Top Issue 1-2024

28 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Athbheochan na Gaeilge

Tháinig baill d’eagraíochtaí ghluaiseacht na Ghaeilge as gach cearn den tír, tháinig siad le chéile i nGaillimh an deireadh seachtaine seo caite le haghaidh Tóstal na Gaeilge.
Ní raibh an freastal thar moladh beirte, mar sin féin ba chóir go mbeadh Comhdhail Naisiúínta na Gaeilge sasta go leor leis na cainteoirí, agus na hábhair cainte a bhí suimiúil agus curtha ós ár gcomhair go proifiúsanta – ba léir go raibh sár obair déanta san ullmhúchan ag na cainteoirí. Phléigh gach duine acu gné faoi leith den athbheochaint nó a mhalairt faoi na téamaí, An Ghaeltacht, An Ghalltacht, Gaeilge i measc ghnathdaoine, ins na Meain, i gcursaí Oideachais agus i gcursaí Gnó.
Bhí gach uile chainteoir ag díríu méir ar na Ranna Rialtais agus a lochtú faoin easpa dul chun cinn sa Teanga agus go háirithe An Roinn Oideachais AKA The Murder Machine nó an ‘serial killer’, an leasainm a chuala mé ó dhuine amhain, ag marú na Gaeilge ins na scoileanna agus na Colaistí  sa tír.
Bhí roinnt de na cainteoiri an éifeachtach agus chaithfeá aontúí len a dtuairaim go bhfuil an Rialtas ag teip ar dhul i ngleic le cúlú na Gaeilge sa Ghaeltacht mar nach bhfuil an toil ag na polaiteoirí dul; i ngleic leis an fadhb.
Labhair Tadhg Ó hIfearnáin as Ollscoil Luimnigh fán Ghaeilge i measc na gnáth dhaoine.  Liostáil sé na príomh spriocanna riachtanach san athbheochaint ach níor luaigh sé conas a dheanfaí an cur chuige chun na spriocanna a bhaint amach.
Na ceisteanna agus na fadhbanna a luaigh gach uile chainteoir, tá siad comh sean leis an cheo agus b’iad sin na fadhbanna céanna a bhí ann nuair a bhunaíodh Conradh na Gaeilge , nuiar a cháin Mac Piarais The Murder Machine i dtús na 20ú Aoise.
Mhol ball amháin a bhí i lathair go gcaithfimid a bheith réabhlóideach i ngluaiseacht na Gaeilge, cur in aghaidh náimde ata ag cur bac ar an athbheochaint.
Tá náisiúin eile ar fud an domhain níos fuinniúla, níos urranta faoin a dteanga agus tugann siad tús áite dó.
Iad siúd a bhí cruinithe le chéile ag Tóstál na Gaillimhe ba mhaith an chuideachta iad agus beidh siad ag súil leis an chéad Tóstal eile i nGaillimh sa bhliain 2010 agus beidh deireadh seachtaine saor le ólachan ragairne agus bladarail go dtí trí trí a chlog ar maidin.
Idir an da linn beidh teacht le chéile ag Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge agus Árd Fheiseana éagsúla ar feadh cúpla bhliai. Beidh a bhfeachtas fein ag gach ghrúpa agus beidh go loer ólachan agus bolscaireacht ag na deireadh seachtaine agus beidh ar an gnathdaoine an cáin a íoc agus
déanfaidh gach duine dearmad ar gach rud go dti an bhliain seo chugainn.
Cén fath gur chaitheann na meáin Ghaeilge leath a háma ag caint faoin teanga agus conas gur féidir linn í a shábháil agus  í ag laghdú an tám ar fad.
Ar aon nós caithfidh mé dul agus mo sicín agus mo phrataí rósta a ithe agus siúl timpeall an chlós le mo chailín chara Regina agus b’fhéidir go mbeidh mé saor luath go leor agus beidh craic againn ansin.

Foclóir

athbheochaint...revival
gluaiseacht...movement
gnathdaoine...average punter
ag díríu méir...pointing the finger
leasainm...nickname
ollscoil...university
spriocana...objectives
naimhde...enemies
ceo...fog
cuideacht...company


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland