22 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Sóisialachas ar an tSlí ar Ais?

Eamonn Gilmore

Eamonn Gilmore

le Peadar de Bluit

Tá sé mhí imithe uainn anois, ach go fóill tá daoine ag déanamh measúnú mórchúiseach ar an olltoghchán deiridh. D’fhéadfadh duine ar bith a dhéanamh amach maidin an chomháirimh nach toghchán maith a bhí ann do pháirtithe naheite clé, nó na páirtithe beaga i dTeach Laighean. Laethanta agus seachtainí ina dhiaidh sin dhein na comhfhreagraithe polaitiúla measúnú ar na cúiseanna éagsúla ar éirigh go maith le grúpaí áirithe, agus cén fáth nár éirigh chomh maith le grúpaí eile. I gcoitinne bhí tairbhe ag baint leis an mheasúnú céanna i dtosach ach, mar a dúirt mé, sé mhí níos déanaí, tá sé díreach thar fóir. Tá rialtas nua againn agus go leor botún déanta acu cheana. Tá sé in am dúinn uile bogadh ar aghaidh ón dtoghchán agus obair linn.
Mar is eol dúinn féin táimidne sa pháirtí seo i mbun an taisc sin faoi láthair. De réir dealraimh áfach tá Páirtí an Lucht Oibre tar éis tosú air chomh maith. An deireadh seachtaine seo caite bhí comhdháil mhór ag Páirtí an Lucht Oibre i Loch Garman. Ba í an chéad chomhdháil ón toghchán, agus an chéad chomhdháil faoi ceannaireacht Eamonn Gilmore. Ba léir ón atmaisféar, sular thosaigh an chomhdháil fiú go mbeadh bealach nua in ann don pháirtí agus iad ag dul ar aghaidh. Le tamaill anuas bhí roinnt athruithe feicthe i dtaobh Pháirtí an Lucht Oibre. Bhí, mar a dúirt mé, ceannaire nua acu, bhí an gaol le Fine Gael ábharaín beag níos fuaire, agus bhí siad tar éis comhoibriú linn féin chun suíochán Seanaid sa bhreis a fháil dóibh féin, ag am nuair a bhí an uile dhuine ag fógairt nach rachaidh siad gar dúinn. Atmaisféar éagsúil a bhí ann gan dabht ar bith.
I rith an deireadh seachtaine bhí roinnt mhaith rún suimiúil a ritheadh ag an gcomhdháil. B’fhéidir an tarlú ba thábhachtaí ar fad toil na n-ionadaithe a bhí i láthair iad féin a gealladh do choincheapanna Sóisialacha athuair. Clúdaíodh roinnt rún ‘dearg’ ag an deireadh seachtaine. I measc na rún sin bhí ceann ag iarraidh go n-athrófar teideal an pháirtí, ó pháirtí daonlathach sóisialach, go páirtí daonlathach le luachanna sóisialta. In ainneoin óráidí paiseanta, bríomhara ó chainteoirí cáiliúla sa pháirtí, theip go hiomlán ar an rún.
Chomh maith leis sin bhí moladh ann ‘An Bhratach Dhearg’ a ghlacadh mar amhrán an pháirtí, agus ar ndóigh ritheadh an rún sin. Chomh maith leis sin tá sé réitithe acu anois go mbeidh comhdháil iomlán acu gach bliain, in ionad gach re bliain mar a bhí go dtí sin. Beidh le feiceáil an gcruthóidh sin aon difiríocht ina measc. Ní chiallaíonn sin áfach go bhfuil ré nua in ann don sóisialachas i bPáirtí an Lucht Oibre.
Feictear dóibh siúd lasmuigh den pháirtí áfach, go bhfuil sruth coimeádach fós ina measc. Tá seo le feiscint ón chinneadh a tógadh maidir leis an chonradh Eorpach atá ag teacht inár dtreo go luath.
Mar sin tá muintir an lucht oibre tar éis an ghruamacht toghchánaíochta a shárú. Tá siad diongbháite ag an bpointe seo dul ar aghaidh ina n-aonar gan aon chomhghuaillíocht ná socrú vótála. An bhfuil an ceacht foghlamtha áfach. An raibh an teachtaireacht ón toghchán deireanach sách ard dóibh le cloisteáil. Tá an lár polaitiúil sa tír seo plódaithe go hiomlán, níl spás dá thuilleadh grúpaí an spás sin a glacadh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuilimidne tar éis an méid sin a thuiscint ach beidh le feiceáil go fóill an bhfuil sin soiléir do Pháirtí an Lucht Oibre. Is dóigh liom féin go bhfuil todhchaí na polaitíochta ó dheas ag éirí níos suimiúla gach uile lá. Leis an Choradh Eorpach an bhliain seo chugainn, agus na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ina dhiaidh sin ní bheidh mórán ama suí timpeall anois. Tá cath amuigh le buachaint, agus mar sin ar aghaidh linn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland