Top Issue 1-2024

21 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

ÉALÚ

Is fada an lá ó scríobh mé alt i gcóir an pháipéar agus é lán le bolscaireacht – tá mé ag tógáil sos ón chnagchóicín faoi choine leathuair a chloig agus tá mo hata tuí agus mo bhandána crochta ar an falla.
Thaitin An Phoblacht go mór liom nuair a bhí sé lán le ‘War News’ agus scéalta faoi na Sasanaigh ag tochailt suas urlár cistine  mná boichte éigin in iarthar Bhéal Feirste agus í le deichniúr páistí. Agus tuairiscí de leaids óga le cótaí glasa agus culaith spóirt Adidas orthu agus iad ag láinseáil ionsaithe ar na píléirí rua agus tarracóir lán le net nitrate agus buamaí á ndéanamh sa scioból; agus Gearóid Mac Adaim nuair a bhí gruaig dhubh air agus Danny Morrison agus a bhosca ballóide agus an gunna (cá gcuirfeadh sé an fón so-ghluaiste dá mbéadh sé fós i réim); agus Tomás Ó Hairtile agus a chóta dufail.
Tá an próiséas síochána imithe ró-fhada - léigh mé scéal le déanaí faoi shaighdiúirí Sasanacha ag cur an méid sin brú ar ghrúpa i ndeisceart Ard Mhacha go raibh orthu éirí as cluiche gailf – fair play do na Sasanaigh a deirim!
Tá beanfhear ar an raidió agus é/í ag caint faoin bhealach ina raibh sé i ngéibheann i gcorp fir agus nár thuig a chomharsana i lár na cathrach a fhadhb agus léim sé ó dhroichead ach bhí an taoide amuigh agus ghlaoigh a chairde ‘Superman’ air i ndiaidh na heachtra sin agus faoi dheireadh bhí air dul faoi scian, a bhí i bhfad níos nimhní ná léim ó dhroichead chun éalú óna phríosún – tá sé ag obair anois mar ‘bhuachailbhean’ i ndeisceart na hÁise agus beidh scuaine tiománaithe tacsaí ó Bhleá Cliath ag lorg a chuid seirbhísí agus ceannóidh siad ba don bhaile agus beidh siad ina laoch thall ansin, agus beidh siad ag moladh dá chairde ar fad ar ais anseo gur áit iontach í chun dul ar saoire – agus fair play dóibh má tá siad sona ach ba chóir dóibh freastal ar chluiche iomána nó troid na coileach a dhéanamh ar an teorainn agus cúpla míle a chailliúint ar an idirlíon i gcluiche pócair le triúr eile ón tSín agus an Astráil agus Abú Daibí, áit a mbíonn Éireannaigh  phósta leis an iomarca airgid agus maróg ag éalú ar a saoire i gcóir ‘vaginal rejuvenation’ nó ‘obráid an bhosca’ i nGaeilge.
Tá saineolaí ag caint faoi Rog agus Drico agus cé chomh hiontach is atá siad mar bhuaigh siad ar an Naimib agus ar an Iodáil agus nach deas na leaids agus iad lán le créitín agus cibé taibléid eile – beidh an chomhairle cathrach ag scaipeadh léirsceála saor in aisce Dé Sathairn nuair a bheidh ar Ross agus Mal agus na guys taisteal ón deisceart trí Shráid Anraoi agus thar an Gresham go dtí Páirc an Chrócaigh i gcóir an chluiche idir an tríú agus an ceathrú foireann is measa san Eoraip.
Cad faoi Hilary agus Barak?
An cuma le haon duine nó an ndéanfaidh sé aon difríocht cén duine saibhir coimeádach a bheidh mar Uachtarán ar na Poncánaigh agus go leanfaidh siad ag déanamh slad ar leath an domhain ag goid ola ón mheánoirthear agus ag cur na mílte míle i gculaith oráiste le slabhraí orthu.
Tá saineolaí den eite dheis ag caint anois faoin bhealach inar chuidigh na Poncánaigh saoirse a thabhairt do Mheiriceá Láir! Tá áthas orthu anocht agus Fidel ag teacht chuig deireadh a réime agus na comhlachtaí móra ag cuimilt a mbos ag comhaireamh an brabúis a dhéanfaidh siad as agus an bealach ina gcuirfear deireadh leis an chóras oideachais agus sláinte ata ag Cúba, agus é níos fearr ná na córais atá againn in iarthar na hEorpa.
Nach bhfuil rud ar bith eile le plé ag na hamadáin ar an teilifís agus ar an raidió ná bheith ag caint faoi thoghchán nach ndéanfaidh difríocht ar bith do thodhchaí an domhain.
Tá mé dul a bhogadh go Cúba sula dtagann na Poncánaigh agus m’ainm a chur ar an liosta i gcóir obráide agus deireadh a chur leis an phríosún i mo chorp – Siobhán.

Foclóir

éalú...escape
bolscaireacht...propaganda
píléirí rua...peelers/ cops
brú...pressure
scuaine...queue
freastal ar...to attend
saineolaí...expert
meánoirthear...middle east
slabhra...chain
toghchán...election


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland