Top Issue 1-2024

19 March 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Ceiliúradh Cultúrtha

Nuair a bhí Mórshiúl Lá ‘le Pádraig thart inné chruinnigh ann fó-choiste áitiúil le chéile chun súil a chaitheamh ar obair an lae, chun na bratacha agus meirgí a bhaint anuas ó na cuaillí sráide, (chun cúpla focal molta a thabhairt ar a chéile as ucht jab déanta go maith) agus chun téama a aimsiú do mhórshiúl  na bliana seo chugainn. Ní féidir le aon duine a rá nach bhfuil an fó-choiste seo ana-eagraithe!
Anuraidh, nuair a bhí an mórshiúl thart bhí a leithéid de chruinniú againn comh maith agus nuair a tháinig sé go dtí mír a 4 ar an chlár (téama 2009) tháinig ár seanchara Google I gcabhair orainn agus aimsíodh gur Bliain na hAstralaíochta a bheadh ann. Ní raibh ann ach céim bheag eile go dtí gur aontaíodh ar ‘réalta’ mar théama. Agus le focal comh leathan le ‘réalta’ thig leat a bheith cinnte go raibh gach saghas réalta le feiscint ar an lá: réalta áitiúla réalta spóirt, réalta scannáin, réalta agus plainéid agus long spáis agus mar sin de. Cén bhaint a bhí idir sin agus cultúir na tíre seo a deir tú, bhuel diabhal nasc díreach ach bhí daoine sásta a bheith amuigh ag ceiliúradh an Lá Náisiúnta agus chun éalú ar feadh cúpla uaire ó chúraimí eile an tsaoil.

Mac an tSiomóin Beo!
Nuair a chruinnigh muid um thráthnóna sin bhí sé comh éasca dúinn an clár céanna a úsáid nach raibh aon duine ag iarraidh aon mhír úr thabhairt isteach. ‘Féach isteach ar Google arís’ arsa duine den choiste agus beidh cúpla moltaí againn mar théama. ‘Bliain Idirnáisiúnta na gCultúir Éagsúla Domhanda’ a tháinig anuas (nó aníos, cé fios as cén treo a thagann an t-eolas iontach seo ar scáileán ríomhaire) agus bhí téama 2010 roghnaithe, go sealadach. Bheadh ceiliúradh againn ar iolchultúrachas an bhaile an bhliain dar gcionn. ‘Anois, a leaids’ arsa an cathaoirleach, ‘beidh orm imeacht nó beidh na Simpsons le craoladh ag 7.30, eagrán speisialta den chlár faoi chuairt an teaghlaigh aistigh go hÉirinn.’ Má a bhí sé éasca teacht ar théama, bhí sé níos éascaí fos a seomra a fholmú ag an phointe sin. Simpsons, duh duh-duh du daw-duh.
Ceiliúradh de chultúir éagsúla an bhaile. Bheadh orainn, gan amhras, cultúr na Simpsons, agus cultúr Meiricea a thabhairt san áireamh ansin nó is léir domh go mbíonn tionchar éigin ag chláracha teilifíse Meiricea ar shaol agus shochaí na tíre seo ó lá go lá. Ach bhí am ann nuair a bhí mé buartha go raibh an cineál sin teilifíse ag imirt an iomarca tionchair orainn agus go raibh muid chun a bheith fágtha gan cultúir dár gcuid féin. Aréir áfach, nuair a lasadh Sky 1 ar theilifís an tí ina raibh muid ag airneáil, rith na gasúir isteach ó cluiche iomána lena laochra buithe raid-ghníomhacha a fheiceáil agus dá mbeadh solas an lae fágtha againn ag an deireadh tá mé réasúnta cinnte gur chuig an sliotar agus na camáin a d’fhillfidís ina dhiaidh. Athraíonn cultúr thar am, imíonn agus tagann, cuirtear leis agus baintear de agus ‘sé an dualgas atá ar an saoránach airdeallach ná gan ligint do rudaí luachmhara a thitim agus gan ligint do nithe a dhéanfadh dochair nó damáiste don sochaí a fhorbairt.
Ach má tá cuid den chultúr meán-atlantach fós a chothú anuas (an focal ceart an uair seo) orainn, ‘sí an cheist atá agam ná an bhfuil na cultúir nua ag déanamh aon fhorbairt aníos orainn: an bhfuil cultúr na tíre seo ag foghlam aon rud ó na mílte duine nua a tháinig isteach le deich mbliain anuas, agus an bhfeiceann na pobail éagsúla sin aon rian dá gcultúr ar phatrún cultúrtha na hÉireann 2009?

An dúshlán mór don bhliain seo chugainn...
Cé gur mhaith liom téama mar ‘iolchultúrachas’ I gcomhthéacs na tíre seo, a aithníonn go bhfuil pobail éagsúla ina gcónaí anseo inár measc tá na focail sin féin an cothú imeallú de shaghas mura bhfuil muid in ann bealach a aimsiú a ligeann dúinn na pobail nua seo linn a chomhthathú isteach I léarscáil chultúrtha na tíre – mar chuid de, chan mar eisceachtaí den chultúr coitianta. Ní hionann sin a’s a rá go gcaillfidh siad na gnéithe is luachmhara dá gcultúir féin ach tá sé tábhachtach go mbíonn muid ag cruthú spáis dóibh – ag foghlam uathu agus an múineadh dóibh faoi chultúr, teanga agus stair na tíre seo, agus faoi chultúr, stair agus teangacha na dtíortha as a dtagann siad.
Anois a chomrádaithe ar an Fhó-choiste Fhéile Phádraig, ‘sin é ár ndushlán: aonchultúrachas a mhúnlú as íolchultúrachas, agus an t-eispéireas coitianta a aimsiú I measc an éagsúlacht, le meas a thabhairt ar an difríocht ach an cosúlacht a neartú. Bart le briathar, is dóchas.

 

Ard-Fheis an Chonartha

Tá dáta socraithe do Ard-fheis na bliana seo de Chonradh an Gaeilge, an tríú Ard Fheis ó thús 2008 nó bhí Ard-fheis speisialta anuraidh ag an Conradh nuair a thógadh isteach Bunreacht nua, agus níos déanaí sa bhliain chruinnigh na Gaeil arís do ghnáth-Ard-fheis.
I mbliana beidh siad ag tabhairt faoi obair pholasaithe a phleanáil nuair a chruinníonn an Ardfheis san Aonach Co. Thiobraid Árann idir an 8 agus an 10 Bealtaine san Ostán Abbey Court.
Cuirfear tús le himeachta na deireadh seachtaine nuair a bheidh Cruinniú Cinn Bliana na comhlachta Seachtain na Gaeilge agus osclóidh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha, an Ard-fheis lena chaint fháiltithe ag 20.30 oíche Aoine. Beidh léacht na hard-fheise I ndiaidh sin ar an téama Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch le Fionbarra Ó Brolcháin, iarOllamh Ollscoil BÁC, nuair is dócha go mbeidh daoine in ann ceisteanna a chur faoi ról radachach don Chonradh I gcónaí.
Leanfaidh gnó na hArd-fheise ar an Satharn le rúin agus díospóireacht ach ní pléifear ceisteanna bunreachta I mbliana, polasaithe amháin a bheas faoi chaibidil. Beidh go leor gnéithe sóisialta ar thaobh an ghnó, agus oíche Shathairn, I ndiaidh dinnéar na hard-fheise beidh ceol le Ceoltóirí Thiobraid Árann sa chlub, agus turas an cheantar maidin Domhnaigh.
Tá gach eolais, foirmeacha clárúcháin agus sonraí lóistín ar fáil ach glaoch a chur ar oifig Chonradh na Gaeilge ar 014757401 nó ar líne ar [email protected].


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland