16 April 2009 Edition
Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC
Meirligh ar thonnta an raidió
Ar na buntáistí a bhaineann le mo chuid oibre bím ag tiomáint go rialta go háiteanna ar fud na hÉireann agus dá bhrí sin bíonn deis agam éisteacht leis an raidió go rialta agus mé sa ghluaisteán. Ó fógraíodh deireadh ré PK cúpla seachtaine ó shin bím ag coinneal cluasa oscailte dá chomharba, ag macnamh ar na Turbridys, Duffys, Ó Callaghans agus Ryans amuigh ansin agus ag iarraidh iad a shamhail i gcathaoir Phat. Mar a dhearfadh breitheamh i Sasana, a terrible vista. Má a bhíonn buntáiste leis mo chuid ama ag éisteacht le RTÉ, is beag feidhm a bhainim as nuair atá mo thuras sa tráthnóna agus gan mórán eile ach Joe Duffy ar an raidió. Bíonn Duffy claonta agus coimeádach, ag iarraidh a tháispeáin go bhfuil sé ar son an underdog ach bíonn fuaim fhalsa, féintiománta, féinchosanta ina ghuth i gcónaí.
An tseachtain seo caite ghlaoigh éisteoir isteach ag clamhsán faoi bhille gutháin iontach ard, na mílte euro gan amhras, a charnadh thar cúpla oíche nuair a bhí gaol leis, duine leocháileach a bhí ag fulaing de ghalar intinne, nuair a bhí an duine bocht seo ag glaoch ar líne Irish Psychics Live nó a leithéid ag lorg cabhrach nach mbeadh an psychic in ann a thabhairt ar ndóigh. Mhínigh an fear seo go raibh dhá agus trí ghlaoch, déanta i ndiaidh a chéile, ar oíche amháin a chosnaigh psychic na céadta euro rud a bhí in aghaidh spiorád na rialúchán cumarsáide atá in ainm daoine a chosaint óna lágaíochtaí féin.
Fán ar an line
Calaois agus caimiléireacht amach is amach atá sna línte ‘príomh-uimhreacha’ seo a ghearrann táillí arda, €2.50 agus níos mó in aghaidh an nóiméid ar dhaoine a bhfuil cabhair ghairmiúil uathu chan duine ar an taobh eile den líne ag caint seafóide. I ndáiríre níl aon rud gairmiúla, ná oilte, ná eolach faoi na línte seo. Agus ní gá fiú cumhachtaí psychic a bheith ag na daoine atá ag obair na línte: ‘sé an cáilíocht amháin atá de dhíth ná go bhfuil siad in ann plámás a bhuanú ar feadh leathuair a chloig nó níos mó ag cur le tuiscint go bhfuil siad ag léamh cártaí nó ag fáil teachtaireachta ó dhaoine atá marbh. Calaois agus caimiléireacht atá ann.
Something unexpected
Labhair mé féin le psychic tráth den saol. Beagnach fíche bliain ó shin bhí mé ag stopadh ar feadh tamaill le cairde i mBéal Feirste agus oíche amháin agus mé sa teach ar mo aonair tháinig glaoch ghutháin isteach agus d’fhreagair mé é.
‘Hello’ arsa guth mhná , ‘An í sin Uimhir 7 Ascaill *****’?’.
‘’Is é’, arsa mé ‘Cé tá ag caint?’
‘Seo Vanessa an Psychic’ arsa sí. ‘An miste leat rith trasna go dtí Shirley in uimhir a 12 - tá a huimhir ghutháin caillte agam - agus abair lei nach mbeidh mé abálta an séisiún a dhéanamh ina teach anocht: something unexpected has come up’.
Ní raibh Vanessa ró-shásta nuair a phléasc mé ag gaire agus nuair a d’fhiafraigh mé dí caidé mar a tharlaíonn something unexpected i saol psychic chroch sí suas an guthán. Is mór an trua nach mar sin a leanann na psychics ar na línte guthán príomh-ráta atá ag feidhmiú in Éirinn na laethanta seo.
Oirfidíocht
Ar chlár Joe Stuffy Déardaoin seo chuaigh thart sóiléiríodh ‘cumhachtaí’ na ndaoine seo dúinn ag saineolaí: Tom Higgins, úinéir na comhlachta féin Irish Psychics agus de réir tuairiscí úinéir cuid línte príomh-ráta eile. Cuireadh i láthair é mar milliúnaí a rinne fortún airgid as na línte guthán seo, agus níor shéan sé sin. Go deimhin mhaoigh sé as an tseirbhís a chuireann sé ar fáil agus dhearbhaigh arís agus arís nach raibh sé ag déanamh aon rud mí-dhleathach. Oirfidíocht, a dúirt sé a bhí sna línte psychic agus nár chóir do dhaoine a bheith ag súil le níos mó ná sin astu agus cé go raibh sé ag déanamh airgid as, go raibh costais a bhain leis agus blá, blá, blá.
Ach má bhí sé deacair a bheith ag éisteacht le Joe Toughie ag seanmóireacht le Tom Higgins faoi airgead a dhéanamh as daoine leocháileacha ag glaoch ar líne oirfideach (ó chraoltóir saibhir atá i mbun cláir darbh ainm Live Line!) tugadh léargas dúinn den tsainnt atá taobh thiar d’fheidhmiú na línte príomh-ráta agus an easpa moráltachta a stiúraíonn a gcuid gnó.
Ag cásadh na rialacha
Luadh, mar shampla, ról Oifig an Rialóra Cumarsáide agus rialacha nua a tugadh isteach anúraidh a dhearbhaíonn gur chóir an cheangail a bhriseadh (idir an seirbhís agus an duine ag glaoch isteach) nuair atá €60 caite (nó timpeall 24 nóiméad ar sheirbhís Irish Psychics). A, a bhan-psychic Bhéal Feirste a chroch suas an líne orm agus mé ag iarraidh oirfidíochta, cá bhfuil tú anois nuair atá tú de dhíth. Tá lúb aimsithe ag Tom Higgins tríd an rialú sin áfach, a bhaineann leis an fhoclaíocht ‘dícheangail’. Dar leis, nuair a stopann an psychic ag caint (i ndiaidh luach €60 d’oirfidíocht a thabhairt is dócha) is féidir leis an duine a ghlaoigh isteach an líne a athcheangail láithreach, agus an cómhrá a ath-thosnú leis an psychic céanna, ach chnáipe a bhrú ar an ghuthán agus tosaíonn an t-airgead táille ag carnadh suas arís. Rinne glaothóir amháin ar sheó Joe Huffy tagairt do ghlaoch a chosain €150: €150 i gcomhair uair a chloig d’oirfidíocht. Níl mórán seirbhísí a chosnaíonn níos mó ná sin sa tír seo seachas abhcóidí, iniúchóirí agus léiritheoirí cláracha raidió/teilifíse cosúil le Pat Kenny, Gerry Ryan agus déan buile fa’ thuairim, Joe Bluffy.
Ach ar leibhéal níos tromchúisí ba chóir an earnáil uilig seo a scrúdú, earnáil na nglaonna príomh-ráta, earnáil na dtéacsanna agus glaonna a chosnaíonn níos mó ná euro fa’ choinne comórtais ar RTÉ agus stáisiún eile, earnáil a shúann airgead as pócaí agus sparáin daoine nach bhfuil in ann a spleáchas ar líntí ‘comhairleacha’ agus ‘dóchais’ a threigeadh agus a chaitheann fortún gach seachtain ar sheirbhísí bréagacha a bhfuil de phríomhchuspóir acu airgead a bhaint as íospartaigh bhaothúla, agus leocháileacha.
Meirligh ar thonnta agus ar thalamh
Ní rud nua é an saghas caimiléireachta seo, a ardaíonn dóchas i nduine eadóchasach nó a thugann geallúint de chompórd in áiteanna nach bhfuil compórd ann. Luaigh duine scéal liom le déanaí faoi shráidbhaile ar chósta na Briotáine. Is léir gurb é príomh earnáil an bhaile ná meirleachas ach ag pointe amháin d’aimsigh siad bealach níos éascaí dóibh féin a slad agus a gcreach a bhailiú. Dhéanfaidís siad hobbling ar bhó agus cheangloidís solas dearg timpeall a muineál. Ansin, san oíche, ligidís don bheithíoch súil go bacach, an lampa dearg ag luascadh leis an ghluaiseacht agus an bhó ag innilt ar bharr aille agus carraigeacha faoi ag leibhéal na farraige. Amuigh ón chósta nuair a d’fheicfeadh mairnéalach ar long an solas dearg leanfaidís rialacha na mara agus chásfaí an long ar chlé agus isteach sna carraigeacha agus tubáiste i ndán dó – ach creach na mara ann do mheirligh ar thalamh tirim an tsráidbhaile. Sílim féin go bhfuil na línte príomh-ráta i mbun an ghnó céanna, ag fógairt dóchais agus sóláis nuair a nach bhfuil ceachtar den dhá bhua sin acu ná iontu ach, i gcónaí beidh daoine ag fanacht ar an trá le tairbhe a bhaint as an tubaiste. Díreach mar atá á dhéanamh ag a leithéid de Joe Fluffy.