Top Issue 1-2024

1 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Íochtar reoite! Síle Scott, Cumann na Gaeltachta, Ceanada; Daragh Ó Tuama, Glór na nGael agus Lorcan Mac Gabhann, Glór na nGael ar chuairt chuig Gaeltacht Ceanada

Íochtar reoite! Síle Scott, Cumann na Gaeltachta, Ceanada; Daragh Ó Tuama, Glór na nGael agus Lorcan Mac Gabhann, Glór na nGael ar chuairt chuig Gaeltacht Ceanada

Gaeilgeoirí ag labhairt Gaeilge — scéal eisiacht!

LE EOGHAN Mac CORMAIC

Nuair a d’iarr an tEagarthóir orm tréimhse eile a chaitheadh ag scríobh don pháipéar, d’aontaigh muid go seachnóinn, comh fad agus is féidir, aistí Gaeilge ag moladh Gaeilgeoirí as labhairt na Gaeilge ag imeachtaí Gaeilge blah, blah, blah. ‘Sin a d’aontaigh muid, ach mar a dúirt Naomh Augustine tráth, “cuidigh liom a bheith glan, ach ní fós...”
Tá mé chun tús a chur leis an tsraith seo le haiste, i nGaeilge, faoin Ghaeilge ag moladh Gaeilgeoirí blah, blah, blah.
Gaeilgeoirí thar lear. Gaeilgeoirí le fís; fís do Mheiriceá Thuaidh.
Trí bhliain ó shin d’fhógair Glór na nGael – agus lig domh coimhlint leasa a lua ag an phointe seo nó is fostaí de chuid Ghlór mé  – d’fhógair Glór comórtas nua a rachfadh leis na comórtais eile a bhí ar súil acu cheana féin; comórtas faoin ainm Global Gaeilge nó an Comórtas Idirnáisiunta.
Sna blianta ó shin tá grúpaí ar fud an domhain i ndiaidh a chlárú leis an comórtas agus tá na duaiseanna buaite ag grúpaí Gaeilge san Eoraip, i Sasana, Alban, san Astraile agus ar ndóigh i Meiriceá Thuaidh as ucht a gcuid oibre agus ranganna, a gcuid imeachtaí agus dea-phoiblíocht don teanga.

Gaeltacht Eoraip, Gaeltacht Ceanada
Anúraidh mar chuid den mhisean a thionlacann a leithéid de chomórtas d’eagraigh Glór na nGael comhdháil sa Ghearmain do choistí ó fud fud na hEorpa faoin téama Gaeltacht Eoraip. Mar a tharla sé bhí grúpa daoine eile, cuid Éireannaigh, cuid eile gur chairde leis an Ghaeilge iad, ag teacht le chéile i gCeanada le píosa talún a cheannach chun Gaeltacht Cheanada a chur ar bun agus tá sin déanta acu anois.
Níl éinne ina chónaí ins an Ghaeltacht seo fós ach tá an coiste ag obair ar sin ach ar ndóigh tá an grúpa féin, Cumann na Gaeltachta, ana-eagraithe. Mar shampla tá siad díreach i ndiaidh deireadh seachtaine de dhíanchúrsaí Gaeilge a chríochnú a bhí dírithe ar fhoghlamóiri agus feabhsóirí ó fud fad an Cheanada. Suite i Kingston, Ontario don Chumann, tá nasc stáiriúil idir an ceantar sin agus an tír seo nó is ann a fuair míle go leith Éireannach bás den tíofas i mbothán fiabhrais sa bhliain 1848. Nach iontach é mar comhartha dóchais go bhfuil na Gaeil ar ais ar an saol sa cheantar i ndiaidh céad go leith de bhlianta.
Cuimhnigh comh maith go bhfuil an duais Global Gaeilge buaite dhá bhliain as a chéile ag grúpaí/coistí Gaeilge sna Stáit Aontaithe Meiriceá agus tá sé éascaí a samhlú go mbeadh gá ann le teacht le chéile eile a eagrú do na grúpaí thall. Is é sin atá ar tí a tharlúint anois i gceann coicíse in Nua Eabhrac féin idir 16ú go 18ú Bealtaine nuair a bheidh na Gaeil, nó a n-ionadaithe, ag cruinniú le chéile i gcomhair dhá lá oibre, díospóireachtaí agus malartú eolais eadarthu féin agus le heagrais Éireannacha faoi scath an teidil Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh.
Taobh amuigh de Ghlór na nGael féin ‘siad príomheagraithe  na comhdhála ná Cumann Carad na Gaeilge, Cumann na Gaeltachta agus an Irish Arts Center le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Deireann Glór go dtabharfaidh an chomhdháil seo seans do ghrúpaí le Gaeilge i Meiriceá Thuaidh atá ag plé le forbairt na Gaeilge castáil ar a chéile agus a dtodhchaí a phlé le heagraíochtaí Gaeilge as Éirinn. I measc na gceisteanna a bheidh faoi scrudú ag an gcomhdháil pléifear na féidearthachtaí le  hoifig lárnach don Ghaeilge a bhunú i Meiriceá Thuaidh agus gréasán oifigiúil oibre a thosnú do na grúpaí uile atá ag plé le forbairt na teanga.

Comhoibriú, tacaíocht agus forbairt tras-aigeanda
Tá speis léirithe ag cuid mhaith des na heagrais Ghaeilge in Éirinn, agus ní nach ionadh leis an líon mór Meiriceánaigh agus Ceanadaigh a mhaíonn as a gcuid Éireannachas agus an 25,000 a labhrann Gaeilge de réir Daonaireamh 2000 na Stát Aontaithe. Beidh speis ar leith thall, dá bhrí sin, sná téamaí díospóireachta ar an chlár, ina measc siúd tá “Tacaíocht na hÉireann do Chumainn Mheiriceá Thuaidh”, “Forbairt Físe Gaeilge do Mheiriceá Thuaidh”, “Teastas Eorpach na Gaeilge do Mheiriceá Thuaidh”, agus “Áitiúil, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta – Bealaí Comhoibrithe”.
Ag caint faoin imeacht, dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael go dtabharfaidh an Comhdháil deis do dhaoine foghlaim ó thaithí a chéile, cainteoirí as Éireann agus Meiriceá Thuaidh araon. “Beidh seans ag daoine eolas a fháil faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh ó na heagrais atá ag feidhmiú in Éirinn,” arsa sé.
I measc na n-eagrais Ghaeilge a chuirfidh ionadaithe thall tá Conradh na Gaeilge, Comhluadar, Seachtain na Gaeilge Teo, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Fondúireacht na Gaeilge Teo., Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus  Oideas Gael. Cuirfidh Gaelchultúr Teoranta, atá suite i mBaile Átha Cliath ranganna ar fáil ar theicníochtaí múinte na Gaeilge dírithe orthu siúd a mhúineann an Ghaeilge thar lear, ach atá gan cháilíochtaí múinteoireachta.
Cuirfidh clár speisialta de Barrscéalta le hÁine Ní Churráin, a craolfar ar Raidió na Gaeltachta críoch le himeachtaí an deireadh seachtaine cé go bhfuil na heagraitheoirí ag súil nach críoch a bheas ann, ach tús le tréimhse nua, idirnáisiunta, don Ghaeilge.
Tá a fhios agam go bhfuil go leor cairde againn thall, cuid acu atá no a bhí líofa trath den saol ach b’fhéidir nach mbíonn an deis acu anois mórán teagmháil a bheith acu leis an saol Gaeilge. Na ligigí a deis seo a chailliúint. Tá gach eolas eile ar fáil faoin deireadh seachtaine; amchlár, liosta cainteoirí agus cá mbeidh na himeachtaí eagsúla ar súil, ar fáil ar www.glornangael.ie
Agus ‘sin a dhóthain den blah, blah, blah don tseachtain seo. Maith dom.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland