14 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Leacht Mairtín Ó Cadhain

Mairtín Ó Cadhain

Mairtín Ó Cadhain

Labhair Seanna Walsh, Cathaoirleach Roinn an Chultúir, Shinn Féin ag leacht Maitín Ó Cadhain, Coláiste na Tríonóide, 7 Feabhra, agus é eagraithe ag Ógra Shinn Féin Átha Cliath. Seo an méid a bhí le rá aige:

Rugadh Mairtín Ó Cadhain i gConamara sa bhliain 1906. Theagasc sé mar mhúinteoir scoile go dtí gur thosaigh sé ag crochadh thart leis na daoine mí-cheart! Chuaigh sé isteach san IRA agus é ina stócach, ach nuair a d’éirigh sé gníomach ar pholaitíocht na saoirse agus á cheangailt le ceist na teanga, níorbh fhada gur chuir an sagart pharóiste ruaig air agus bhí sé ar an scuaine “dole”.
Bhog sé go dtí Baile Átha Cliath, inar thosaigh sé ag obair mar oifigeach earcaíochta do na hÓglaigh. D’éirigh sé sa ghluaiseacht go raibh sé ar Chomhairle an Airm agus fiú ag phóinte amháin ina Cheann Foirne.
Cuireadh faoi ghlas sa Churragh é ar feadh cúig bhliain, le linn an Dara Cogadh Domhdanda agus theagasc sé Gaeilge agus go leor, leor eile do na céadta cimí sna príosúin leis.
Ach cad chuige go bhfuil Mairtín Ó Cadhain mar abhar na díospoireachta seo anocht? Cad chuige gur roghnaigh muid Mairtín Ó Cadhain le bheith mar ainm-teidéal na léachta seo anocht?
Thuig an Cadhnach an nasc idir gabháil na hEíreann ag Rialtas Shasana agus díbirt na Gaeilge go ceantair iarghúlta agus mar sin féin slánú agus athréimiú na Gaeilge mar chuid lárnach d’ Athghabháil na hÉireann.
Rinneadh ionsaí i ndiaidh ionsaí, iarracht i ndiaidh iarrachta chun an Ghaeilge a mharú thar treimhse cúig chéad bliain de Ghabháil na Sasanach. De réir oifigigh Rialtas na Breataine sa tír seo dá dtiocfadh leo teanga agus cultúr na nGael a bhriseadh agus teanga ‘is cultúir dá guid féin a bhrú isteach, chreid siad go mbeadh sé i bhfad níos éasca Éire a rialadh.
Tá a’ fhios againn gur throid na glúinte fada, fir agus mná na hÉireann thar céadta bliana ach an spreagadh is mó a bhí acúsiúd ná saoirse talúin agus reiligiúin. Níor thuig ach mionlach beag de na ceannairí, i measc na mílte laochra agus tírghráthóirí, go raibh an Ghaeilge bunriachtanach le sochaí úr a chruthú in Éirinn – tar éis do na Sasanaigh imeacht...
Bhí dream thart ar an Phiarsach eolach fán nasc seo idir cóilíneachas agus teanga dúchais agus cultúr. Maraíodh cuid mhór acú le linn Cogadh na nDúchrónach agus Cogadh na gCarad, theith cuid eile acú ar deoraí ar fud an domhain. Briseadh spiorad cuid eile. Ach sna rialtais a tháinig i ndiaidh gur bunaíodh an Saor-stát, ní raibh duine acú le fís ná plean ná aisling chun ceist na Gaeilge a thógáil mar is ceart ná á chur i lár an aonaigh.
Rinneadh taighde síorraí, scríobhadh plépháipéir ‘is leabhair, tugadh dlíthe úra isteach chun ‘an céad teanga oifigiúl’ a chosaint, ach choinnigh an Ghaeilge ag meath de réir a chéile. Thit úsáid na Gaeilge sna Gaeltachta, laghdaigh sí mar teanga teaghlaigh go dtí an lá atá inniu ann agus í i mbaol a báis.
Thuig Mairtín Ó Cadhain an contúirt a bhí ann don Ghaeilge. Bhí sé fíochmhar in a chuid cháintí fán státchóras ó bhun go barr.
Níor ghlac sé leis an phlámás agus na leathscéimeanna airgid a chruthaigh an meon ‘cute hoorism’ idir polaiteoirí áitiúla agus a lucht toghtha. Chonaic sé nár chuidigh na milliúin punt le aisiompú teanga in aon Ghaeltacht amháin.
Dúirt ÓC nárbh fhiú bheith páirteach i rud ar bith in Éirinn nach raibh bainte le ‘Athghabháil na Gaeilge’. Chreid sé go dlúth go raibh dualgas ar phoblachtánaigh bheith ann agus bheith mar cheannairí ann.
Lean sé:
Cad chuige go bhfuil an Ghaeilge faoi ionsaí sa tuaisceart, ar na sráideanna, sna meáin, sa tionól? Cad chuige go bhfuil na modhanna teagaisc is fearr sna gaelscoileanna - an tomoideachais - faoi ionsaí thíos anseo?
Caithfidh an glúin óg dul amach inniu agus eiseamlár Mairtín Ó Cadhain a leanúint ó thaobh an Ghaeilge de, ó thaobh gníomhaíocht phoblachtánachais de, ó thaobh seasamh le cosmhuintir na hÉireann de, ó thaobh feachtasaíocht le haghaidh sochaí úr cothrom agus Gaelach ar an oileán seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland