20 March 2008 Edition

Resize: A A A Print

Féile Raifteirí 2008

Meaitie Jó Shéamais Ó Fatharta ag seoladh ‘Féile Raifteirí’ le linn sheisiúin ceoil i mBaile Locha Riach le deireanas. Feictear Johnny Connolly, Ian Rafferty agus Nóirín Ní Ghrádaigh sa

Meaitie Jó Shéamais Ó Fatharta ag seoladh ‘Féile Raifteirí’ le linn sheisiúin ceoil i mBaile Locha Riach le deireanas. Feictear Johnny Connolly, Ian Rafferty agus Nóirín Ní Ghrádaigh sa

Seoladh Féile Raifteirí 28-30 Márta 2008 mar chlabhsúr d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach le deireannas. Bhí seisiún ceoil eagraithe Oíche Fhéile Pádraig  agus Meaitie Jó Shéamuis Ó Fátharta is Johnny Connolly mar aoi-cheoltóirí ag an seisiún gaelach.
Tógadh ónóir an seolaidh do Mheatie Jó a bhéas mar dhuine de na aoíonna speisialta a bhéas ag glacadh páirte san fhéile. Ag breathnú ar an chlár, chreid sé go raibh comóradh iontach leagtha amach in ómós Raifteirí ag an choiste eagraithe agus gnéithe ag ceiliúradh na buanna éagsúla a bhí ag an fhile ildánach.
I measc imeachtaí dheireadh na seachtaine 28-30 Márta i mBaile Locha Riach, beidh ceardlanna ag díriú ar an fhilíocht, ar an fhidleoireacht, ar an scríbhneoireacht, ar agallamh beirte is luibíní, ar an amhránaíocht traidisiúnta is ar an tsean-nós agus ar chumadh na n-amhrán fosta. Beidh ciorcail amhránaíochta, seisiúin ceoil is filíochta, léacht ar a shaol is a shaothar agus cuirfear clabhsúr leis an fheile le ceolchoirm mhór.
Tá go leor aoínna speisialta ar an chlár i mbliana, ina measc; Rónán Ó Snodaigh, Joe Burke is Ann Conroy Burke, Charlie Lennon, Paul O Shaughnessy, Claire is Breda Keville, Tim Collins is Claire Griffin, Paul Bradley, Verena Commins, Colm, Finbar is Seosamh Ó Neachtain, Meaitie Jó Shéamuis, Mairéad Ní Fhlatharta, Síle Ní Fhlatharta, Éamonn Ó Donnchadha, Fearghas Mac Lochlainn, Louis De Paor, Ré Ó Laighléis, Seán Mac Aindreasa, Ciarán Ó Coigligh agus Seosamh Mac Donncha.
Cinnte, tá lucht eagraithe iontach sásta as ucht an urraíocht is tacaíocht atá tugtha dóibh ó eagraíochtaí éagsúla mar:
An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge is Gaeilge Locha Riach. Gan a leithéid ní bheadh sé i gcumas an choiste clár chomh leathan a chur ar fáil. Seo a leanas achoimre ar bhuaicphointí na féile i mBaile Locha Riach:
Aoine 28 Márta: An Seomra Glas, An Teach Beag
•    7in ar aghaidh.... Ceardlann amhránaíochta traidisiúnta, fáiltiú is oscailt oifigiúil na féile, ciorcal amhránaíochta ceoil is filíochta.
Satharn 29 Márta: Óstán O’Deas agus Gaelscoil Riabhach
•    Ceardlann scribhneoireachta ar ‘Bunús Script Scannáin’
•    Ceardlanna ar an fhidil (3 leibheál)
•    Léacht ar Raifteirí, file.
•    Raifteirí is Cleamairí Locha Riach
•    Seisiún ceoil
Domhnach 30 Márta: Óstán O’Deas agus Gaelscoil Riabhach
•    Aifreann na Féile... (Otharlann Naomh Breandáin)
•    Ceardlann Filíochta
•    Ceardlanna ar an Fhidil (ar lean)
•    Ceardlann ar an tSean-nós
•    Ceardlann ar scríobh na n-amhrán
•    Ceardlann ar Lúibíní is Agallamh Beirte
•    Ceolchoirm Mhór na Féile ... [Tigh Kinsella]

Moltar do dhaoine clárú do na ceardlanna agus ticéidí a fháil don cheolchoirm go luath. Tá a thuilleadh eolais ar fáil ag Gaeilge Locha Riach ag 091 870718 nó ag [email protected]

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland