Top Issue 1-2024

16 October 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ómós don Oidhreacht

Monica Hynes, Ionad Oidhreachta na Gráige, Dr. Anita Donaghy, Birdwatch Ireland agus Tamás Péterváry, seandálaí ag caint. Margaret Loughnane, Oifigeach Oideachais an Chomhar Creidmheasa i gcuideachta leo

Monica Hynes, Ionad Oidhreachta na Gráige, Dr. Anita Donaghy, Birdwatch Ireland agus Tamás Péterváry, seandálaí ag caint. Margaret Loughnane, Oifigeach Oideachais an Chomhar Creidmheasa i gcuideachta leo

LE AN DRAOI RUA

Bhí roinnt imeachtaí eagraithe ar mhaithe le tábhacht oidhreacht Oirthear na Gaillimhe a ardú le deireannas.
Bhí Oíche Oidhreachta eagraithe Déardaoin le cúrsaí oidhreachta a phlé idir gnéithe timpeallachta, staire agus cultúrtha. Tugadh cluas l’éisteacht do na haoíchainteoirí, Tamas Paterváry, seandálaí, an Dochtúir Anita Donaghy, Birdwatch Ireland agus Monica Hynes, Ionad Oidhreachta na Gráige. Thug Tamas léargas speisialta ar thábhacht logainmneacha na háite agus cúrsaí seandálaíochta léirithe chomh maith aige.  Chuir Anita síos ar chás an traonaigh in Éirinn agus ar an bhaol go bhfuil sé ag dul in éag in Oirthear na Gaillimhe go hiomlán. Léirigh Monica cúrsaí ginealaíochta an cheantair agus í ag cur síos ar na tograí staire eile idir lámha ag an Ionad Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe.
Bhí Siúlóid Sléibhe eagraithe thart ar Sliabh Eachtaí i gceantar Ghráig na Muilte Iarainn. Dermot Moran, staraí áitiúil, a bhí i gceannas ar an shiúlóid seo a stiúradh agus treoir tugtha aige ar stair, cultúr is nósanna an cheantair leis. Shiúl thart ar dhá scór duine Bealach Sháirséalaigh. I ndiaidh Chath Eachroma, deirtear gur éalaigh cuid den arm le Pádraig Sáirseal, gur stop sé i gCathair na Garraí, i mBallán, gur chuir sé bróga na gcapall droim ar ais agus gur lean siad ar aghaidh trí na Sléibhte Eachtaí ar a mbealach go Luimneach. Chreid na fórsaí eile go raibh siad ag taisteal treo eile. Cleas eile a rinneadh ná gur chuir sé éide airm ar chiorcal cloiche taobh le Baile Locha Riach sa dóigh is gur chried a naimhde go raibh cuid acu ag seasamh an fhóid ansin. Níor lean an siúlóid sléibhe chomh fada le Luimneach ach fuair gach duine léargas bhreá ar an cheantair uile mórthimpeall orthu.
Bhí Toraíocht Taisce eagraithe thart ar an bhaile cois locha.
Bhí suas le ceithre fhoireann déag idir óg is aosta páirteach san  imeacht seo thart ar bhaile ársa Locha Riach. Bhí go leor spraoi is sult ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt na ceisteanna i nGaeilge a aimsiú thart ar an bhaile. Le linn an chraic, bhí siad ag foghlaim is ag cur aithne níos fearr ar stair is dúlra an bhaile. Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil sa Comhar Creidmheasa ina dhiaidh agus plaiceanna cuimhniúcháin is boinn bronnta ar na foirne lena d’éirigh na ceisteanna a fhreagairt i gceart.

 

Seoladh na Féile


LE AN DRAOI RUA

Bhí oíche mhór mhaith i mBaile Locha Riach le deireannas nuair a seoladh Féile Baffle na bliana.
Chuir an buíon ceoil ‘The Fake McCoys’ as Fiacail, Co. an Chláir tús spleodrach leis an tráthnóna agus ceol breá bríomhar a chasadh acu idir cheol traidisiúnta, snagcheol, na goirmeacha is eile.
Chas Róisín Elsafty roinnt amháin fileata agus an lucht éisteachta curtha faoina draíocht aici lena glór binn séimh. Tugadh meas is ómós d’oidhreacht thraidisiún na filíochta agus amhráin grá canta aici mar Eleanor a Rúin. Léirigh sí bua na filíochta ina teaghlach féin agus í ag casadh An Phailistín, amhrán a chum a máthair féin, Treasa Ní Cheannabháin. Thóg sí croí an phobail léi nuair a chas sí Cúnla agus Cailleach an Airgid, amhrán náisiúnta Chonamara.
Ina dhiadh sin, tugadh ónóir na hoíche do Mhicheál Ó Muircheartaigh le Féile Baffle ‘08 a sheoladh go hoifigiúil. Thóg sé an lucht éisteachta ar bhóithrín na smaointe agus é ag tagairt do théama filíochta na bliana: An Chéad Uair.
Roghnaíodh an téama seo i gcuimhne réamhchruinniú a bhí ag Micheál Ó Cíosóg i mBaile Locha Riach 15 Lúnasa 1884 agus é ag beartú Cumann Lúthchleas Gael a bhunadh. Rinneadh tagairt don thréimhse sin ar fad ag deireadh an 19ú haois ina raibh athbheochán cultúrtha sa tír agus Conradh na Gaeilge bunaithe i dtaca an ama céanna. Thagair sé don chéad chosc ar an fhilíocht agus an plé ar fad a bhí ag Droim Ceat, Co. Doire. Chuir sé síos ar an chéad cumann peile i gCo. Ciarraí agus é lonnaithe i gCill Órglain. Rinne sé tagairt don chéad glaoch gutháin ina raibh tuairisc tugtha ar chluiche peile... bhris sé a chroí a rá gur chiall Co. Ciarraí an uair sin chomh maith. Cinnte, choinnigh gach duine cluas maith le héisteacht leis an mhéid a bhí le rá ag an Mhuircheartach agus é ag seoladh Féile Baffle ‘08  a bhéas ar siúl i mBaile Locha Riach, 24-26 Deireadh Fómhair.
I measc na himeachtaí gaelacha thar dheireadh na seachtaine, beidh Simon Ó Faoláin i láthair oíche Aoine le sliochtanna a léamh as a chnuasach filíochta Anam Mhadra. Tuigtear go mbeidh sé ag fanacht thar dheireadh na seachtaine agus cúraimí éagsúla bronnta air... mar mholtóir.
Beidh comórtas filíochta bunaithe ar an téama: An Chéad Uair. Caithfidh gach ‘file’ a bheith i láthair lena s(h)aothar féin a léamh go poiblí agus níl cead dánta foilsithe a úsáid.
1ú Duais: Greanfar ainm an bhuaiteora i dTornapa ‘Baffle’ mar ‘Bard Baffle 2008’ agus bronnfar €300 air/uirthi.
2ú Duais: €200
3ú Duais: €100
Bronnfar duais speisialta ‘Rogha an Phobail’ chomh maith.
Mar aon leis an chomórtas thuasluaite, ta comórtas filíochta oscailte do mheánscoileanna in Oirthear na Gaillimhe leis
Is é seo an 12ú bliain as a chéile atá féile Baffle ar siúl agus a bhuíochas le Foras na Gaeilge tá fás is forbairt tagtha ar na gnéithe gaelacha san fhéile. Má tá fiosrúcháin ag éinne fá na himeachtaí éagsúla nó má tá suim ag duine ar bith clárú don chomórtas filíochta, déan teagmháil le www.bafflepoetry.org nó glaoigh ar Margaret Hickey ag 086 3956921.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland