Top Issue 1-2024

10 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

2008 - Leantar den fheachtas

Bairbre de Brún agus Máire Nic an Bhaird

Bairbre de Brún agus Máire Nic an Bhaird

Le hÉamann Mac Mánais

Sa todhchaí, nuair a scríobhann na staraithe faoin Ghaeilge, beidh 2007 luaite mar bhliain thábhachtach agus bliain chonspóideach.
Tá bliain amháin imithe uainn anois, ach go fóill tá Sinn Féin ag lorg comhionnanais don teanga.
Seo athchoimre bheag ar an mheid atá déanta maidir leis an Ghaeilge, dearfach agus diúltach.
I gcainteanna Chill Rímhinn gheall an dá Rialtas go mbeidh Acht na Gaeilge do na sé chontae. Dúirt siad,
“The Government will introduce an Irish Language Act reflecting on the experience of Wales and Ireland and work with the incoming Executive to enhance and protect the development of the Irish language.”
Leis sin i gcuimhne, b’fhearr d’achan duine a fhios sin a bheith acu.

Cás Mháire
Bhí an reachtaíocht seo de dhíth i ndiaidh na n-ionsaithe ar an Ghaeilge i mbliana, mar shampla; Cás Mháire Nic an Bhaird, muinteoir a bhí os comhair na cúirte de thairbhe gur labhair sí i nGaeilge.
Ag an am, dúirt Bairbre de Brún,
“Níor chóir go mbeadh Máire Nic an Bhaird os comhair na cúirte in am ar bith. Tógadh os comhair na cúirte í de thairbhe gur labhair sí Gaeilge i sráideanna Bhéal Feirste.
“Léiríonn cás Mháire Nic an Bhaird an géarghá atá ann do Acht na Gaeilge do na Sé Chontae. Leanfaidh Sinn Féin leis an fheachtas ar son reachtaíochta láidre a thabharfaidh cosaint cheart do Ghaeilgeoirí.”

Seafóid sa Chomhthionól
Chomh maith leis sin, ag Stormont, léirigh Bairbre déistin faoi ráiteas ón Aire Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí, Michael McGimpsey, go bhfuil sé chun deireadh a chur le fógraíocht agus le heisiúint preasráitis trí mheán na Gaeilge.
In ionad bheith ag lorg tuilleadh deiseanna ag Gaeilgeoirí an teanga a úsáid sa saol poiblí chonaic muid go raibh an tAire Michael McGimpsey ag iarraidh gearradh siar ar sholáthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge.
Sa Chomhthionól fosta, bhí rún a mhol an Feisire David McNarry ag iarraidh cosc iomlán ar úsáid na Gaeilge le linn díospóireachtaí agus roinnt moltaí eile in ainm an DUP ag déanamh ionsaithe ar an Ghaeilge.

An díomá ar Shinn Féin faoi ráiteas Poots
I mí Dheireadh Fómhair, d’fhógair an tAire Cultúir, Edwin Poots, go raibh sé chun deireadh a chur le reachtú Acht na Gaeilge.
Ag an am dúirt Francie Brolly MLA agus Urlabhraí Cultúir an pháirtí, go leanfaidh an páirtí ag tacú leis na héilimh ar son Acht na Gaeilge agus rinne sé tagairt shonrach fosta sa ráiteas don mhéid a bhí i gComhaontú Chill Rímhinn nuair a gheall na rialtais go reachtóidís Acht na Gaeilge.
D’impigh sé ar an Aire cearta na bpáistí sin a chosaint agus cearta d’achan Ghaeilgeoir trí chéile a chur i bhfeidhm.
“Nár cheart go mbeadh eagla choíche ar dhuine ar bith roimh an Ghaeilge. Is linne uilig an teanga,” arsa sé.

Troid dháiríre
Faoi mhaoirseacht Rosie McCorley, thosaigh Sinn Féin troid dháiríre. Ar 1 Samhain 2007, bhuail toscaireacht de chuid Shinn Féin leis an Choimisiún um Chearta an Duine le ceist Acht na Gaeilge a phlé.
Bhí Francie Brolly MLA mar bhall den toscaireacht. Dúirt sé ag an am:
“Le linn an chruinnithe chuir muid béim ar an ghéarghá atá ann le cosaint reachtúil do Ghaeilgeoirí. Phléigh muid Acht na Gaeilge agus Bille na gCeart ar aon.
“Chuir an Coimisiún um Chearta an Duine i gcuimhne go gcaithfear cloí le dualgais idirnáisiúnta. Dúirt siad linn go bhfuil siad tiomanta do chur chuige bunaithe ar chearta ó thaobh na Gaeilge de mar atá ráite i bhfreagra s’acu ar an chomhairliúchán.
Bhuail Sinn Féin leis an Aire é féin fosta, chun na héilimh seo do chách a chosaint; Acht atá bunaithe ar na bunphrionsabail seo a leanas – cearta Gaeilgeoirí ag croílár an Achta, acmhainní oiriúnacha leis an Acht a chur i bhfeidhm agus Coimisinéir na Gaeilge le maoirseacht a dhéanamh ar an Acht.
Ina dhiaidh sin chuaigh 25 duine chuig an Bhruiséil chun cás Acht na Gaeilge do na sé chontae a léiriú.
Dúirt an Seanadóir Pearse Doherty:
“Bhí mé i mbun toscaireachta gníomhaithe Gaeilge ó POBAL, ACHT, Conradh na Gaeilge agus ó fhorais eile ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil chun staid na dteangacha eile ar fud na hEorpa a iniúchadh agus an géargá atá ann reachtaíocht Ghaeilge a achtú do chainteoirí Gaeilge sna sé chontae a phlé.”
Lean sé:
“Tá Acht Gaeilge ceartbhunaithe riachtanach agus gurb é sin an tslí is fearr chun cearta cainteoirí Gaeilge sa tuaisceart a chaomhnú agus a fheabhsú amach anseo. Faraor, tá an deis caillte ag DCAL an lámh a shíneadh amach do chainteoirí Gaeilge sa tuaisceart agus chun ilteangachas agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn ar bhealach atá cuimsitheach agus dearfach.”
Agus ní stopfaidh Sinn Féin ansin; beidh Gerry Adams ag bualadh le hÉamon Ó Cuív roimh dheireadh na bliana seo chun dualgais s’aige a phlé agus tacaíocht s’aige a fháil fosta.

Obair Chaitríona
Chomh maith leis sin, d’oibrigh Caitríona Ruane, mar Aire Oideachais, ar son na teanga go póiblí agus sa chúlra fosta.
Bhí a fhios aici go raibh dul chun cinn thar barr déanta ó thaobh na Gaelscolaíochta de ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann – ar dtús le Máirtín Mac Aonghusa agus anois fán churam s’aici féin.
Bhí sé mar príomhchúram aici a chinntiú go raibh scolaíocht den chéad scoth ag achan pháiste. Tá líon na dtúismitheoirí atá ag roghnú Gaeloideachais ag méadú an t-am ar fad. Dúirt sí leis na tuismitheoirí sin go dtig leo bheith cinnte go bhfaighidh siad an t-oideachas is fearr is féidir linn a thabhairt dóibh.

Ceiliúradh
Mar fhocal scoir agus i ndiaidh na n-ionsaithe a bhí ráite chonaic muid le Ceiliúradh na Gaeilge i Mór-Halla Stormont urraithe ag Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh, MP MLA le Des Bishop agus Frances Black i láthair.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Mac Ádhaimh fá dtaobh den imeacht:
“Amharc orainn anois, ag baint sult agus craic as - ag ceol agus ag rince faoi scáth dhealbh Craigavon!
“Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge le roinnt blianta anuas.
“Is ón ghnáthphobal a tháinig an spreagadh agus an dul chun cinn seo, agus ba é díogras na múinteoirí, na dtuismitheoirí, gníomhaithe teanga agus cuid mhór daoine eile a choinnigh an Ghaeilge beo leis na blianta.
“Go raibh maith agaibh as bheith dílis don Ghaeilge agus as bheith ag obair go crua ar son na Gaeilge thar na blianta fada.
“Tá mé ag smaoineadh go háirithe ar dhaoine ón Ardscoil agus Cumann Chluain Ard agus níos déanaí muintir Bhóthar Seoighe – a spreag Bobby Sands chun litir a scrióbh níos mó ná tríocha bliain ó shin faoi bhunú Gaeltachtaí ar fud an tuaiscirt.
“Lean na daoine seo leis an obair, ag cur na Gaeilge chun tosaigh agus á coinneáil beo.
“Mar sin de, beidh Acht Gaeilge againn, níl a fhios agam cá huair ach beidh. Leanaimis ar aghaidh.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland