13 March 2008 Edition
Dualgas ar an Taoiseach an Ghaeilge a chur chun cinn - Ó Caoláin
Dúirt an Teachta Ó Caoláin:
“Tá sé geallta ag an Rialtas sa Chlár Rialtais roinnt nithe a dhéanamh maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Tá dualgas díreach ar an Taoiseach i roinnt de na nithe seo. Mar shampla:
• Comhaontú uile-pháirtí a lorg i gceist athbhunaithe an Chomhchoiste Oireachtais ar an nGaeilge.
• Tacú le hAcht Teangacha a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann mar atá leagtha síos i gComhaontú Naomh Aindriú.
“Cuirim fáilte roimh ráiteas an Taoisigh go bhfuil sé ag leanúint ag tacú leis an Acht Teanga sna Sé Chontae, in ainneoin cur i gcoinne na naontachtóirí.
“Tá aontas idir na páirtithe san Oireachtas chun an Comhchoiste an Oireachtais ar an nGaeilge a athbhunú agus ba chóir don Taoiseach agus don Aire Ó Cuív dul ar aghaidh le sin.”