29 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ag neartú na Gaelscolaíochta

le hÉamann Mac Mánais
 
Bhí Comhdháil Bhliantúil agus Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. i Luimneach ar na mallaibh, 16 Samhain. Ag Neartú na Gaelscolaíochta téama na Comhdhála agus ba é an tAire Oideachas Caitríona Ruane aoichainteoir na comhdhála.
Sa leacht dúirt Caitríona, “Tá dul chun cinn thar barr déanta ó thaobh na Gaelscolaíochta de ó aontaíodh GFA ar dtús le Máirtín Mac Aonghusa agus anois faoin chúram s’agam féin. Tá athbhreithiúnas faoi lán seoil ar Ghaeloideachas. Tá sé mar príomhchúram agamsa a chinntiú go mbíonn scolaíocht den chéad scoth ag páistí sa chuid thuaidh den tír. Tá líon na dtúismitheoirí atá ag roghnú Gaeloideachais ag méadú i nrith an ama. Tá mise ag rá leis na tuismítheoirí sin go dtig leo bheith cinnte go bhfaighidh siad an t-oideachas is fearr is féidir linn a thabhairt dóibh.
“Freastaíonn mo chuid páistí ar bhunscoil iontach, agus ba é an gaeloideachas mo chéad rogha mar baineann ár mbunscoil leis an phobal uilig, is rud pearsanta í, tá caidreamh mór agam leis na muinteoirí agus tuigim go bhfuil gá ann glúin ilchultúrtha a chruthú in Éirinn.”  
Dúirt sí fosta go raibh an-rath ar athbheochan na Gaeilge,
“Tá bunscoileanna agus naíscoileanna á mbunú ar fud na sé chontae go minic fosta agus is rud iontach é sin. Ba chóir dúinn cearta na scoileanna sin a chosaint. Tá rudaí le foghlaim againn ón chuid seo den tír agus ó na sé chontae chomh maith. Táim den bharúil fosta gur chóir dúinn labhairt le chéile fud fad an oileáin chun córas oideachais den chéad scoth a chur i bhfeidhm agus gur chóir go mbeadh breis comhoibrithe thuaidh/theas ar cheist na gaelscolaíochta/an oideachais. Cuirim fáilte roimh an chruinniú eagraithe in UCG na Ceathrún Rua agus an teagmháil le hÉamonn Ó Cuiv agus an t-athbreithniú atá ag tarlú.”
Rinne sí cur síos pas mion ar an North South Ministerial Council fosta,
“Sa Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) táimid ag cur cheist na Gaeilge ar bharr an chláir. Ach tá tuilleadh le dhéanamh. Bíonn roinnt baill tionóil ón Pháirtí Aontachtach Daonlathach agus ó Pháirtí Aontachtaithe Uladh ag déanamh ionsaithe ar an Ghaeilge ar bhonn laethúil anois fosta agus táimid ag lorg chothrom na féinne ansin. Cloistear moltaí ó Aontachtaithe ag déanamh faillí ar an Ghaeilge achan seachtain sa tionól.”
Ó thaobh tumoideachais de, thug Caitríona tacaíocht don fheachtas ar son luath-thumoideachais;
“Ba mhaith liom labhairt go láidir ar a shon. Ní dóigh liom féin go mbeidh deireadh leis seo go ceann tamaill bhig. Tá argóint mhór chasta ann agus ní dócha go bhfuil duine ar bith sásta cúlú ón chath seo. Tá buntaistí ag tumoideachas ar fud an oileáin agus anonn, ó thaobh bhuntáistí an churaclaim, buntáistí cumarsáide, bun­áistí cultúrtha, buntáistí cognaíocha, buntáistí carachtair agus bun­áistí airgid de.”
Chomh maith leis sin dúirt an tAire, “Tá rudaí ag forbairt agus ag neartú ar fud na tíre; tús maith leath na hoibre ach tá tuilleadh le dhéanamh. Ach bígí cinnte faoi seo; tá an Ghaeilge agus gaelscoileanna slán sábháilte. Mar a dúirt me roimhe táim cinnte go bhfuil neart oibre le dhéanamh ach as lámha le chéile beidh an rath orainn.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland