Top Issue 1-2024

3 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Athrú

Tá Bertie ag éirí as i gceann míosa, agus mé féin – níl rud ar bith buan sa domhan – cosúil le Status Quo, a mhair daichead bliain agus Twink, atá dhá chéad bliain anseo, tagann deireadh le ré achan duine.
Agus cad faoi Linda Martyn bhocht – tá sí anseo ó aimsir na dineasár agus níor chuir na dreigít isteach uirthi ná an Oighearaois.
Ach cad atá níos tábhachtaí? Ré Bertie nó Ré órga Chúlbáire an Chláir Davy Fitz?
Fuair sé cúl ó phionós i gCluiche Chraobh na Mumhan i 1995 nuair a bhris an Clár slabhra an chúige i ndiaidh seasca a cúig bliana.
Bhí se ina laoch don chontae ar feadh ocht mbliana déag agus bhí sé ina chlár sobail féin ar feadh fiche bliain.
Cé go bhfuair Uíbh Fhailí cúl bog sa Chraobh i 1995, níor chuir sé isteach ar a fhéinmhuinín agus sheas sé an fód sa dara leath.
Thosaigh me a scríobh don pháipéar an tseachtain chéanna nuair a d’iarr Brian Campbell orm mo smaointe a chur ar phár agus cosúil le Bertie agus Davy tá mó ré thart.
Bhí se ina réalta i 97 nuair a rinne an Clár an double agus ní dhéanfá dearmad riamh ar an chúl a fuair sé in aghaidh Thiobraid Árann leis an phoc deireanach den chluiche.
Bhí sé ann i 2002 in aghaidh Chill Chainnigh agus tháinig sé ar ais fiú amháin nuair a chaill sé cuid dá mhéar anuaraidh.
Cosúil le Bertie fuair se go leor íde béil agus maslaí ó na hiománaithe ar an sceach, ach níor chuir sé isteach air riamh.
Caithfear a rá go raibh pearsantacht ag Bertie agus go raibh se éasca plé leis.
Tá nós ag iar-Thaoisigh na tíre, go háirithe Albert Mac Raghnail, ‘pointí maitheasa’ a thabhairt dóibh féin de dheasca an Próisis Síochána.
Chuidigh Albert in am an chéad sos cogaidh – chuir sé fáilte roimh Ghearóid agus Máirtín ach tháinig deireadh leis an chogadh sa Tuaisceart mar tháinig feabhas ar chúrsaí eacnaíomaíochta – bhí ardú ar an chaighdeán maireachtála agus níl an leatrom staire mar a bhí sé ag tús na seachtóidí.
Mar an gcéanna leis an Tíogar Ceilteach – an féidir ‘pointí maitheasa’ a thabhairt do Bertie de dheasca an ardú fostaíochta – agus sin an toradh is fearr a tharla le deich mbliana anuas?
Déarfainn gur chuma cé atá i gceannas - tá an tír chomh beag go bhfuil eacnamaíocht na tíre ag brath ar fhórsaí nach bhfuil smacht againn orthu.
Agus cad faoin chóras Oideachais agus Sláinte – i ndiaidh na ‘ré órga airgid’ ta an córas oideachais agus sláinte is measa san Eoraip againn.
An cóir dúinn an locht a chur ar Berite.
Ag deireadh an lae níl muintir na tíre sásta vótáil do pháirtí m.sh Sinn Féin agus dream Joe Higgins, a ardódh an ráta cánach ionas go mbeadh córas Oideachais agus Sláinte againn nach bhfuil céad bliain as dáta.
Tá níos mó dúile ag daoine an dara carr agus an choicís in Lanzarote a bheith acu ná leas na tíre.
Ach cad a dhéanfaidh tiománaithe tacsaí na tíre anois – tá an samhradh ag teacht agus ní féidir leo gearán a dhéanamh faoi Bertie níos mó – tá Eddie agus Stan imithe agus anois Davy – beidh orthu díriú isteach ar mhuintir na Nigéire agus an tAthair Thaddeus ar Fair City – rinne sé peaca mór nuair a luigh sé le Dolores faoi dhó – beidh air éirí as agus teacht liom féin agus Bertie, Davy, Stan agus Eddie agus cuairt a thabhairt ar Linda Martyn agus comhairle gruaige a fháil!

 

Foclóir

dreigít...meteorite
oighearaois...ice age
ré órga...golden age
caighdeán maireachtála...standard of living
pointí maitheasa...‘brownie points’
sos cogaidh...ceasefire
leatrom...discrimination
smacht...control
Thaddeus...famous priest from ‘Sad City’


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland