15 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Aoíchaint an Aire

Caitríona Ruane

Caitríona Ruane

le hÉamann Mac Mánais

Beidh an tAire Oideachas Caitríona Ruane pairteach i gComhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO ar an Aoine beag seo, 16 Samhain i Luimneach.
Ag caint roimh an diospoireacht dúirt sí:
“Tá dul chun cinn thar barr déanta ó thaobh na Gaelscolaíochta de ó aontaíodh GFA ar dtús le Máirtín MacAonghusa agus anois fá churam s’agam féin. Tá athbhreithiúnas faoi lán tseoil ar Ghaeloideachas. Tá sé mar príomh-chúram agamsa cinntiú go mbíonn scolaíocht den chéad scoth ag páistí fud fad an tír.
“ Tá líon na dtúismitheoirí atá aga roghnú Gaeloideachais ag méadú an t-am ar fad. Tá mise ag rá leis na tuismítheoirí sin go dtig leo bheith cinnte go bhfaighfidh siad an oideachas is fearr gur féidir linn a thabhairt dóibh.
“Is deis iontach é seo chun bualadh le chéile arís agus rud beag gnó a dhéanamh chomh maith.  Beidh mé ag insint do na toscairí go bhfuil rudaí le foghlaim ó dhaoine fud fad an oileán chun córas oideachais den chéad scóth a chur i bhfeidhm agus gur chóir go mbeadh  breis chomhoibrithe thuaidh/theas ar cheist na gaelscolaíochta/ an oideachais.  Ní neart go gcuireann muid le chéile.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland