Top Issue 1-2024

13 March 2008 Edition

Resize: A A A Print

Caith Lile na Cásca

Rinne Cumann na mBan Lile Na Cásca a dhearadh i 1925.  Ba í an fheidhm a bhí leis ná airgead a chruinniú do Cheiste Cleithiúnach na bPríosúnach Poblachtánach agus aitheantas a thabhairt don íobairt a rinne mná agus fir in Éirí Amach 1916.  
Bliain ina dhiaidh sin bunaíodh Coiste Cuimhneacháin Lile na Cásca agus bhí an coiste sin ag feidhmiú go dtí 1965.  Ba í Sighle Humphreys duine de bhunaitheoirí an choiste.  
I dtús ama bhí an lile lámh-dhéanta ag poblachtánaigh a chuir iad féin i mbaol ollmhór nuair a bheadh siad á dhíol ar fud na tíre.  Anuas tríd na blianta gabhadh, rinneadh ionsaí, cuireadh i bpríosúin agus rinneadh díbliú ar chuid mhór poblachtánaigh as chuimhneacháin a dhéanamh ar chuid fear agus ban Éirí Amach na Cásca.  
Is suaitheantas aontachta fosta atá sa Lile, aontacht idir na traidisiúin éagsúla atá sa náisiún.  Is siombail é don bheocht úr a spreag gaisciúlacht Óglach na Cásca 1916 ar fud an náisiúin.  Tá an siombail ceangailte leis an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath mar gheall ar na bláthanna séasúracha a bhí sna tithe pobail ag an am.  
Baintear úsáid as an bhláth bán seo, an lile ag tórraimh mar shiombail athshlánú an anama i ndiaidh bháis an duine.  Go dtí an lá atá inniu ann tugann poblachtánaigh ómós don íobairt ghaisciúil a rinneadh i 1916 nuair a chuaigh baicle beag d’Óglaigh na hÉireann ar bheagán airm chun comhrac in aghaidh Airm neartmhar cumhachtach na Breataine agus léirigh siad os coinne an tsaoil, i bhfocla Phádraig Mac Piarais gurb “Éire gan saoirse Éire gan síocháin”.  
Sa lá atá inniu ann caitheann poblachtánaigh an Lile ina n-onóir siúd uile a thug a mbeatha ar son saoirse na hÉireann i ngach tréimhse den choimhlint armtha lena n-áirítear an tréimhse is deireanaí ó 1969 go dtí blianta Phróiseas na Síochána.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland