Top Issue 1-2024

14 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Uaimh Gaelach La Paz

Fágann achan nduine  an nead ám inteacht le dhul na choláiste nó le obair a fháil nó rudaí agus áiteacha úra a fheiceáil.
Is cuimhne liom fhéin agus mé mo ghlas stócach ag fágáil an bhaile don chéad ám agus ag siúl fríd sráideanna Baile Atha Cliath agus an fheartainn ag titim go trom thart fa dtaobh domh agus na carranna ag séidiú a gcuid adharcanna, dhéanfainn rud ar bith le bheith ar ais i mo bhaile dúchais agus trup an fharraige mhór agus an ghaoth ag coinneál achan rud suaimhneach ina dhóigh fhéin. Cha dtig liom a rá go huile agus go hiomlán  gur uaigneas no cumha a bhí orm mar tchífinn agus labhairfinn le daoine a mbeadh ionta uaigneach agus lán de chumha.
Nuair a smaoineann mé siar ar na daoine seo agus na h-aghaidheannai seo tchím iad anseo in go leor áitheacha i measc muintir an brú óige ina bhfuil mé ag stopadh ann.
Fa choinne na daoine seotha cha dtiocfadh leo a bheith in  áit níos fearr nó Brú óige Loki anseo i  La Paz, sean óstan a bhí ann a druideadh síos agus a foscalaíodh go h-úr cúpla blian ó shoin, i ndaire níl ann ach uaimh de sheort, mar go luath agus a théinn tú isteach ann fágann tú an grian do dhiaidh agus taobh istigh de chuig bhomaithe tá tú ag seasamh ag an barr ag comhrá le daoine ón bhaile.
“Caidé a shíleann tú den áit seo?”, arsa mise le cailín as Béal Feirste a shuigh in aice liom, arsa sí agus a cara as Corcaigh, “cha raibh muid taobh amuigh go fóill.”
“Creidim nach bhfuil sibh i bhfad anseo, cúpla uair cosúil liom fhéin”, arsa mise.
Arsa an cailín as Béal Feirste, “ó Dhia, tá muidinne anseo seachtain  má tá muid ann lá, chan tinneas a bhfuil muid ach an craic anseo, cén fáth a mbeithfeá ag iarraidh dul bealach ar bith agus achan rud atá i dhíobháil ort faoi do ghaothann!.
Bhí go leor raithe aici, bhí barúil maith agam cén sort áit a bhí ann.
Cha dtiocfadh liom fhéin a dhath a dhéanamh faoi seo, bhí mé ann ar feadh cúig lá agus bheinn ann go fóill amach ach tharainng ceann de mo chairde mé leis i dtreo Peru.
Mhothaigh mé na gaeil san áit ag comhrá agus ag cogarnaí gur boc óg as Éireann a bhí i gceannas ar an áit, fa choinne tamall fada cha raibh mé fhéin ró chinnte an raibh fírinne ar bith ins an scéal seo, ach na dhiaidh tamaill shiúl fear ard déanta isteach agus a ghruaig gearrtha mar a bheadh sé ag Mohican.
Chan duine dolbha mé fhéin ach dúirt mé liom fhéin caithfidh mé a fháil amach an é atá i gceannas nó an é a leis an áit.
Stap mé é agus duirt mé leis gur mhaith liom cúpla ceist a chur air muna miste leis mar len fhírinne a rá, dúirt mé leis más fíor an scéal é bhi éad orm go raibh fear ar an aois céanna liom fhein ag deanamh go maith!
Lig an fear uadaí gáire mhór amach as a chroí, bhi a fhios agam gur chuala sé na scéaltai céanna ag dul thart  roimhe seo. Ach le scéal fada a dhéanamh goirid Osgar O Ciardha ab ainm dó agus tá baint aige len áit ach tá cúpla cara aige atá mar chuid den bhrú fosta.
 D’inis sé domh gur iar scoláire de Choláiste Eoin é agus gur chaith sé ám ar an Cholaiste i D.C.U ach siocar go raibh sé ag obair le fhéin a chur fríd an choláiste  - idir rud amháin agus rud eile d’fhág sé an cholaiste siocar cursai oibre.
Cha raibh i bhfad ann gur fhág sé Eire mar bhí a fhios aige nach raibh dhath ann fa na choinne.
Bhí sé cleachtaithe ag taisteal agus mar sin de d’imigh sé timpeall na cruinne, thosaigh sé ag obair i mbrú óige agus tamaill na dhiaidh sin bhí sé ag rachtáll ceann!
Shíl mé go raibh saol an mhadaidh bhán aige, ach ag amharc siar ar cha bheinn fhéin abálta a dhéanamh atá a dhéanamh aige. Cha dtéann sé na bhaile ró mhinic mar tá sá na chonaí anseo agus post aige, tá a dlúth cairde uilig sa bhaile agus cairde ar bith  bhuaileann sé leo anseo cha bhíonn siad ann ach fa choinne mí nó cúpla mí ar a mhéid.
Achan lá castar daoine úra air agus bíonn an comhrá céanna aige leo. ach gan seo cha bheadh ám ionta ag an lucht taisteal.
Má ritheann nduine amach as airgead thig leo cúpla seachtain oibre a fháil fa choinne bord agus bia.
Tá a fhios agam fosta gur chur sé fhéin a lámh ina phóca le cuidiú le daoine óga na raibh pingin acu fháil na bhaile!
Ach rud a bhriseann mo chroí agus a chuireann náire orm, cha raibh a fhios agam go dtí go raibh sé ro mhall go raibh Gaeilge binn blasta aige. Dhéanfainn rud ar bith corr uair le comhrá mhaith a bheith agam le duine inteacht mar seo, ach an mhaidin sin sular fhág mé bhí comhrá agam leis, d’fhág mé Loki le mo bholg lén agus mé sásta.
Molaim daoibh atá ag teacht an fhad seo dul chuig an uaimh gaelach seo atá i bhfad ó bhaile – i La Paz, Cusco no Lima. 

Foclóir

uaigneas...loneliness
brú...hostel
iar scolaire...past pupil
uaimh...cave/shelter
dolbha...bold/cheeky
do dhíobhail...all your needs
faoi do ghaothann...under your nose
lan de chumha...full of longing
naire...shame


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland