Top Issue 1-2024

5 February 2009 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint LE EOGHAN Mac CORMAIC

Féindóthain

Tá an culú eacnamaíochta seo ag cur isteach orm. Cúlú eacnamaíochta arsa an bhean, an ndéanfaimis rud éigin faoi. Mar, mar shampla, a deirim, an raibh aon moltaí ar leith agat?
Is maith liom moltaí. An rud is fearr atá ann faoi mholtaí go ndéanann siad an difear idir clamhsán san fhásach agus an chéad chéim i dtreo réiteach faidhbe (gan a bheith ag déanamh tagairte ar dheireadh a chur le comhrá nach raibh mé ag iarraidh a bheith agam sa chéad dul síos). Cúlú eacnamaíochta, ar sí arís – moltaí a dúirt mé arís.
Leathuair an chloig ina dhiaidh sin bhí sí ar ais agus na páistí á tionlacan, beirt ar chlé, beirt ar dheis. Trioblóid, go deimhin, bhí an chomhairle cogaidh le chéile anois. Tá moladh againn ar siad d’aon ghuth. Sicíní.
Sicíní. Anois, tá cúlrá agam don scéal seo arbh fhearr dom a insint, b’fhéidir, ar dtús. Is fada mé ag éisteacht leis an ‘éileamh’ céanna faoi shicíní agus an dá fhocal codarsnachtúla sin sicín agus peata measctha in aon abairt amháin. Agus is fada mise ag diúltú don éileamh, ag díriú a n-airde ar na trí chat, an dá mhadra agus na geirbilí atá acu cheana agus ag rá go bhfuil cúis mhaith agam cheana féin do chúlú peatnamaíochta gan a bheith ag caint faoina thuilleadh acu a thabhairt isteach orainn. Agus bhí ag éirí liom, caithfidh mé a rá. Peata, mar dhea.

Tioc-tioc, Pecker agus Circín Dearg
Ansin tháinig an Culú Eacnamaíochta agus mo chuireadh seafóideach go dtiocfaidís ar ais le moladh de shaghas éigin agus seo anois iad, ag lorg sicíní. Agus ní peata a bheadh ann, a dhaid, arsa an duine is óige, ní peata in aon chór. Réiteach de shórt a bheadh ann don chúlú, arsa an duine níos sine, an t-ógeacnamaí ina hata olla; céim bheag chun tosaí, arsa a leathchúpla, céim i dtreo féindóthain. Ciallaíonn sé sin gur féidir linn maireachtáil as ár maoin féin, arsa a deartháir-sa, an foclóirí. Agus leis an mholadh déanta chaith an taidhleoir an chéad cúpla bomaite eile ag plé ainmneacha do na sicíní. Tioc-tioc, Pecker, Circín Dearg . . . mhol mé Dinnéar, díreach mar a mhol mé mar ainm nuair a fuair muid uan anuraidh ach ní raibh siad ag dul leis an ainm sin. Féindóthain a chuir an t-ógeacnamaí i gcuimhne dom, ní itheann tú sicín a bhéarfaidh uibheacha duit. Bhuel, ní ainmníonn tú sicíní sula bhfaigheann tú iad ach an oiread, a dúirt mé, na na na-na nah.
Lean siad ar aghaidh leis an straitéis seo thar an deireadh seachtaine agus faoin am seo bhí an bhean féin cosúil le cearc agus ál sicíní timpeall uirthi, agus iad ar fad ag piocadh poll i m’argóintí in aghaidh sicíní (argointí nach raibh ró-láidir in aon chás, is dócha.) Faoi dheireadh ghéill mé agus thosaigh mé na hullmhúcháin. Do na sicíní, agus ré an fháindóthain.

Teacht an Leas-Mhéara
Leath bealaigh idir mo ghéilleadh slí agus na sicíní ag baint an chró cearca amach athraíodh na pleananna. Chaith mé cúpla lá fliuch roimh an Nollaig ag brú cuaillí sa talamh, agus ag cruthú cillín nó cás á là Cuan Guantánamó sa ghairdín chun spás sábháilte cónaithe a thabhairt do na sicíní. Lá amháin tháinig Diarmaid Ó Conghaíle, Comhairleoir Shinn Féin, leas-Mhéara an Chontae agus foinse eolais faoi aon cheist atá againne ar chúrsaí feirmeoireachta. Shíl mé go raibh sé ag teacht leis an oscailt oifigiúil a dhéanamh dúinn, ach tháinig sé agus bronntanas leis: éanacha.
Tá na sicíní anseo a dhaid, a d’fhógair na páistí.
D’amharc mé ar a raibh aige ina lámha. Chuaigh mé tríd mo sheicliosta don dá éan: goba, eiteoga, clúmh . . . go nuige sin bhí gach rud in ord ach mo léan, ní sicíní a bhí ann ach gandal agus gé. Cheistigh mé é seo leis an duine is óige, ise a dúirt nach peataí a bheadh ann. Bhuel, ar sí, ní peataí a bheas ann, seachas go bhfuil tú ag iarraidh iad a ligean isteach sa teach . . . Ní raibh. Mhínigh an t-ógeacnamaí dom go mbeadh an gandal agus an ghé ag tabhairt uibheacha duinn (trí córas éigin nár thuig sí i gceart), agus dúirt a leathchúpla go dtiocfadh sicíní as na huibheacha sin. Sicíní? Sicíní gé? Goislíní, arsa mé agus tá domhan de dhifear idir goislín agus sicín. D’imigh an Conghaíleach agus d’fhán na géanna.

Mí thart, tada ite
Tá siad againn mí anois, breis agus mí agus cinnte dearfa tá na huibheacha ag teacht. Chuir an mac i gcuimhne dom gurb ionann gach ubh agus céim eile i dtreo féindóthain mar sin ba léir anois nach raibh cead againn neachtar gé a ithe don dinnéar ná na huibheacha a bhruith don bhricfeasta. Is é do bheatha, a fhéindóthain.
Tógadh céim eile i dtreo na féindóthain inné nuair a tháinig an coilleach. Níl uainn anois ach cúpla nó trí chearc agus beidh uibheacha againn faoi dheireadh. Chun a dhóthain ama a thabhairt dúinn na cearca a cheannach, agus chun an coilleach a chur ar a shuaimhneas ina bhaile nua, chuir mé faoi ghlas é i gcró na ngéanna. Dhá lá, arsa an fear a thóg chugainn é, dhá lá agus beidh an coilleach sin suite ach idir an dá linn coinnigh faoi ghlás é.
Bhí sé sin níos éascaí a  rá ná a dhéanamh. Díreach roimh thitim na hoíche chinn na géanna, bhuel an gandal is an ghé, go raibh sé ina am filleadh ar na huibheacha a bhí sa nead agus b’fhéidir ubh nua a bheireadh chomh maith. Isteach leo agus is ansin a tógadh cúpla céim siar ar an bhealach chun féindóthain nó d’ionsaigh an gandal an coilleach go fíochmhar agus nuair a d’oscail mé an doras le hidirghábhail a dhéanamh ruaig an gandal an coilleach amach as an chró ag screadaíl rud éigin faoi Last In, First Out. Bunriail an chúlaithe eacnamaíochta, arsa an t-ógeacnamaí linn.

Éalú an Choilligh
Mar a tharla d’éalaigh an coilleach uainn ar fad, trasna páirce agus á shlogadh sa dorchadas. Bhí an t-ádh leis nár slógadh áit éigin eile é chomh maith nó tháinig beirt sionnach go dtí cúldoras an tí dhá uair i ndiaidh sin: leis an fhuacht agus an sneachta (agus bia fágtha i mbabhla an mhadaidh) bhí na sionnaigh ag éirí sotalach agus dalba. Ó am go ham chloisfimis an coilleach ag béicíl ó fhara sna crainn ag cur isteach ar shuaimhneas na hoíche agus ansin ar maidin d’fhill sé nó, cúlú nó gan cúlú eacnamaíochta tá a fhios aige cá bhfuil an bia agus an t-arbhar scaipthe ar an talamh: in aice chró na ngéanna. Tá sé ag spaisteoireacht timpeall i rith an lae ó shin, na héanacha eile ag fanacht siar uaidh ach beidh le feiceáil anocht an mbeidh páirtnéireacht shóisialta eatarthu in ann chomháitiú a aontú sa chró féin.
Idir an dá linn, caithfidh mé dul anois agus rolla sreang sicíní eile a cheannach le ‘díon’ a chur ar an chás chun an coilleach agus a chearca (nuair a thagann siad) a choinneáil istigh agus an sionnach a choinneáil amuigh. Féindóthain. Má oibríonn sí, tá obair léi – níl aon amhras faoin fhíric sin, ach ar an lámh eile tá sásamh agus féinsásamh le baint as an dúshlán. Ar a laghad tá na páistí sásta go bhfuil a bpeataí acu (ní peataí iad, tá a fhios agam a chroí) agus ó thosaigh an bhean féin ag rith i ndiaidh an choilligh i ndorchadas na hoíche níor chuala mé aon rud eile uaithi faoi bheart a dhéanamh in aghaidh an chúlaithe eacnamaíochta. Anois níl orainn ach fanacht go dtí go dtagann na huibheacha circe: coinneoimid na chéad trí nó ceathrar mar shicíní, ach is féidir liom na cinn eile a bholadh ar an friochtán cheana féin.
Ahh, féindóthain. 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland