos agus cáineadh na coinníollacha nua pleánála i leith tógáil tithe sna sráidbhailte ar foilsíodh le déireannas ag an Comhairle Chondae.

Dar le Gearóid O Tuathaigh, Cathaoirleach Bhord Udaras na Gaeltachta a labhair ag an chruinniú, níl na coinníollacha `féiliúnach do cheantair Ghaeltachta'. Briseann na coinníollacha ar nadúr na ndaoine sa cheantar ar mhaith le bheith ina gcónaí gár dá muintir, de reir leis an Tuathach agus is fiú cuimhneamh go bhfuil ``cúinsí teanga agus sóisialta i gceist, freisin''.

Tá sé i gceist ag Foram duine a fhostú amach anseo chun fiosrú a dhéanamh ar líon na ndaoine Gaeltachta nach bhfuil ag éirí leo teach a cheannach sa cheantar ná teach a fháil ar chíos sa cheantar agus dúradh nach easpa tithe féin atá taobh thiar den fhadhb seo.

Dúirt Seaosamh O Curraoin, Urlabhraí Chumas Teo, go bhfuil 20% de stoc tithíochta Ros Muc ina luí folamh, dúnta i rith na bliana seachas trath na laethanta saoire. Tá na tithe seo ``ceannaithe ag strainséirí a thagann uair sa bhlian'', a fhad a's go bhfuil muintir na háite ag imeacht leo toisc nach bhfuil tithe ar fáil dóibh.

Luaigh cainteoirí eile ag an chruinniú fadhbanna a bhíonn ag daoine áitiúla nach bhfuil fostaithe go lán aimseartha agus is cuid den `vicious circle' é seo ar ndóigh. Nuair a cuimhnítear ar oibrithe séasúracha le TnaG, nó daoine a oibríonn sa tionscáil turasóireachta, tuigtear gurb é toradh a saothair-sean a mheallann cuairteoirí don cheantar, ach, toisc nach bhfuil siad i bhfostu lán-aimseartha, ní féidir leo morgáiste a fháil.

``Tá ceist teangan agus impleachtaí todhchaí na Gaeilge le feiceáil san fhadhb seo'' dar le hEoghan Mac Cormaic, Urlabhraí Roinn an Chultúir, Sinn Féin. ``Os rud é go bhfuil na ceantaireacha seo ina `gCeantaireacha Speisialta Caomhnaithe' bíonn sé fíor deacair cead pleánála a fháil do thithe nua, tithe a thógfadh muintir na háite. Tá daonra na Gaeltachta ag athrú de bhrí sin agus ní ar mhaitheas na Gaeilge atá sí sin ag dul.''

Luaigh cainteoirí ag an Fhoram gur thábhachtaí agus b'fhearr ceantar cultúir a chaomhnú ná cloí leis na Ceantair Speisialta Caomhnaithe mar atá; nó, ar a laghad, go mbeadh tuiscint ar leith ann i gcás na ndaoine áitiúla agus príomháit a thabhairt dóibh nuair atá cead pleánála á iarraidh nó nuair atá tithe ar dhíol.


Oireachtas na Gaeilge


Comóradh an Chéid

Ceolchoirm le Noel Hill, Frankie Gavin, Carl Hession, Eamonn Kelly, Dordán, Máiréad Ní Oistín, Cantairí na Páirce, Ray MacManais agus Joe O Dónaill.

8pm Dé hAoine 16 Bealtaine
An Ceoláras Náisiúnta, Baile Atha Cliath.
Ticéid £10 ón gCeoláras.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland