Top Issue 1-2024

10 July 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Gliceas na fógraíochta

Ó thosaigh an Meathlú go hoifigiúil tá Teach Mhic Chormaic ag cuartú bealaí le heacnamaíochtaí a thabhairt i bhfeidhm ach ós rud é gur ceannaitheoir ríogach mé agus gur caiteoir éigníoch mo bhean chéile níl ag éirí go maith linn. Chinn muid go mbeadh ciorraithe de dhíth agus ar an tuiscint go laghdaítear pian atá roinnte, chinn muid go roinnfí an pian idir na páistí. Tá ceithrear acu ann, tá’s agat.
Ar an 15ú lá den Mheathlú Oifigiúil bhí argóint mhór idir mise agus na páistí faoi cé acu is fearr: calóga arbhair Lidl nó calóga arbhair Aldi. Kellogs Cornflakes a dúirt beirt acu agus na Cinn Tesco a dúirt an bheirt eile. Anois níl mé ag iarraidh spás fógraíochta saor in aisce a thabhairt do dhream ar bith acu siúd atá luaite agam ach tá ceist dairíre, deacair ós ár gcomhair anois, ceist is dócha atá os comhair na mílte, mílte eile agaibh amuigh ansin: an féidir nó an fiú an diabhal bhrandáil a sheachaint. Tá na comhairleoirí agus saineolaithe agus eacnamaithe agus lucht déanta na gcláracha faisnéise ag insint dúinn gurbh fhéidir an Meathlú a fhulaing tríd siopadóireacht cúramach a chleachtadh. Ach ní oibreoidh sé sin a fhad a’s atá lucht na fógraíochta ag ionsaí orainn agus ag imirt cluichí lenár n-intinní ag iarraidh na mothúcháin is leochailí a aimsiú agus ag díriú isteach ar na mothúcháin sin ó gach taobh. Daoine neamh-throcaireach iad, agus baineann siad úsáid as mothúcháin páistí comh maith le mothúcháin daoine fásta.
Tháinig Liadán chugainn ag am tae an lá arú agus d’fhiafraí sí de bhean an tí ‘A Mhamaí an féidir leat árachas gluaisteán a fháil le Diamond?’
Cad chuige sin? a d’iarr muid uaithi.
‘Diamond is a girl’s best friend’ arsa sí. Bhí a fhios agam go raibh cómhrá athair iníon de dhíth. Tá Liadán cúig bhliain d’aois ag tarraingt ar daichead. Amharcann sí ar an teilifís ar chláracha spéisiúla mar Tiny Pops agus a leithéid agus don chuid is mó den am, is cáilín beag soineanta í. Le tamall anuas, áfach, tugaim fa’ dheara go bhfuil  níos mó ná Tiny Pops ar intinn aice. Tá Tiny Hints á gcraoladh ag an am céanna le cláracha na bpáistí: fógraí do dhaoine fásta dírithe ar pháistí agus linbh. Fógraíocht, dar liom, a bhfuil boladh na mímhoraltachta ag baint leis. Fógraí a ionsaíonn ar neamhspleáchas rogha tuismitheoirí tríd a bpáistí.

Hapu an Fíodóir
Níl aon rud nua faoi fhógraíocht agus is dócha nach bhfuil aon rud cearr le fógraíocht per se ach an oiread. Má tá rud le díol, nó seirbhís le hofráil caithfear an pobal a chur ar an eolas faoi nó mar a deir an seanfhocal, ‘Mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bí ann leis ar lá an aonaigh’.  In san aois ina bhfuil muid is tríd fhógraíocht clóite agus craolta is mó a chloisimid faoi hearraí agus seirbhísí nua ach tráth den saol, fógraíodh earraí  go guthach ag mangairí ag scairteadh eolais faoina ghnó, teachtaireachtaí, tá mé cinnte cosuil le ‘Anybody for the last three choc-ices’. Dá bhfanfadh fógraíocht ag leibhéal an eolais loime bheadh sé sásúil ach a thuisce a’s a thosaigh fógraí thosaigh áibhéil agus is ar an áibhéil nó an maíomh atá fórmhór na fógraíochta an lae inniu bunaithe. Ní leor é a rá go bhfuil tú ag cur seirbhís ar fáil nó ag díol ní éigin, caithfear é a bheith ar an ceann is fearr. Ní nós nua é seo: deirtear gur tháinig seandálaithe ar fhógra ón Sean-Ghréig ag tairiscint ‘bonn ór luaíochta ar eolas a chuideoidh le sclábhaí a d’éalaigh a thabhairt ar ais go siopa Hapu an Fíodóir (ina sníomhaítear an t-éadach is fearr a shásóidh do mhianta...)’ Fógra ní mór a rá atá cosúil leis an fógra bás ó Contae Cabhain: Seán Mac Gabhann RIP, Ford Fiesta for sale.
Foilsíodh an chéad nuachtán seachtainiúil i 1622 i Sasana agus níorbh fhada i ndiaidh sin nuair a thosaigh fógraí eolais a fhoilsiú ann. Lean an lucht gnó an nós sin ansin, cuid mhaith acu siúd ag díol agus ag moladh ábhar leighis, piollaí, taosanna agus araile. Cuimhnigh go raibh sláinte nó inmharthanacht an duine in amhras ag an am le galar, plá agus fiabhras ar fud na háite. Bhí lá an óla nathrach tagtha agus le maíomh, bréaga agus cuir le tuiscint mheall lucht na fógraíochta pinginí as na sparáin. Ar dtús díríodh fógraí ar dhaoine fásta nó ní raibh aon chiall ag iarraidh ar dhaoine gan airgead earraí a cheannach agus thóg sé cupla céad bliain eile sular thuig lucht na fógraíochta gurbh fhéidir fógra a dhíriú ar dhaoine gan airgead (páistí) agus fós féin earraí a dhíol.

Milky Bar Kid
Ceann des na céad fhógraí a bhfuil cuimhne agam dó ó ré na teilifise duibhe agus báine ná fógra an Milky Bar Kid. Is dócha go raibh íomhaíocht ana-shimplí ann agus bhí gach buachaill ag iarraidh a bheith ina bhuachaill bó. Bíodh sin mar a bhíodh, is é seaclaid, chan éadaigh buachaill bhó a bhí ar dhíol ach cheangail lucht an fhógra an t-íomha sláintiúil, sona sásta leis an seaclaid. Féach ar na focail:
The Milky Bar Kid is tough and strong
The Milky Bar Kid just can’t go wrong
The Milky Bar kid only eats what’s right
That’s Milky Bar, it’s sweet and white
Ní itheann sé ach bia cuí, mar dhea, mílis agus bán.  Fógra dírithe gan leithscéal, gan náire ar pháistí a bhí ann agus cliste go leor lena theachtaireacht fothairseachúil  do na tuismitheoirí faoi gasur ag ithe ‘what’s right’. Ní seaclaid a bhí ann ach bia!

Soiléir nó dóiléir
Bliain nó dó ó shin thug Ofcom, an ‘madra faire’ craoltóireachta sa Bhreatain rialacha nua isteach a bhí dírithe in aghaidh murtaill páiste agus a rinne iarracht cosc a chur ar fhógraíocht bia beagmhaitheasa nó junkfood le linn uaireanta nuair ba dhócha go mbeadh páistí ag amharc ar theilifís. D’úsáid Ofcom slat tomhais bunaithe ar mhéad siúcra, salainn agus saille de réir 100gm den bhia beagmhaitheasa agus bhí raic ann ó chomhlachta bia amhail Kelloggs agus Quaker nuair a cuireadh cosc ar calóga arbhair, léite agus Weetabix srl leis an buille fógraíochta céana a chuir stop le crisps, míl agus fiú cáis cheddar. Agus maidir leis an comhlachtaí bia beagmhaitheasa, cén slí ar dheileáil siad leis an rialacha nua? Bhuel d’aimsigh siad laige sa reáchtaíocht a lig dóibh urraíocht a dhéanamh ar chláracha iomláine fiú nuair a bhí cosc ar fhógraí le linn cláracha!
Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil rialacha de dhíth le smacht a choinneáil ar fhógróirí. Go deimhin mura gcuirtear smacht orthu ní bheadh a fhios agat cén cineal cleasanna a d’úsáideodh na fógróirí, ar pháistí agus ar dhaoine fásta araon. Ní chreideann tú mé? Tabharfaidh mé sampla amháin eile. Le déanaí chonaic mé fógra san Irish Times do chomhlacht a dhéanann máinliacht lasar súile. Teip ar radharc do súl? a d’fhiafraigh an fógra a mhínigh gur féidir na fadhbanna radharca a chur i gceart le lasar. Seirbhís mhaith a cheapfá ach thug mé faoi dheara go raibh an fócas ‘geamhaithe’ san fhógra agus dá bhrí rud beag deacair a léamh – cé go raibh an chuid eile den leathanach cruinn agus sóiléir. An é de thaisme a tharla sé gurbh é an cúinne amháin a bhain le radhac na súl a bheith geamhaithe nó an é go bhfuil mé ró-amhrasach faoi gliceas na bhfógróirí?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland